Corpus of Electronic Texts Edition
The Death-Tales of the Ulster Heroes (Author: unknown)

tale 2

Version B

From MSS 23 G 21, p. 140, and 23 B 21, p. 174 (RIA)

Ag so síos do bhás Cheit mic Mághach.

¶1] Ba tréinfear an Ceat so & fa biodhbha biothfoghlaidh air Ulltaibh é feadh a ré. Lá n-aon dá ndeachaidh an Ceat so a nUlltaibh ag deanamh díbfeirge amhuil fá gnáith leis go ttárla sneachta mór fán am sin ann; & ag tille do & trí ceinn laoch air gad aige do marbadh leis 'san turras208 sin, thig Conall Cearrnach air a lorg gur chuir fá ghreim é ag Áth Cheat, gur chomruic siad le chéile, gur thuit Ceat 'san chomhlann & gur tromghoineadh Conall féin, gur thuit a néal air an láthair iair ttréigion iomaid fola do. & leis sin tig Béalchú Bréifne, tréinfear eile do Chonnachtaibh do láthair. Mar fuair Ceat marbh & Conall a ccrothaibh báis adubhairt gur mhaith an sgéal an dá onnchoin sin dá ttáinig aighmhille Éireann do bheith isna hannrachtaibh sin.

¶2] ‘As fíor sin,’ air Conall, ‘& a ndíol a ndearrna mise d'ulc air Chonnachtaibh riamh marbh-sa me!’ As uime adubhairt Conall sin do brígh go madh fearr leis ná flaithios Éireann laoch eigin eile209


p.42

ghoin ionnus nach beth clú a mharbhtha air aonlaoch amháin do Chonnachtaibh. ‘Ní mhuirfid,’ air Béalchú, ‘oir as geall re bheith marbh dhuit an riocht ina bhfuile. Gidheadh, béar liom thú & cuirfead leighios ort & más téarmóidh210 ód othrus211 duit, do dhéan comhrac áenfir leat go ndíoghaltar liom ort gach dochar & gach díth dár himreadh leat air Chonnachtaibh.’

¶3] Agus leis sin cuirios iomchar faoi & beirios leis dá thig féin é, gur chuir leighios air ann go beth dá chréachtaibh cneasda. Mar do mheas umorro Béalchú eision ag tearnó & a neart féin a teacht arís ann, do ghabh eagla ré Conall é & ollmhuighthear triur laoch da chlainn ré Béalchoin re marbhadh Chonaill tré feall 'san oidhche air a leabaidh. Gidheadh, fuair Conall dóigh air chogar212 na ceilge sin, & an oidhche do bhí a bharra213 fán ccloinn teacht ag déanamh na feille, adubhairt Conall le Béalchoin go ccaithfeadh malairt leaptha d' fághail uaidh no go muirfeadh. & leis sin luigheas Béalchú gér leisg é a leabaidh Chonaill & do luigh Conall ina leabaidh sin, go ttángadar an triur laoch sin fá chlainn do Bhéalchoin d' ionsuighe na leaptha ina mbíodh Conall, gur mharbhadar a n-athair a riocht Chonaill.

¶4] Mar do mhoithigh Conall iad sin iar marbhadh a n-athar ina riocht féin, do ling ortha & marbhthar leis iad a ttriur & díthcheanntar leis iad mar aon lena n-athair, go rug airnamháireach a ccinn dá ccomh-mhaoidheamh go hEamhuin. Gonadh ag muidheamh an ghníomha sin atá an file 'san rann so:

    1. Fá do chearrdaibh Conaill Chearnaigh
      ionnradh Manann, mór an modh,
      is goin trí mac Béalchón Bréifne
      iar ngoin214 athar215 na ttrí ccon.
Gonadh é sin marbhadh Ceit mic Mághach & Bhéalchon gona thriur mac go roich so; gidheadh as iomdha éacht adhbhal eile do féadfaidhe do chomhmhuidheamh air Chonall fuigfiom don chur so gan cur síos ann so.