Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 32

Dala an bhiorchleasa, ní frith ag Uathaigh na ag Sgathaigh na ag Aoífe, né ag Abhlaigh, na ag bainrioghain Tíre an tsnechta, na ag Eisín Chinne, na ag ridere no ag bainridere ttá7 ttainich riamh foghluim an bhiorchleasa do dhenamh no go ttainig Cúchulainn, & do diubhracadh fo thri amhlaidh sin é, & 'na dhíaidh sin thainig luinne Conculainn risna bearrthoiridhe, & do ghabh armgaisge, & do ghab aga marbadh & aga miochóruighedh, gur bhean a gcinn díobh go huilidhe, gur chuir fur dhorsaibh an dúini íad fa cosaibh na sluagh & na sochaidhe ionnus go madh moíde a ngráin & a n-egla re cách é, & ro thuitedur na trí chaogad curadh cruadhchalma do bhí fá chomhair an doruis ag Sgáthaigh ris mur an gcétna.