Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 48

Agus do ghlúais Cuchulainn roimhe 'arnamharach d'ionnsaighe droichit na n-alt, & is amhlaidh do bhí Sgathach antan-sin, & í iona clíabh clis, & níor' mhothaigh si Cúchulainn uaisde & cloidhemh urnocht iona laimh, & do chonnairc sí taithnemh agus taidhlech an chloidhiomh idir í & léas, & fillios Sgáthach ar sesárd a ghualann, & is edh ro ráidh: ‘Crét soin, a Chuagain?’ ar sí.

‘Maith leam’, ar Cuchulainn, ‘bás & ég d' imirt ortsa’.

‘Is ferr m 'anacol’, ar Sgáthach, ‘& comthaigh maithe d' faghail uaim’.

‘Créd iad na comhthaigh?’ ar Cúchulainn.

‘Na comhthaigh is áil leat féin’, ar Sgáthach.

‘Is edh onn’, ar Cúchulainn, ‘na trí cleasa ata ugad nach tucuis do duine riamh romham, & cardes do sliásda, & inghean fós’.