Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 56

Is ann soin do iathadh Cúchulainn a dhá laimh & a dhá chois timchell an droichit, ocus do leíg fáon fortharsnadh ar an droichet é, & do ghabh an chaillech ag toirnchleas go gairbh ainiarmurthach ar alt a dhroma & ar a chosaibh & ara lámhaibh, go ngeoghoin & go ngoirtedh go mór é, & 'ar ndol thairis don chailligh, do ling an-airde go hétrom etairbuasach, & tuc beim don chailligh ar ndol tairis, lear' bhen a cenn da coluinn, & fa maith an marbadh dorinnedh Cúchulainn annsoin .i. Eisin cninne.