Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 33

Agus ro an féin 'san tigh an oidhche sin, & tainich roimhe 'san maidin arna mharach go dorus an grianán ana raibhe Sgathach, & d'fíafraigh an raibhe Sgáthach ann.

‘Crét soin, a macaomh?’ ar Sgáthach.

An mhét do sétuibh & do mhaoínibh & d'ionnmhus macraidhe an domain atá agadsa gan tabairt dóibh atáimsi d'iarraidh ort anois.

‘A macaoimh óig’, ar sí, ‘is iomdha deghlaoich annso dana chóra sin sin d'iarraidh & do dhíoghailt ioná thúsa’.

‘Ní thainich díobh e’, ar Cúchulainn, ‘& is diomsa thig a dhioghailt & a iarraidh’.