Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 45

‘Olc ort do chlé & do chol duabhais, a silide siabhartha searguithe!’ ar sí. Is ainfial dhuit bainecht do dhenamh, agus {MS folio 48a}d'féaduis mise do chor slán uaít & gan mo threighdedh go mór mur sin.

‘Is ferr leam do chor amhlaidh sin uáim’, ar Cúchulainn, ‘ar go madh moide a tháir & a tharcuisne dhuit é.’

‘Do maithfinn dhuit anóis’, ar an inghen, ‘an gortugudh adhbulmhór tucuis orm, & gan mo chor asan iomdaidh anocht’.

‘Is a n-óirchill d'fasdadh do bhios’, ar Cuchulainn, ‘& nocha n-anfair annso anocht’.

‘Do bhráithfinnse comhthaigh maithe dhuitsi’, ar an inghen, ‘& gan mo chor uait anocht amáin, ionnus go ttiubra mo mháthair dhuit na trí cleasa ata aice nach tuc d'aonduine riamh .i. cleas Cuair & cleas Cait & cleas ocht uisgé’.