Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 58

‘Maith amh, a inghen’, ar Cúchulainn, ‘is cóir dhamhsa dol leis na rideribh eile so go hEirinn’.

‘Nocha tteighirse léo’, ar si, ‘no go gcenglarsa cró cadat & caradraidh eattraibh uile, ionnus nach cuirfedh fir an domain a gcenn a cheile sibh dochu comhraic no comhlainn, ar ní baoghul daoibh nech oile isan doman dabur mbáoghlugudh muna ttiasar úaibh fein fribh. Agus is iad so gesa fágbhuim orruibh .i. mas é anti is ferr aguibh iarrfus comhrac


p.140

ar an tí bhus mesa gomadh é an ti bhus ferr chlaoifidhear. & mur an gcetna dontí bhus mesa, da n-iarrfadh comhrac aran tí bhus ferr; & ná téighedh nech aguibh tar na fágbala soin’.