Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 53

Ro cheiliubhair Cúchulainn don inghin iar sin, & fa dubhach dobronach dobhí sí an lá soin 'ar ndealugudh Con- culainn riu. Gidh edh Cúchulainn féin, fa himsniomhach leis a mhenma ag techt an slighe an lá soin sech gach lá, nogo rainigh go drochet na n-alt, & do connairc an turcharthach urbhadhach athduamur iongantach anaithne fan chenn aile don droichet .i. caillioch ard anadhbadh, & athchlasg iarnaidhe iona laimh iona raibhe medhláin glaice d'iaronn aithleagtha.