Iar soin do ghabh ag agallmhadh Chonaill & Laoghaire Buadhaigh, & adubairt: Tigedh nech éigin agaibh do dhenamh an chlesa úd, a óga, ar si.
Cia uáinn rachus da denamh? ar síad. An fer is uaisle don tríar atatháoi, ar si.
Agus adubhradur san gur'b é Conall Cernach mac Aimergin duine dob uaisle & dub urrumhanta díobh, & adubradur ris dol d'fuabairt an chlesa ar thús. Acht chena ger budh láidir a lámh & gér' budh cruadh a chroidhe, & gér'bhudh dírech a dhiubhracadh, & gér' budh leadurthach lúathghoinach ar bhiodhbhiodhuibh é, nír fét an cles do dhenamh.