Corpus of Electronic Texts Edition
The Training of Cúchulainn (Author: unknown)

section 4

Thainig an ingen rempa amach an lá soin, & do ghabh ag denamh a cles goile & gaisge iona bfiadhnuise, oír is meinic leis na hoideadha techt mur sin lé diamhair a gcles ngoile & ngaisge do lathair na ndaltadha do thig dá n-ionnsuighe ó criochaibh imchiána, & is é cles do ro ghabh an ingen an lá soin


p.112

dona hógaibh, óir tugadh slegh choigrinne do hionnsaighe & do sáith a crann a ttalmhain & a rin[ncaron] áithgher ailtnidhe ós a cionn go direch, gur ling iar soin an bhandráoi a n-aírde san aedheór3 & do leíg anuas doridhise, gur léig a hucht & a hurbhruinne ar rinn na slegha slinngheíre, & ní tug tolg 'na hearraidhe na iona headach, & dobhí a bfad 'na comnaidhe ar rinn na slegha mursin.