¶1] Bái mesca mór for Ulto fecht n-and i nEmain Macha. Do-curidar didiu immarbága móra & comrama eturro .i. etir Chonall & Coinculaind & Lóegaire. Tucaid dam-sa ar Conall inchind Meissgegra co ro-acilliur ócu na comram.6 Ba bés d' Ultaib ind inbaid sin cach curaid nomarbdais ar galaib óenfir nogatta a n-inchind assa cendaib & commesctha áel airthib co ndénad líathróite crúade díb. Ocus intan nobítis i n-immarbáig nó chomramaib dobertis dóib co mbítis inna lámaib.
¶2] Maith, a Chonchobuir, ar Conall, na co ndernat óic na comram écht fón innas-sa ar galaib7 óinfir, nídat túalngi comram frim-sa. Is fír ón, ar Conchobur.
¶3] Doratad íarum forsin forud fora mbíd dogrés ind inchind. Luid cách a lethi arnabárach dia cluchiu. Dolluid dano Cet mac Matach do chúairt ectra la Ulto. Béist ass andsam robói i nHérinn in Cet. Ised dolluid-side dar faidchi na hEmna & tri láechcind leis do Ultaib.
¶4] Intan bátar na ónmite 'co cluchiu do inchind Meisgegra, issed atbert ind ónmit fri araile. Rocluinedar Cet aní sin. Ethaid side in n-inchind al-láim indala n-ái & berid leiss, ó rofitir Cet robói i tarngere do Messgegra a dígail iarna écaib. Cach cath & cach irgal nobíd do Chonnachtaib fri Ulto dobered Cet in n-inchind inna chriss dús in tetarthad écht n-amra d' Ultaib do marbad di.
¶5] Fecht and didiu dolluid-seom intí Cet sair co tuc tánai mbó a Feraib Ross. Donarraid i n-íarmóracht Ulaid ina diaid. Doriachtatar dano Connachtai dond leith aile dia thessarcain-seom. Fechair cath eturro. Dolluid Conchubur féin issin cath. Conid andsin gádatar mná Connacht do Conchobur tuidecht for leith do déscin a delba dóib. Fobíth ní rabi for talmain delb duini amail deilb Conchobuir .i. etir chruth & deilb & dechelt, etir mét & córe & cutrummae, etir rosc & folt & gile, etir gáis & álaig & erlabra, etir erriud & áne & écosc, etir arm & immad & orddan, etir gnáis & gaisced & chenél. Nírbo lochtach tra intí Conchobur. A comairli immorro in Cheit rogabsat na mná ailgis do Chonchobur. Luid íarum for leth a óinur dia déscin dona mnáib.
¶6] Dolluid Cet immorro co mbúi etir na mná immedón. Nos-indlethar Cet inchind Mesgegra isin tábaill & nosteilc conidtarla i m-mullach Conchobuir co mbátar a dá trían inna chind & co torchair-seom isa cend8, co tarla fri lár.9 Focherddat Ulaid chuci10 conidrucsat ó Chet. For brú Átha Daire Dá Báeth is and dorochair11 Conchobar. Atá a lige and12 baile i torchair & corthe fria chend & corthe fria chossa.13
¶7] Maidid tra for Connachta14 co Sciaig15 Aird na Con16. Dobertar Ulaid sair doridisi17 co Áth Daire Dá Báeth. Mo18 brith-se ass! ar Conchobur. Dobér ríge nUlad do neoch nombéra connici mo thech. Notbér-sa, ar Cend Berraide, ar a gilla fadéin. Dobeir-side lomain imme & nombeir for a muin co Arddachad Slébe Fuáit. Maidid a chride isin gillu. Conid de sin atá ríge Cind Berraide for Ultaib .i. in rí for a muin leth ind lái.
¶8] Conócbad trá in debaid ón tráth co araile dar éis in ríg. Co ráimid19 for Ulto íarsin.
¶9] Doberar tra a liaig co Conchobar .i. Fingen. Iss éside nofinnad don díaid nothéiged20 don tig in lín nobíd i ngalur 'sin tig ocus cech galar nobíd and. Maith,21 or Fingen, dia taltar22 in chloch as do chind biat marb23 fo chétóir. Mani tucthar ass immorro, not-ícfaind & bid athis duit.24 Is asso dún ar Ulaid ind athis oldás25 a éc-som.
¶10] Ro-íccad26 íarum a chend27 & rofúaged co snáth28 óir29, ar ba cumma dath fuilt Conchobuir & dath inn óir. Ocus asbert in liaig fri Conchobar co mbeth i fomtin .i. ar ná tísad a ferg dó & ná digsed for ech & ná etraiged mnái & ná rocaithed biad co anfeta & ná rethed.30
¶11] Robói dano31 isin chuntabairt sin céin32 robo beó .i. secht mbliadna & nírbo engnamaid, acht a airisium inna suidi nammá .i. naco cúala Críst do chrochad do Iudaidib.33 Tánic and side34 crith mór forsna dúli35 & rochrithnaig nem & talam la mét36 in gníma darónad and37 .i. Isu Críst mac Dé bí do chrochad cen chinaid.38 Cráet so? ar Conchobur fria drúid. Cia olc mór dogníther isind lathiu-sa indiú? Is fír ón ém, ar in drúi. Is mór in gním sin, ar Conchobur. In fer sin dano ar in drúi i n-óenaidchi rogein & rogenis-siu .i. i n-ocht calde Enair cen cop inund bliadain.39
¶12] Is andsin rochreiti40 Conchobar.41 Ocus issé sin indara fer42 rochreti43 do Día i nHérinn44 ría tiachtain creitmi é .i. Morand45 in fer aile. Maith tra, ar Conchobar.46 Ba hapraind nadáil cuardríg
¶13] Is and doringni Conchohar in rethoric se dia ro-innis Bachrach drúi de Lagnib do Chonchobur Críst do chrochad, dia ra-iarfaig Conchobar: Ciata airde ingantacha so? &c.
¶14] Nó dano co mbad é Altus in consul dodechaid ó Ochtauín do chungid in chísa co Gáédelaib no-innised do Chonchobur Críst do chrochad.