¶1] File imoro do bhí aig121 Conchubhur dá ngoirthidhe122 Aodha mac Aininn; & do ligheadh air Mhaghán bean Connchubhuir é: & air na fionnachtain sin do Chonchubhar as í breith rug air a chur123 dá bháthadh go Loch Laoghaire; & tangadar drong ris air fógradh an ríghe gusan loch dá bháthadh; & air na faicsin sin do reachtaire Laoghaire Bhuadhaigh tét go Laoghaire & adúbhairt nách raibh áit a nEirinn ina mbáithfidhe an file acht ina dhoras-sin; leis sin loingios Láoghaire amach & tarla fárdhorus an tighe re cúl a chinn gur bhris a seicne & gur fóireadh an file leis, & éagas féin air an láthair sin: gonabh í124 sin Críoch Láoghaire Bhuadhaigh.