Is annsoin thainic cethrar Eirennach {MS folio 46a}dobhí san mbáile dá bfghluim chuige, & tugsad póga íomda do, & do bhadar ag fiafraighe sgéal a ttíre & a ttalman féin dé, & ro fiafraigh seisen sgéala dhíobh-san mur an gcétna.
Máith amh, a óga, ar Cúchulainn, cá foghluim dona cleasaibh goile & gaisge doníther libh san mbliadain?
Doníther linne, ar síad, droichitt na n-alt.
Cá fád bíthidh da foghluim ar Cúchulainn?
Foghluim raithe & miosa & bliadhna & trí lá & tri n-oidhche.
Maith ámh a óga, ar Cúchulainn, an ttiubhra sibh eolus dhamhsa air?
Truagh sin, a macaóimh, ar síad, ca tarbha dhuitse sin nogo raibhe Sgáthach da thegasg dhuit féin & do chách eile.
Is maith lem a feicsin, ar se.