Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 39

Sírrobud Sualtaim and so innossa

SUaltaim éside mac Becaltaig meic Móraltaig, athair-side Con Culaind meic Sualtaim. Rachúas dó-saide búadrugud a meic ac comrac ra écomlund for Táin Bó Cúalnge .i. ri Calatín
3985] nDána cona secht maccaib fichet & rá húa ra Glass mac nDelga. ‘Is do chéin gid so,’ bar Sualtaim. ‘In nem maides ná in muir thráges ná in talam condascara ná inn é búadrugud mo meic-sea so ac comrac ra écomlund for Táin Bó Cúalnge?’ Bá fír ám do Sualtaim anísein & raluid dá fis ár tain cenco dechaid a chétóir.
3990] Acus and úair ránic Sualtaim go airm i mbáe Cú Chulaind, ra gab Sualtaim ac écgaíne & ac airchisecht de. Nírbo míad & nírbo maiss ám ra Coin Culaind anísin, Sualtaim do écgaíne nó d'airchisecht de, dáig rafitir Cú Chulaind, géara gonta & géara créchtnaigthe é, náabad gress dá dígail Sualtaim. Ór is amlaid ra boí Sualtaim
3995] acht nírbo drochláech é & nírbo degláech acht múadóclách maith ritacaemnacair. ‘Maith a mo phopa Sualtaim,’ bar Cú Chulaind, ‘'dó duit-siu go hEmain go Ultu, & ráid ríu techt i ndíaid a tána fadechtsa, dáig nídam tualaing-sea a n-imdecgail ní as mó for


p.111

bernadaib & belgib críche Conaille Murthemne. Atú-sa m'óenur
4000] i n-agid chethri n-ollchóiced nHérend ó lúan tate samna co taite n-imboilg ic marbad fir ar áth cach laí & cét láech cach n-aidchi. Nídamar fír fer dam ná comlond óenfir & ní {folio 93b} thic nech dom fortacht ná dom fórithin. Is stúaga úrchuill congabat mo bratt torom. Is suipp sesca fuilet im áltaib. Ní fuil finna fora tairised rind
4005] snáthaite ádám berrad gom bonnaib gan drúcht fola forrderge ar barrúachtur cach findae acht in lám chlé fail ac congbáil mo scéith, & cid híside filet teóra coíca fuile fuirri. Acus munu díglatsom a chétóir sein, ní dígélat co brunni mbrátha & betha.’

Tánic Sualtaim reime forin Líath Macha d'óeneoch go robtaib
4010] leis do Ultaib. Acus and úair ránic do tháeib na hEmna, rabert na briathra sa and: ‘Fir gontair, mná berdair, báe aegdair, a Ultu,’ bar Sualtaim.

Ní fúair in frecra ba leór leis ó Ultaib & dáig ná fúair, tánic reme fa fordreich na hEmna. Acus rabert na briathra cétna and: ‘
4015] Fir gontair, mná bertair, báe aegtair, a Ultu,’ bar Sualtaim. Ní fuair in frecra rabu leór leis ó Ultaib. -Is amlaid ra bátar Ulaid, geiss d'Ultaib labrad rena ríg, geis don ríg labrad rena druídib. -Tánic reme assa aithle for licc na ngíall i nEmain Macha. Rabert na briathra cétna and: ‘Fir gondair, mná berdair, báe aegtair.’ ‘
4020] Cia rodas gon & cia rotas brat & cia rodas beir ale?’ for Cathbath druí. ‘Rabar n-airg Ailill & Medb,’ bar Sualtaim. ‘Tuctha far mná & far meic & far maccáemi, far n-eich & far n-echrada, far n-albi & far n-éiti & far n-innili. Atá Cú Chulaind a óenur ac fostud & ac im[dot ]fuirech cethri n-ollchóiced nHérend for bernaib & belgib críche
4025] Conaille Murthemne. Ní damar fír fer dó ná chomlund óenfir. Ní thic nech dá fortacht ná dá fórithin. Ra gáet in mac. Raluid a háltaib . Is stúaga úrchuill congabat a bratt taris. Ní fuil finna ara tairissed rind snáthaite ódá berrad coa bonnaib cana driúcht fola forrderge co barrúachtur cach óenfindae dó acht
4030] in lám chlé fail ac congbáil a scéith fair, & gid híside fuilet teóra coíca fuili fuirri. Acus manu dígailti-si a chétóir sein, ní dígéltai go brunni mbrátha & betha.’ {foilio 94a} ‘Is uissiu a bás & a éc & a aided ind fir congreiss in ríg samlaid,’ for Cathbath druí. ‘Is fír ám,’ uile annaide. Tánic Sualtaim reme tria lunne & anseirc dáig ná
4035] fúair in frecra ba leór leis ó Ultaib. And sein driuchtrais in Líath Macha ba Sualtaim & tánic reme fa urdreich na hEmna.


p.112

Is and sain imsuí a scíath féin bar Sualtaim co tópacht bil a scéith féin a chend de Sualtaim. Luid in t-ech féin bar cúlu aris i nEmain & in scíath barsinn eoch & in cend barsin scíath. Agus rabert cend
4040] Sualtaim na briathra cétna: ‘Fir gondair, mná berdair, báe aegdair, a Ultu,’ bar cend Sualtaim. ‘Romór bic in núall sa,’ bar Conchobor, ‘dáig nem úasaind & talam ísaind & muir immaind immácúaird, acht munu tháeth in firmimint cona frossaib rétland bar dunadgnúis in talman ná mono máe in talam assa thalamchumscugud ná
4045] mono thí inn fairge eithrech ochorgorm for tulmoing in bethad, dobér-sa cach bó & cach ben díb cá lias & cá machad, co'aitte & co'adbai fadessin ar mbúaid chatha & chomlaind & chomraic.’ Acus iss and sain barrecgaim echlach dá muntir fadessin do Chonchobur, Findchad Fer Bend Uma mac Fraechlethain, & ra ráid riss techt
4050] do thinól & do thóchostul Ulad. Acus is cumma barrurim bíu & marbu dó trí mesci a chotulta & a chessa nóenden, & rabert na briathra:

‘ARdotraí, a Findchaid, ardotfáedim. Ní hadlicgi álsidi a fasnís do ócaib Ulad. Ercc uaim co Derg co Dedaid gó inber; co
4055] Lemain; co Follach; co hIllaind go Gabair; co Dornaill Féic co Imchlár; co Derg Indirg; co Feidlimid Chilair Chétaig go hEllond; co Rígdond co Reochaid; co Lugaid co Lugdaig; co Cathbath coa inber; co Carpre co hEllne; co Láeg coa thóchur; co Geimen coa glend; co Senall Úathach co Diabul n-Arda; {folio 94b} co Cethern
4060] mac Fintain go Carrlóig; co Tarothor; co Mulaig coa dún; cosin rígfilid co Amargin; cosin nÚathaig mBodba; cosin Morrígain co Dún Sobairche; co hEit; co Roth; co Fiachna có fert; co Dam nDrend; co Andiaraid; co Mane Macbriathrach; co Dam nDerg; co Mod; co Mothus; co Iarmothus; co Corp Cliath; co Gabarlaig
4065] i lLíne; co Eocho Semnech i Semne; co Celtchair mac Cuthechair i lLethglais ; co hErrgi Echbél co Brí Errgi; co hUma mac Remarfessaig co Fedain Cúalnge; co Munremur mac Gerrcind co Moduirn; co Senlabair co Canaind nGall; co Follomain; co Lugdaig; co ríg mBuilg co Lugdaig Líne; co Búadgalach; co hAbach; co hÁne;
4070] co hÁniach; co Lóegaire Milbél coa breó; co trí maccaib Trosgail co Bacc nDraigin; co Drend; co Drenda; co Drendus; co Cimm; co Cimbil; co Cimmin co Fán na Coba; co Fachtna mac Sencha coa ráith; co Sencha; co Sencháinte; co Briccni; co Briccirni; co


p.113

Brecc; co Búan; co Barach; co hÓengus mBolg; co hÓengus mac
4075] Lethi; co Mall ar fíach, ar fénned; co Brúachar co Slánge; co Conall Cernach mac Amargin co Midlúachair; co Coin Culaind mac Sualtaim co Murthemne; co Mend mac Sálcholcán coa rénaib; co tri maccaib Fiachnai, co Ross, co Dáre, co Imchaid co Cúalnge; co Connud mac Mornai co Callaind; co Condraid mac Amargin
4080] coa ráith; co Amargin co Ess Rúaid; co lLáeg co lLéire; co Óengus Fer Bend Uma; co hOgma nGrianainech co Brecc; co hEo mac Forne; co Tollcend; co Súde, co Mag nÉola, co Mag nDea; co Conla Sáeb co hÚarba; co Loegaire co hImmail; co hAmargin Iarngiunnaig co Taltin; {folio 94c}co Furbaide Fer Bend mac Conchobuir co Síl
4085] co Mag nInis; co Causcraid Mend Macha mac Conchobuir co Macha; co Fíngin co Fíngabair; co Blae Fichet; co Blai mBriuga co Fésser; co Eogan mac nDurthacht co Fernmag; co hOrd co Serthig; co hOblán; co hObail co Culend; co Curethar; co Liana; co hEthbenna; co Fer Néll; co Findchad Slébe Betha; co Talgobaind
4090] co Bernos; co Mend mac Fir Chúaland co Maigi Dula; co hÍroll; co Blárine co hIalla nIlgremma; co Ros mac nUlchrothaig co Mag Nobla; co Ailill Find; co Fethen mBec; co Fethen Mór; co Fergna mac Findchona co Búrach; co hOlchar; co hEbadcha; co Uathchar; co hEtatchar; co Óengus mac Óenláme Gábe; co Ruadraig co
4095] Mag Táil; co Beothag; co Beothaig; co Briathraig coa ráith; co Nárithlaind co Lothar; co dá mac Feicge, co Muridach, co Cótreib; co Fintan mac Néill Níamglonnaig co Dún Da Bend; co Feradach Find Fechtnach co Neimed Slébe Fúait; {folio 95a}co hAmargin mac Ecelsalaig Goband co Búais; co Bunni mac Munremair; co
4100] Fidach mac Doraire.’

Níra dulig ám do Findchad in tinól & in tóchostul sain rabert Conchobor riss do dénam. Dáig in neoch ra boí ó Emain sair & ó Emain síar & ó Emain sathúaid rathóegat-saide ass a chétóir co faítar i nEmain ra costud a ríg & ra bréthir a flatha & ra frithálim
4105] comérgi Conchobuir. In neoch ra boí ó Emain sadess 'no ratháegatsaide ass a chétóir ar slicht in tslúaig & i n-ingenbóthur na tánad.

In cétna uide bachomluisetar Ulaid im Chonchobor co faítar i nIraird Chullend in n-aidchi sin. ‘Cid risa n-idnaidem-ni so itir, a firo?’ bar Conchobor. ‘Anmmaít-ni rit maccaib-siu,’ bar
4110] íat-som, ‘ri Fiachaig & ra Fiachna. Lotar úain ar cend Eirc


p.114

meic Feidilmthe Nóchruthaige, meic th'ingini-siu, mac-saide Carpri Nia Fer, ar co tí co llín a slúaig & a sochraite, a thinóil & a thóchostail 'nar sochraiti-ni din chur sa.’ ‘Tiur-sa bréthir,’ bar Conchobor, ‘'nachas idnaidiub-sa and so ní bas mó ná co clórat fir Hérend mo
4115] chomérgi-sea assin león & assin chess i rraba, dáig ní fetatar fir Hérend inad beó-sa mad co se itir.’

And sain raluid Conchobor & Celtchair tríchu cét carpdech n-imrindi co hÁth nIrmidi, & baralsat dóib and ocht fichti fer mór do sainmuntir Ailella & Medba, & ocht fichti ban braiti accu. Bá
4120] sed a n-ernail do brait Ulad ben braiti i lláim cach fir díb. Éscis Conchobor & Celtchair a n-ocht fichti cend díb &a n-ocht fichti ban mbraiti. Áth nÍrmidi a ainm mad co sin. Áth Féinne a ainm ó sain ille. Is aire atberar Áth Féinne riss dáig concomairnectar inn óic féinne anair & inn óic féinne aníar cathugud & imbúalad im
4125] urbrunni inn átha.

Tánic Conchobor & Celtchair for cúlu co faítar i nIrard Chullend in n-aidchi sin i farrad Ulad. Búadris Celtchair and so innossa.

Is and sain rabert Celtchair na briathra sa innossa ac Ultaib i nIraird Chullend in n-aidchi sin:

.R.


4130] Taible lethderg for ríg n-ágather. Án samlaide co fodma féit. Deisme néomain im chét cráeb. Tri &cha chét n-arad. Cét crúaid n-echdámach. Cét im chét drúad. Dar tús imdesfíaid. Fer feraind im drumnib Conchobor. Faichlethar cath claidid a féinne. Gongáinethar cath for Gárich & Ilgárich
4135] issin matin sea monairther.

Is í inn adaig cétna rabert Cormac Cond Longas mac Conchobuir na briathra sa ac feraib Hérend ac Slemain Mide in n-aidchi sin:

Amra maitne amra mithisi. Mescfaiter slúaig. Sáifiter slúaig con máe re secht cléithe slúaig Ulad im Chonchobor. Cossénait
4140] a mná. Raseiset a n-éite for Gárig & Ilgárig isin matin sea monairther.

Is hí inn adaig cétna rabert Dubthach Dáel Ulad na briathra sa oc feraib Hérend i Slemain Mide in n-aidchi sin:

Móra maitne maitne Mide. Móra ossud ossud Cullend. Móra cundscliu cundscliu Chláthra. Móra echrad echrad Assail.
4145] Móra tedmand tedmand Tuath Bressi. Móra in chlóe clóe Ulad im Chonchobor. Cossénait a mná. Raseisset a n-éiti for Gárig & Ilgárig isin matin se monairther.


p.115

And sain confuchtraither Dubthach trina chotlud coro mesc ind Neamain barsin slóg co llotar i n-armgrith ba rennaib a sleg
4150] & a fáebor co n-ébailt {folio 95b}cét laéch díb ar lár a ndúnaid & a llongphuirt re úathgráin na gáre rabertatar ar aird. Cid trá acht ní hí sin aidche ba sáime d'feraib Hérend fúaratar ríam ná híaram risin tairchetul & risin tarngiri, risna fúathaib & risna haslingib facessa dóib.


4155] And sain atbert Ailill: ‘Rasetarrad-sa ám,’ bar Ailill, ‘arggain Ulad & Cruthni ó lúan tati samna co tate n-imbuilg. Tucsam a mnáa & a meic & a maccáemi, a n-eich & a n-echrada, a n-albi & a n-éiti & a n-indili. Barrallsam a tilcha dá n-éis co failet ina fántaib comtís comarda síat. Is aire nachass idnaidib-sa and so ní bas
4160] mó, acht tabrat chath dam-sa ar Maig Áe madi tecra leó. Acht ci atberam-ni and so 'no, táeit nech d'farcsin maigi mórfarsing Mide dá fiss in tecat Ulaid ind. Ocus má thecait Ulaid ind, ní thechiub-sa da ráith itir, dáig ní robés ríg rotheched do grés itir.’ ‘Cia bad chóir do thecht and?’ bar cách. ‘Cia acht Mac Roth
4165] in rímechlach and sút.’

Tánic Mac Roth reime d'farcsi maigi mórfarsing Mide. Nírbo chían do Mac Roth dá mbáe and co cúala inní, in fúaim & in fothrom, in sestán & in sésilbi. Nír súail ní risbud samalta leiss acht marbad hí in firmimint dothuitted bar dunegnúis in talman, ná marbad
4170] hí ind fairrge eithrech ochargorm tísad for tulmoing in bethad, ná marbad é in talam barrálad assa thalamchumscugud, ná marbad hí ind fidbad ra thuitted cách díb i nglaccaib & gablaib & géscaib araile. Cid trá acht barrafnit na fíadmíla barsin mag connárbo réil tulmonga maige Mide fóthib.


4175] Tánic Mac Roth co n-innisin in sceóil sein co airm i mbáe Ailill & Medb & Fergus & mathi fer nHérend. Dochúaid Mac Roth dóib anísin. ‘Cid and sút, a Ferguis?’ bar Ailill. ‘Ní handsa,’ bar Fergus. ‘Is é fúaim & fothromm & fidréan atchúala-som,’ bar Fergus, ‘toirm & torand, sestainib & sésilbi, at Ulaid barfópartatar
4180] in fid, imdrong na curad & na cathmíled ac slaide ind feda cona claidbib rena carpdib. Iss ed ón barraffind na fíadmíla barsin mag connach réil tulmonga maige Mide fóthib.’

Fecht n-aill forréccaig Mac Roth in mag. Confacca ní, in nglascheó mór ra ercc in comás eter nem & talmain. Andar leiss
4185] batar indsi ás lochaib atchondaic ás fánglentaib na cíach. Andar leis batar úama ursloicthi atchonnaic and i rremthús na cíach


p.116

cétna. Andar leis ba línanarta lín lángela ná bá snechta síthalta ac snigi ratafarfáit and tri urdluich na cíach, cétna, ná andar leis ba éochain de ilénaib ilerda ingantacha imda, ná ba hilbrechtnugud rétland roglan {folio 96a}i n-aidchi reóid rosolais, nó ba haíble teined trichemrúaid. Atchúala ní, in fúaim & in fothrom & in fidréan, in toirm & in torand, in sestainib & in sésilbi. Tánic remi co n-innisin in sceóil sin co hairm i mbaí Ailill & Medb & Fergus & mathi fer nHérend. Dachúaid dóib anísein.


4195] Cid and sút ale, a Ferguis?’ bar Ailill. ‘Ní handsa,’ bar Fergus. ‘Is é glascheó mór atchondaic-sium ra erc in comás eter nem & talmain imthinnsaitin anála na n-ech & na curad, smútgur in láir & lúathred na conar conas ecgaib ri seól ngaíthe úasu co nderna tromchiaich treglaiss de i nnélaib & i n-áeraib.’


4200] Batar íat indsi ás lochaib atchonnaic-sium and, cind na cnocc & na tilach ás fánglentaib na cíach, cind na curad & na cathmíled ósna carptib & na carpait archena. Batar íat úama urslocthi atchondaic-sium and i rremthús na cíach cétna, beóil & sróna na n-ech & na curad ac súgud gréne & gaíthe úathu & chuccu ra tricci
4205] na dírma.’

‘Batar íat línanarta lín lángela atchondairc-sium and ná snechta síthalta ac snigi, in t-úanbach & in chubrach curit glomraigi na srían a bélbaigib na n-ech rúanaid rothend ri dremna ndírma. Ba hí éochain de ilénaib ilerda ingantacha imda atchondaic-sium and, gand in láir &
4210] adúchtur in talman curit na eich assa cossaib & assa crúib conas ecgaib ra seól ngaíthi úasa.’

‘Is é in fúaim & fothromm & fidréan, toirm & torand, sestainib & sésilbi atchúala-som and, scellgur na scíath & slicgrech na sleg & glondbéimnech na claideb & bressimnech na cathbarr, drongáir na
4215] lúrech & immchommilt na n-arm & dechairdecht na cless, tétimnech na tét & núallgrith na roth & baschaire na n-ech & culgaire na carpat & tromchoblach na curad & na cathmíled sund chucaind.’

‘Ba hé ilbrechtnugud rétland roglan i n-aidche rosolais rotafárfáid-sium and ná haíble tened trichemrúaid, súli cichurda adúathmara
4220] na curad & na cathmíled ásna cathbarraib caíni cummaidi cumtachglana, lán din feirg & din baraind rabertatar leó risná ragbad ríam ná híaram fír catha ná fornert comlaind & risná gébthar co brunni brátha & betha.’

‘Ní dénam robríg de,’ bar Medb. ‘Atethatar daglaích & degóic
4225] acainni dá n-acallaim.’ ‘Ní ármim-sea ón om, a Medb,’ bar Fergus,


p.117

‘dáig atiur-sa bréthir nach raichnea i nHérind nach i nAlpain slúag acallma Ulad á rasfecgat a fergga do grés.’

Is and sain ra gabsatar cethri ollchóiceda Hérend dúnad & longphort ac Cláthra in n-aidchi sin. Ra fácsatar fiallach foraire & freccométa
4230] úathu ra hagid Ulad ná tístais Ulaid gan robud gan rathugud dá saigid.

Is and sin raluid Conchobor & Celtchair trícha chét carptech n-imrindi co ndessetar i Slemain Mide {folio 96b} dar éis na slúag. Acht ci atberam-ni and so, ní dessetar da ráith iter, acht ratháegat ass
4235] d'etarphurt do dúnud Ailella & Medba do thetarrachtain a lláma d'furdergad re cách.

Nírbo chían do Mac Roth dá mbáe and co faccae ní, in n-echrad ndírecra ndermór i Slemain Mide anairtúaid cach ndíriuch. Tánic reme go airm i mbáe Ailill & Medb & Fergus & mathi fer nHérend.
4240] Atfócht Ailill scéla de ar rochtain. ‘Maith a Meic Roth,’ bar Ailill, ‘in faccasu nech d'Ultaib bar slicht in tslúaig seo indiu?’ ‘Nád fetar-sa ém,’ ar Mac Roth, ‘acht adchonnac-sa echraid ndírecra ndermóir i Slemain Mide anairtúaid cach ndíriuch.’ ‘Garsa lín na echraidi ale?’ bar Ailill. ‘Nád úatti lim trícho chét
4245] carpdech n-imrindi indi .i. deich cét ar fichit chét carpdech n-imrindi,’ ar Mac Roth. ‘Maith a Ferguis,’ bar Ailill, ‘cid latt-su ar mbúbthad-ni de smútgur ná do dendgur ná d'análfadaig mórslúaig mad gustráthsa acus ná fail latt lín catha dúnni acht sút?’

‘Rolúath bic n-archessi forro,’ bar Fergus ‘dáig ro bífad co
4250] mbetis na slúaig níbad liriu ná mar rádit-sium.’ ‘Déntar comairle forbthe athgarit acainni de-side,’ for Medb, ‘dáig rofess rar fúabérad-ni in fer romór rogarg robruthmar út, Conchobor mac Fachtna Fáthaig meic Rossa Rúaid meic Rudraigi, ardrí Ulad & mac ardríg Hérend. Déntar dunibúali urslocthi do feraib Hérend
4255] ar cind Conchobuir & buiden trícho chét acá hiadad dá éis, & gabtar na fir & ná gondar itir, dáig ní mmó ná dán cimbeda rothóegat.’- Conid hí sin in tress bríathar is génnu ra ráded bar Táin Bó Cúalnge: Conchobor gana guin do gabáil & dán cimbeda do dénam dona deich cét ar fichit cét bátar 'na farrad de rígraid Ulad. Acus
4260] atchúala Cormac Cond Longas mac Conchobuir anísin & rafitir mani díglad a chétóir a mórbréthir bar Meidb ná dígélad go brunni mbrátha & betha.


p.118

Acus is and sin atraacht Cormac Cond Longas mac Conchobuir cona budin tríchat cét d'forddiglammad áig & urgaili for Ailill &
4265] for Meidb. Atraacht Ailill cona tríchait chét dó-som. Atraacht Medb cona tríchait cét. Atraachtatar na Mani cona tríchtaib cét. Atraachtatar Meic Mágach cona tríchtaib cét. Atraacht in Galeoin & in Mumnig & popul na Temrach, & fogníthea etargaire eturru co ndessid cách díb i rail araile & i fail a arm. Araí sein ragníad ra
4270] Meidb dunibúali ursloicthi ar cind Chonchobuir & buden trícho chét acá íadad dia éis. Daríacht Conchobor d'indsaigid na dunibúaled aursloicthi & ní rabi ic íarraid a dorais don tsainruth itir, acht ra minaig beirn inaid míled ar urchomair a gnúsi & a agthi isin chath & bern chét dá leith deiss & bern cét dá leith chlí, & imsoí
4275] chuccu innond & ras mesc thall fora lár & torchratar ocht cét láech lánchalma lais díb. Acus tánic úadíb assa athli gan fuligud gan fordergad fair co ndessid i Slemain Mide bar cind nUlad.

‘Maith a firu Hérend,’ bar Aillil, ‘táet nech úan d'farcsi maige mórfarsing Mide dá fis cindas na hacgmi bá tecat Ulaid isin tulaig i
4280] Slemuin Mide, dá innisin dún túarascbáil a n-arm & a n-erriuda, a curad & a cathmíled & a clíathbernadach cét & a fíallach feraind. Gardditi lind éistecht riss mad colléic.’ {folio 97a} ‘Cia doragad and?’ bar cách. ‘Cia acht Mao Roth in rímechlach,’ bar Ailill.

Tánic Mac Roth reme co ndessid i Slemain Mide bar cind Ulad.
4285] Ra gabsat Ulaid ac tachim isin tulaig sin á dorbblais na matni muchi co tráth funid na nóna. Iss ed mod nárbo thornocht in talam fótho risin ré sin, cach drong díb imma ríg & cach buiden imma tóesech, cach rí & cach toísech & cach tigerna go lín a slúag & a sochraite, a thinóil & a thóchostail fo leith. Cid trá acht doríachtatar
4290] Ulaid uile re tráth funid nóna isin tulaig sin i Slemuin Mide.

Tánic Mac Roth reme go túarascbáil in chétna braini díb leis go airm i mboí Ailill & Medb & Fergus & mathi fer nHérend. Atfócht Ailill & Medb scéla de ar rochtain. ‘Maith a Meic Roth,’ bar Ailill, ‘cindas na hecgmi na taicgme bá tecat Ulaid isin
4295] tulaig i Slemain Mide?’

‘Nád fetar-sa ám,’ bar Mac Roth, ‘acht tánic buden bruthmar brígach mórchaín isin tulaig sin i Slemuin Mide,’ bar Mac Roth. ‘Dóig ri farcsin & ri fégad trí tríchu cét indi. Barallsat a n-étaigi díb uile, concechlatar firt fótbaig ba suide a toísig. Óclach seta


p.119


4300] fata n-airard n-ardmín forúallach i n-airinuch na budni sin. Caíniu di flaithib in domuin ritacoemnacair etera slúagaib, eter urud & gráin & báig & chostud. Folt findbuide iss é cass dess drumnech tóbach faride. Cuindsiu cháem chorcarglan leis. Rosc roglass gossarda iss é cicharda adúathmar ina chind. Ulcha degablach
4305] is sí buide úrchass bá smech. Fúan corcra corrtharach cáeicdiabuil imbi. Eó óir isin brutt ósa bruinne. Léine glégel chulpatach ba dergintliud do dergór fria gelchness. Gelscíath go túagmílaib dergóir fair. Claideb órduirn intlaissi isindara láim dó Manaís lethanglass isin láim anaill. Dessid in láech sin i n-urard na tulcha
4310] go toracht cách cuce, & dessetar a buden imbe.’

‘Tánic buiden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’far Mac Roth.‘Tánaise dá tríchtaib cét atacaemnacair Fer caín and dano i n-airinuch na budni sin caedessin. Folt findbuide fair. Ulcha éicsi imchass imma smech. Bratt úanide i forcipul
4315] imme. Cassán gelargit isin brut ósa brunni. Léni donderg míleta ba dergindliud do dergór fría gelchnes i caustul go glúnib dó Caindell rígthaige 'na láim go féthanaib argait & co fonascaib óir. Is ingnad reba & ábarta dogní in tsleg fil 'na láim na óclaige. Immireithet impe na féthana argit sechna fonascaib óir cachla céin
4320] ó erlond gó indsma. In céind aill dano it íat na fonasca óir immireithet sechna féthanaib argit ó indsma gó hirill. Scíath bémmendach go fáebor chondúala fair. Claideb co n-eltaib dét & co n-imdénam snáith óir bara chlíu. Dessid in láech sain for láim in chlí ind óclaig thóesig tánic issin tulaig, & dessetar a buiden
4325] imbe. Acht ci atberam-ni and so, ní destetar de ráith itir acht a nglúini fri lár dóib & imbel a scíath aca smechaib dóib a fat leó go léctar chucaind. Acht atá ní chena domfarfáit {folio 97b}formindi mór issin óclach mór borrfadach is tóesech don budin sin.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’
4330] for Mac Roth. ‘Tánaise dá séitche eter lín & chostud & timthaige, Láech cáem cendlethan i n-airinuch na buidni sin. Folt dúalach dondbuide fair. Rosc duillech dubgorm for folúamain ina chind. Ulcha éicsi imchass is sí degablach imcháel imma smech. Bratt dubglass ba loss i forcipul imme. Delg duillech de findruine
4335] 'sin brutt ósa bruinne. Léne gelchulpatach frí chness. Gelscíath co túagmílaib argait inti fair. Máeldorn findargait i n-intiuch


p.120

bodba fá choimm. Ture rígthige fria aiss. Dessid in láech sain issind firt fótbaig bad fiadnaisi dond óclach thóesech tháinic isin tulaig, & destetar a buiden imme. Acht ba binnithir lim ra fogor
4340] mendchrott i llámaib súad icá sírsenmum bindfogrugud a gotha & a irlabra inn óclaíg ac acallaim in óclaíg thóesig thánic issin tulaig & ac tabairt cacha comairle dó.’

‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale.’ bar Fergus. Is hé cétna láech cétrachlass in fert fótbaig i n-urard
4345] na tulcha go toracht cách cuce Conchobor mac Fachtna Fáthaig meic Rosa Rúaid meic Rudraigi, ardrí Ulad & mac ardríg Hérend. Is é láech formend mór dessid fora láim chlí Conchobuir Causcraid Mend Macha mac Conchobuir co maccaib ríg Ulad imme & co maccaib ríg Hérend rafailet ina farrad. Is hí in tsleg atchondaic
4350] ina láim in Chaindel Chuscraid sein co féthanaib argit & go fonascaib óir. Is bés don tsleig sin nachis imrethet impe ríam ná híaram na féthana argait sechna fonasca óir acht gar ré coscur écin, & is dóig gombad gar ré coscur ros imreittís impe and so inossa.

‘Is hé láech cáem cendlethan dessid issind firt bad fiadnaissi
4355] don óclách thóesech thánic issin tulaig Sencha mac Ailella meic Máilchló so-irlabraid Ulad & fer sídaigthe slóig fer nHérend. Acht atiur-sa bréthir chena ní comairle mettachta ná midlaigechta rabeir dá thigerna issin ló bága sa indiu, acht is comairle gaile & gascid & engnama & mathiusa do dénam. Acht atiur-sa bréthir chena,’
4360] bar Fergus, ‘is togaes dénma opre atraachtatar im Chonchobor i mmucha lá indiu and sain.’ ‘Ní dénam robríg díb,’ bar Medb. ‘Attethatar deglaích & dagóic acainni dá n-acallaim.’ ‘Ní ármimsea ón omm,’ bar Fergus, ‘acht atiur-sa bréthir nach raichnea i nHérind nach i nAlpain slúag acallma Ulad á rasfecat a fergga do
4365] grés.’

‘Tánic buden aile dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ bar Mac Roth. ‘Fer find fata mór {folio 98a} i n-airinuch na budni sin is é grísta gormainech. Folt dond temin fair is é slimthanaide bara étun. Bratt forglass i filliud imme. Delg argit isin brutt ósa
4370] brunni. Léni gel manaísech fri chness. Cromscíath comfaebur chondúalach fair. Sleg cúicrinni 'na láim. Colg dét iarna innud.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetamar ám,’ bar Fergus. ‘Is cur lám for debaid sin. Is cathmílid bar níth.


p.121

Is bráth bar bidbadu cách tánic and. Eogan mac Durthachta a
4375] fosta Fernmaige atúaid and sin.’

‘Tánic buden aile and isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Ní gó ám is borrfadach forfópartatar in tulaig sin. Is tromm in gráin, is mór in t-urud rabertatar leó A n-étaige uile dara n-aiss. Láech cendmár curata i n-airinuch na budni sin is
4380] é cicharda úathmar. Folt n-étrom ngrelliath fair. Súle bude móra 'na chind. Bratt buide cáiclámach imme. Delg óir buide 'sin brutt ósa bruinne. Léne bude chorrtharach frí chness. Gae semnech slindlethan slegfota co mbráen fola dara fáebor ina láim.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetamar ám ale
4385] in láech sain,’ bar Fergus. ‘Ní imgab cath ná cathróe ná comlund ná comrac cách thánic and. Lóegaire Búadach macConnaid Buide meic Íliach ó Immail atúaid and sain.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Láech munremur collach i n-airinuch na buidni
4390] sin. Folt dub tóbach fair. Gnúis chnedach chorcarda fúa. Rosc roglass lainnerda 'na chind. Gae súlech go foscadaib úasu. Dubscíath co caladbúalid findruini fair. Brat odorda bachuaslae imme. Bretnas bánóir isin brut ósa bruinne. Léine threbraid síte fria chnes. Claideb co n-eltaib dét & co n-imdénam órsnáith
4395] ara étaig immaig anechtair.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Is cur lám for ugra sain. Is tond romra bádes. Is fer trí ngreth. Is muir dar múru cách thánic and. Munremur mac Gerrcind a Moduirn atúaid and sain.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’
4400] for Mac Roth. ‘Láech cetherlethan comremar i n-airinuch na buidni sin is é anisc odorda, is é derisc tarbda. Crundrosc n-odorda n-adardd ina chind. Folt bude rochass fair. Crundscíath derg co mbil chaladargait ina imthimchiull úasu. Gae slindlethan slegfota 'na láim. Bratt ríabach imme. Eó uma isin brutt ása
4405] brunni. Léni chulpatach i caustul gá forcnib dó. Colg dét iarna chossliasait chlí.’ ‘Cia sút ale?’ {folio 98b} ar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Is sond catha sain. Is búaid cacha irgaile. Is fodb trescada cách thánic and. Connud mac Morna ó Challaind atúaid and sain.’


p.122


4410] Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Ní gó ám is tailc & is tarbech forrópartatar in tulaig sin comro chrothsatar na slúaig conarnecar indi fora cind. Fer cáem gráta i n-airinuch na budni sin. Áldem de daínib in domuin eter chruth & deilb & dénam, eter arm & erriud, eter mét &
4415] míad & masse, eter chreitt & gasced & chóra.’ ‘Ní gó ám ale,’ bar Fergus, ‘is hí a epert chomadas-som sain. Ní duí for lomma cách thánic and. Is bidba cáich. Is gus nád fulangar. Is tond anbthena bádes. Is luchair n-aga in fer álaind. Feidilmid Chilair Chetail ó Elland atúaid and sain.’


4420] Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Ní comtig láech is cháemiu ná in láech fail i n-airinuch na buidni sin. Folt tóbach dergbuide fair. Aiged fochaín forlethan laiss. Rosc roglass gossarda is é caindelda gárechtach 'na chind. Fer cóir cutrumma is é fata focháel
4425] folethan. Beóil deirg thanaide leiss. Deóit niamda némanda. Corp gel cnesta. Cassán gelderg i fadi úasu. Eó óir isin brutt ósa brunni. Léne de sról ríg ina dergfilliud de dergór fri gelchness. Gelscíath co túagmílaib dergóir fair. Claideb órduirn intlassi fora chlíu. Gae fata fáeborglass re faga féig fóbarta co súanemnaib
4430] loga co semmannaib findruine ina láim.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Is leth nglíad sain. Is galiud comlaind. Is londbruth n-archon cách tánic and. Reochaid mac Fathemain ó Rígdond atúaid and sain.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’
4435] for Mac Roth. ‘Láech órainech remurslíastach i n-airinuch na budni sin. Bec nach remithir fer cach n-óenball de. Ní gó ám is fer co talmain,’ all sé. ‘Folt dond tóbach fair. Gnúis chorcra chrundainech fúa. Rosc mbrecht n-urard ina chind. Fer án athlam and samlaid co n-ócaib dubartacha dubsúlib co n-idna rúad
4440] lassamain co n-ábairt imtholta co saigit sech comlond do brissiud ar forlond, co tuidmech fóbarta fair, can chommairge Conchobuir aca itir.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ ar Fergus. ‘Bá hitte di gail & di gasciud cách thánic and.


p.123

Báe itte di drúis & tarpige. Táthud do sluagaib & d'armaib.
4445] Rind áig & imgona fer nHérend iar túaisciurt, mo derbchomalta-sa fadessin, Fergus mac Leite ó Líne atúaid and sin.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth, ‘is hí fossaid écsamail. Láech álaind éscaid i n-airinuch na budni sin. Gormanart cáel corrtharach go stúagaib fíthi figthi féta
4450] findruini, go cnappib dílsi deligthi derggóir for bernadaib & brollaigib dó fri chness. Bratt bommannach co mbúaid cach datha thariss. Caechruth óir {folio 99a} fair .i. a scíath fair. Claideb crúaid catut colgdíriuch i n-ardgabáil churad bara chlíu. Sleg díriuch drumnech ar derglassad 'na láim.’ ‘Cia sút ale?’ bar
4455] Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Is roga rígfiled sain. Is rúathar rátha. Is rót do báre. Is tarbbech a gal cách thánic and. Amargin mac Ecelsalaig Goband, in file maith ó Búais atúaid.’

‘Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’
4460] for Mac Roth. ‘Láech find buide i n-airinuch na budni sin. Find uile in fer sain eter folt & rosc & ulcha & abratchur & dechelt. Scíath búaledach fair. Claideb órduirn intlassi bara chlíu. Sleg cúicrind confaittnedar darin slúag uile ina láim.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Inmain ám láech
4465] side far túaith rarfánic and. Inmain bethir balcbéimnech. Inmain mathgamain mórglonnach fri hécratu cuncan ferglond fóparta. Feradach Find Fechtnach á Nemud Slébe Fúait atúaid and sain.’

‘Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Días máethóclách i n-airinuch na budni sin. Dá
4470] bratt úanide i forcipul impu. Dá chassán gelargait isna brattaib ása mbrunnib. Dá léne di slemunsítu buide fria cnessaib. Claidbi gelduirn fora cressaib. Dá sleig cúicrind co féthanaib argait óengil ina lámaib. Immáes bec eturru de sodain.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Dá
4475] ánrath sain, dá óenmuntind, dá óenlosnaid, dá óenchaindill, dá ching, dá churaid, dá chléthbriugaid, dá dreicg, dá thenid, dá thuidmechtaid, dá deil, dá dána, dá dásachtach, dá threittell Ulad imma ríg. Fiachaig & Fiachna and sain, dá mac Conchobuir meic Fachtna meic Rossa Rúaid meic Rudraigi and sain.’


p.124


4480] Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna,’ for Mac Roth. ‘Is bádud ar méit. Is tene ar rúadlossi. Is cath ar lín. Is ald ar nirt. Is bráth ar bláriud. Is torand ar tharpigi. Fer ferggach úathmar irggráin i n-airinuch na buidni sin, is é srónmar ómar ubullruisc. Folt ngarb ngrelíath. Bratt ríbáin imme.
4485] Cúalli iairn isin brutt ósa brunni congeib ón gúalaind go araile dó. Léne garb threbraid fri chness. Claideb secht mbrattomon do iurn athlegtha iarna tháebdruimm. Tilach dond fair .i. a scíath. Líathga mór co tríchait semmand trina cró 'na láim. Cid trá acht ro lá dírna dina cathaib & dina slúagaib ac déscin in laích sin
4490] & a buden immi oc tíachtain 'sin tulaig i Slemuin Mide.’ ‘Cia sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale.’ bar Fergus. ‘Is leth catha sain. Is cend n-imresna. Is cend ar gail. Is muir dar críchu cách thánic and. Celtchair Mór mac Uthechair á Lethglaiss atúaid and sain.’


4495] Tánic buden aile and dano isin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth, ‘is hí bailc bruthmar, is í éitig úathmar. Láech brúasach bélmar i n-airinuch na budni sin, is hé lethgleóir leithinchind lámfota. Folt dond rochass fair. Bratt dublúascach imme. Roth créda 'sin brutt ása brunni. Léni derscaigthi fri chness.
4500] Claideb urfota fá choim. Manaís murnech ina deiss. {folio 99b} Líathboccóit fair .i. a scíath.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetamar ám,’ bar Fergus. ‘Is hé in leó lond lámderg sain. Is é in t-art amnas ágsidi forrges gail. Eirrge Echbél ó Brí Errgi atúaid and sain.’


4505] Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Fer mór bresta i n-airinuch na budni sin. Folt rúadderg fair. Súle rúadderga móra 'na chind. Sithithir ri cruimmthir meóir míled cechtar n-aí na dá rígrosc rúad romóra failet laiss. Bratt brecc imme. Scíath glass fair. Gae gorm
4510] tanaide úasa. Buiden fuilech fordergg imme 's éssium féin créchtach fuilech eturru ar medón fadessin.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Is é in dána díchondircil. Is é inn accil ómnach. Is é in lumne léitmenach.


p.125

Is é in robb rígthi. Is é in Cholptha. Is é in búadgalach Bale.
4515] Is hé in leó? Luirg. Is é in búridach Berna. Is é in tarb dásachtach. Mend mac Sálcholgán ó Rénaib na Bóinne.’

‘Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Laéch lecconfota odorda i n-airinuch na budni sin. Folt dub fair. Sithballrad .i. cossa. Bratt derg fa chaslaí
4520] imme. Brettnas bánargait isin brutt ósa brunni. Léni línidi frí chness. Scíath chróderg co comraid óir fair. Claideb co n-irdurn argait bara chlíu. Sleg uillech órchruí úasu.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetamar ám ale,’ bar Fergus. ‘Fer trí ruitte sin, fer trí raitti, fer trí rámata, fer trí mbristi, fer trí mbúada, fer trí
4525] mbága. Fergna mac Findchonna rí Búraig Ulad atúaid and sain.’

‘Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth. ‘Fer caín mór i n-airinuch na budni sin. Cosmail ra Ailill n-ucut n-adrind n-inchoisc eter chruth & ergnus & gili, eter arm & erriud & gail & gasciud & gart & gnímrada. Scíath gorm co
4530] cobraid óir. Claideb órduirnd bara chlíu. Sleg cóicrind co n-ór ina láim. Mind óir úasu.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergas. ‘Is forus ferdaide sain. Fúaparta forlaind. Forbrisiud fer cách thánic and. Furbaidi Fer Bend mac Conchobuir á Síl i mMaig Inis atúaid and sain.’


4535] Tánic buden aile and dano 'sin tilaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth, ‘is hí fossud écsamail risna budnib aile. Aill bruitt deirg. Aill bruitt {folio 100a} glaiss. Aill bruitt guirm. Aill bruitt úane. Bláe bána buide it íat álle étrochta úasu. Undseo mac mbec mbrecderg co mbrutt chorcra eturru bar medón badessin. Eó óir
4540] isin brutt ósa brunni. Léne de sról ríg ba derggintliud de dergór fri gelchness. Gelscíath go túagmílaib dergóir fair. Taul óir barsin scíath, bil óir ina imthimchiull. Claideb órduirn bec bá choimm aice. Gae áith étromm co foscathaib úasu.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Nád fetar-sa ám ale,’ bar Fergus, ‘innass na budni sin ná in mac
4545] bec fil inti d'fácáil ri Ultaib dar m'éis, acht óen bad dóig lim-sa and comtis iat fir Themra im Ercc mac Fedilmi Nóchruthaigi, mac-side Carpri Nia Fer, & más íat, nímo carat anairich and so,


p.126

dóig 's a dichmairc a athar dodechaid in mac bec sain d'fórithin a senathar din chur sa, & mad síat, bud muir conbáidfea dúib-si
4550] in buden sain dáig is tri dagin na buidni sin & an meic bic rafail inti conmáe foraib-si in cath sa don chur sa.’ ‘Cid de-side?’ bar Ailill. ‘Ní handsa,’ bar Fergus, ‘dóig ní faccéga in mac bec sain úath ná húamain gabar slaidi-si & 'gabar n-essarggain co tora lár far catha chucaib. Concechlastar rucht claidib Conchobuir mar
4555] glimnaig n-archon i fathad ná mar leóman oc techt fo mathgamnaib. Concichre Cú Chulaind cethri múru móra de chollaib dóene immon cath sechtair. Bát bágaig, bat condalbaig confúarcfet flaithe fer nUlad ar n-úair. Is ferda conbúrfet in damrad dermór oc tessargain laíg a mbó issin chath issin matin se imbárach.’


4560] Tánic buden aile and dano 'sin tulaig cétna i Slemuin Mide,’ for Mac Roth, ‘nád úatti trícho chét indi. Fianna feochra forderga. Fir gil glain guirm chorcarda. Monga fata findbuidi. Gnúsi álle étrochtai. Ruisc réilli rígdaidi. Étaige lígda lendmassa. Deilge órda airegda iar ndótib dendglana. Lénti síti srebnaide. Slega
4565] gorma glainidi. Scéith buide bémnecha. Claidbi órduirn intlassi iarna sliastaib sudigthir. Rotas triall brón búridach. Brónaig uile eochraidi. Torrsig rurig rígdaide. Díllechta in slóg sorchaide gana comsid costadaig imdíched a n-irúatha.’ ‘Cía sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘At
4570] leómain londa sain. At glonna catha. Trícha cét Maige Murthemne {folio 100b} and sain. Is ed dosgní cendchrom torsech n-anfálid cana ríg n-aurraindi eturru badessin, can Choin Culaind costadaig coscaraig claidebdeirg cathbúadaig.’ ‘Fail a mórabba ám dóib-sium sain,’ ar Medb, ‘ciarsat cendchroimm torsig n-anfálid. Ní fuil olc nár
4575] dernsamar riu. Ratas airgsemar & ratas indrisem ó lúan tate samna co taite n-imboilg. Tucsam a mná &a meicc & a maccáemi, a n-eich & a n-echrada, a n-ailbi & a n-éiti & a n-indili. Barraeilseam a tailcha dá n-éis go failet ina fántaib comtís comartai síat.’ ‘Ní thá ní nod maítte forro, a Medb,’ bar Fergus, ‘dáig ní dernais d'olcaib
4580] ná d'écóraib friu ní nár urfuaith tóesech na degbuidne út fort, dáig atbíth cach fert & cach lecht, cach lia & cach ligi fuil adíu go airther nHérend, is fert & is lecht, is lia & is ligi do degláech & do degóc arna tuttim ra degthóesech na buidne út. Bochinmáir


p.127

rissa ngébat! Is mairg ara tochérat! Bud leór leth catha do
4585] feraib Hérend síat ac cosnam a tigerna isin chath 'sin matin sea imbárach.’

‘Atchúala-sa núall mór and,’ for Mac Roth, ‘risin cath aníar nó risin cath anair.’ ‘Garsa núall sút ale?’ bar Ailill ri Fergus. ‘Ratafetammar ám ale,’ bar Fergus. ‘Cú Chulaind sain ac tríall
4590] tíachtain docairt dochum in chatha 'gá furmiáil ri fót fóenlaige i fFirt Sciach fa thúagaib & baccaib & refedaib, & ní lécgat Ulaid ind é ar bíth a chned & a chréchta dáig ní hinchomlaind & ní hinchomraic aithle chomraic Fir Diad.’

Ba fír ám do Fergus anísin. Ba sé Cú Chulaind sain 'gá furmiáil
4595] ri fáet fóenlige i Firt Sciath ba thúagaib & baccaib & refedaib.

And sain radechatar na dá banchánti a dúnud & longphurt fer nHérend .i. Fethan & Collach, co mbátar oc fáschuí & oc fásguba ás chind Con Culaind icá innisin dó madma bar Ultaib & marbtha Conchobuir & tuittmi Fergusa i frithguin.


4600] IS hí inn aidchi sin radechaid in Morrígu ingen Ernmaiss go mbaí oc indloch & oc etarchossaít eterna dá dúnad chechtarda. Acus rabert-si na bríathra sa:

Crennait brain braigte fer brunnid fer fuil. Mescthair tuind. Fadbaib luind. Níthgalaib iar luibnig. Lúth fiansa.
4605] Fethal ferda. Fir Chrúachna. Scritha minardini. Cuirther cath ba chossaib araile. Eblait a rréim. Bo chin Ultu. Bó mair Érno. Bo chin Ulto.

Iss ed dobert i clúais nÉrand, ní firfet a nglé fail fora cind.

Is and sain rabert Cú Chulaind ra Láeg mac Riangabra: ‘Ba
4610] líag ám dait-siu, a mmo phopa Laíg,’ bar Cú Chulaind, ‘na derntá eterna dá chath cechtarda indiu ní ná beth a fis acut dam-sa.’ ‘Cacha finnub-sa de ám, a Chúcúc,’ bar Láeg, ‘innisfithir duit-siu. Acht undsea albín assin dúnud & assin longphurt aníar innossa barsin mag. {folio 101a} Undsea chethirn ngilla 'na ndiaid dá fostud & dá
4615] n-imfuirech. Undsea chethirn ngilla 'no assin dúnud & assin longphurt anair dá tetarrachtain.’ ‘Is fír ám sain ale,’ bar Cú Chulaind. ‘Is mana mórglíad sain & is adbar ndegdebtha. Ragaid in t-albín borsin mag & condricfat in gillanraid. A condricfat ind


p.128

róe mór ba chétóir.’ Ba fír ám do Choin Culaind anísin. Acus
4620] lotar in t-albín barsan mag & conráncatar in gillanrad. ‘Cía confirend in cath innossa, a mo phopa Laíg?’ bar Cú Chulaind. ‘Áes Ulath,’ bar Láech, ‘inund & áes ócbad.’ ‘Cindas confaegat ale?’ bar Cú Chulaind. ‘Is ferda confegat,’ bar Láeg. ‘Airm i tát na láith gaile anair isin cath bérait toilg trisin cath síar. Airm
4625] i tát na láith aníar bérait toilg trisin cath sair.’ ‘Appraind nacham fuil-sea do nirt beith eturru dom choiss de-side, dáig dá mbeind-sea do nirt beith dom choiss, rapad réil mo thoilg-sea and sain indiu i cumma cháich.’ ‘Cossan ar chena, a Chúcúc,’ bar Láech. ‘Ní tár dot gasciud, ní haisc dot inchaib. Doringnis maith reme sút & dogéna 'na
4630] díaid.’ ‘Maith a mo phopa Laíg,’ bar Cú Chulaind, todúsig do Ultaib dochum in chatha fodesta, dáig is mithig dóib a thechta.

Tánic Láeg & todíuscis de Ultaib dochum in chatha, & rabert na bríathra and:

R.

Coméirget ríg Macha mórglonnaig. Míannaigther Badb
4635] bó Immail, bar nertaib gal, bar cridib crú, bar tilaib téici. Turcbaid in sním nítha, dáig ní fríth ra Coin Culaind comchosmail. Cú gonben mían Macha mochtraide más ar búaib Cúalnge coméirget.

IS and sain atraachtatar Ulaid uile i n-óenfecht ra costud a rríg
4640] & ra bréthir a flatha & ra frithálim coméirgi bréithri Laíg meic Riangabra. Acus is amlaid atrachtatar lomthornocht uile acht a n-airm 'na llámaib. Cach óen dá mbíd dorus a phupla sair díb, is triana phupaill síar théiged ara fat leis tíachtain timchell.

‘Cinnas concoméirget Ulaid dochum in chatha innossa, a
4645] mo phopa Láeig?’ bar Cú Chulaind. ‘Is ferda concoméirget,’ bar Láeg. ‘Lomthornocht uile,’ bar Láeg. ‘Cach óen dá tá dorus a phupla sair díb, is triana phupaill síar téiged ara fat leis tíchtain timchell.’ ‘Atiur-sa bréthir,’ bar Cú Chulaind, ‘is degóir éigmi atrachtatar im Chonchobor i mmucha láe itráthsa and sain.’


4650] And sain atbert Conchobor ra Sencha mac Ailella: ‘Maith a mo phopa Sencha,’ bar Conchobor, ‘fostá Ulaid & ná léic dochum


p.129

in chatha co tí nert don tseón & don tsolud coro éirgea grían i cléithib nimi, goro lína grían glenta & fánta & tulcha & tuaidibrecha na Hérend.’ Tarrasatar and co tánic nert don tseón & don tsolud,
4655] goro lín grían glenta & fánta & tulcha & tuadebrecha in chóicid.

‘Maith a mo phopa Sencha,’ bar Conchobor, ‘todíusig de Ultaib dochum in chatha dáig is mithig dóib a thechta.’ Todíuscais Sencha d'Ultaib dochum in chatha. Rabert na bríathra and:

‘Coméirget ríg Macha. Munter fial. Melat fáebair. Fégat cath.
4660] Claidet búrach. Benat scíathu. Scítha labrai. Labra éiti. Éicni fastuda. Feochra costoda. Curther cath ba chossaib araile. Eblait {folio 101b} a réim. Bardanessat & bardalessat indiu. Ibait deoga duirbbi fola. Línfaid cuma cridi rígan más ar búaib Cúalngi coméirgit.’


4665] Nírbo chían do Láeg dá mbáe and go facca inní, fir Hérend uile ac coméirge i n-óenfecht ac gabáil a scíath & a ngae & a claideb & a cathbarr & ac tulargain na mbuden rompu dochum in chatha. Da gabsat fir Hérend cách díb bar slaide & bar slechtad, for tóchtad & bar tinmi, for airlech & for essargain araile ri ré cían & ra reimes
4670] fata. Is and sain ra iarfaig Cú Chulaind dá araid, do Láeg mac Riangabra, in tan ón baí nél solus barsin gréin: ‘Cinnas confegar in cath innossa, a mo phopa Láeig?’ ‘Is ferda confegar,’ bar Láeg. ‘Cid condrualaind-sea mo charpat & Én ara Conaill a charpat & giara thíasmaís i ndíb carptib ánd itte co araile iar
4675] n-idnaib na n-arm, ní rossed crú ná roth ná fonnud ná fertas díb ara dlús & ara déinme & ara daingne congbaither a n-airm i llámaib na mmíled itráthsa.’ ‘Appraind nacham fuil-sea do nirt beith eturru de-side,’ bar Cú Chulaind, ‘dáig dá mbeind-se de nirt, rapad réill mo thoilg-sea and sain indiu i cumma cháich,’ bar
4680] Cú Chulaind. ‘Cossan ar chena, a Chúcúc,’ bar Láeg. ‘Ní tár dot gasciud. Ní haisc dot inchaib. Doringnis maith reme sút. Dagéna 'na díaid.’

And sain ra gabsat fir Hérend fós bar slaide & bar slechtad, for tochtad & for tinme, far airlech & for essargain araile fri ré cían
4685] & fri reimes fata. And sain daríachtatar cuccu-som na nóecharptig de fénnedaib na hIrúade & in triar de choiss maróen riu, & níra lúathiu na nóecharptig andá in triar de choiss.


p.130

And sain daríachtatar chucu-som 'no ferchutredaig fer nHérend, & ba hed a ngním-sin uile 'sin chath ar bíth gona Conchobuir
4690] diambad fair bad róen & ar bíth ancthe Ailella & Medba dámbad forro conmebsad. Acus ba sed and so anmand na ferchutredach: Trí Conaire Slébe Miss, trí Lussin Lúachra, trí Niad Choirbb Tilcha Loiscthe, trí Dóelfir Deille, trí Dámaltaig Dercderce, trí Buidir Búase; trí Báeith Búagnige, trí Búageltaig Breg, trí Suibne Siúre,
4695] trí Échdaig Áne, trí Malléith Locha Érne, trí Abratrúaid Locha Rí, trí Meic Amra Essa Rúaid, trí Fiachaig Feda Némain, trí Mane Murisce, trí Muridaig Mairge, trí Lóegaire Licci Derge, trí Broduind Berba, trí Brúchnig Cind Abrat, trí Descertaig Dromma Fornochta, trí Find Findabrach; trí Conaill Collomrach, trí
4700] Carpri Cliach, trí Mane Mossud, trí Scáthglain Scáire, trí Échtaig hErcce, trí Trenfir Taíte, trí Fintain Femin, {folio 102a} trí Rótanaig Raigne, trí Sárchoraig Suide Lagen, trí Etarsceóil Etarbáne, trí hAeda Aidne, trí Guare Gabla.

Is and sain atbert Medb ri Fergus: ‘Ba bág ám dait-siu ga
4705] dobertha do greimm catha gan díchill lind indiu dáig r'indarbbad as da chrích & as t'orbba. Is acainne fúarais crích & ferand & forbba & mórmathius mór do dénam fort.’ ‘Dánam beth-sa mo chlaideb indiu ám,’ bar Fergus, ‘ra tescfaitis lim-sa bráigte fer for bráigte fer & dóte fer for dóte fer & forcléithe fer for forcléithe fer & cindu
4710] fer for óeib scíath combús lir bommanna ega eter dá ráeib tírib imríadat echraide ríg cach mball sair & síar acum-sa de Ultaib indiu dánam beth-sa mo chlaideb.’ Is and atbert Ailill rá araid badessin .i. ra Fer Loga: ‘Domraiched craum claideb choilles toind, a gillai,’ bar Ailill. ‘Nátiur-sa bréthir mad messu a bláth ná
4715] 'lessugud lett indiu é andá in lá tucus barin lettir i Crúachnaib Aí, dá mbet fir Hérend & Alban acott anacul forom indiu, nít ainset uile.’ Tánic Fer Loga reime & tuc in claideb laiss ba búaid caíntaisceda & fo chaindil chaín lassamain & tucad in claideb i lláim Ailella & tuc Ailill i lláim Fergusa. Acus firis Fergus fálte
4720] risin claideb. ‘Mo chen Caladbolg, claideb Leite,’ bar ésium. ‘Scíth á aí óenfir Bodba. Cía farsa n-immér-sa so?’ bar Fergus. ‘Arna slúagaib immut immácúaird,’ bar Medb. ‘Ná bered nech mathim ná hanacul inniu úait mani bera fírchara.’ And sain gebis Fergus a gasced & tánic reime don chath. Gebis Ailill a
4725] gasced. Gebis Medb a gaisced & tánic don chath. Coro maid in cath fo thrí ríam rompo fathúaid condanimmart cúal gae & claideb


p.131

for cúlu doridisi. Rachúala Conchobor anísin airm i mbáe 'na inad chatha, in cath do maidm fo thrí ris atúaid. And sain atbert-sum rá theglach badessin .i. ra crislach na Cráebrúade: ‘Gebid-si
4730] seo bic, a firo,’ bar éseom, ‘.i. in t-inad a tó-sa go tiasur-sa dá fiss cía riasa maidend in cath fa thrí ruind atúaid bán cóir seo.’ And sain atbert a theglach-som: ‘Gébmait-ni seo,’ bar íat-sum, ‘dáig nem úasaind & talam ísaind & muir immuind immácúairt. Mono tháeth in firmimintni cona frossaib rétland for dunignúis in
4735] talman nó mani thí in farrgi eithrech ochargorm for tulmoing in bethad nó mani máe in talam, ní béram-ni mod n-ordlaig secha so bar cúlu go brunni mbrátha & betha go tísiu bar cúlu dorís chucaind.’

Tánic Conchobor reme go airm i cúala in cath do maidm ba
4740] thrí {folio 102b} ris atúaid, & gebid scíath ra scíath and .i. ra Fergus mac Róig, .i. in nÓchaín Conchobuir cona cethri óeib óir & cona cethri sethrachaib derggóir. And sain rabert Fergus trí balcbémmenda Bodba issin nÓchaín Conchobuir goro géis a scíath for Conchobor.-Ára géised scíath Conchobuir, ra géistis scéith Ulad uile. -Giaro
4745] boí dá threisi & dá tharpigi ra búail Fergus a scíath bar Conchobor, ra boí dá chalmacht & dá churatacht ra chongaib Conchobor in scíath connára chomraic ó in scéith ra hó Conchobuir cid itir.

‘Amae, a firu!’ bar Fergus. ‘Cía concongbathar scíath rum-sa indiu 'si lló bága sa airm condrecgat cethri ollchóiceda Hérend bar
4750] Gárig & Ilgárig i cath Tána Bó Cúalnge?’ ‘Gilla iss ó & iss imláne and so andáe ale, & rap ferr máthair & athair, fer rat indarb át chrích & át ferand & át forbba, fer rat chuir i n-adba oss & fíadmíl & sinnach, fer nára léic leithet da gabail badéin dit chrích ná dit ferand dait, fer rat chuir ar bantidnacul mná, fer rat sáraig im tríb maccaib Usnig do
4755] marbad far th'einech fecht n-aill, fer rat dingéba indiu i fiadnaisi fer nHérend, Conchobor mac Fachtna Fáthaig meic Rossa Rúaid meic Rudraigi, ardrí Ulad & mac ardríg Hérend.’

‘Immánic-sea ón omm,’ bar Fergus. Acus tuc Fergus a dá láim arin Caladbolg & rabert béim de dar aiss síar goro chomraic
4760] a fográin ri talmain, & da mídair a thrí bráthbémmenda Bodba da béim bar Ultaib comtís lir a mmairb andá a mbí. Dachonnaic Cormac Cond Longas mac Conchobuir éside & rabert side d'indsaigid Fergusa & ra iad a dá láim thariss. ‘Aicclech nád aicclech sain, a mo phopa Ferguis. Náimdemail nád charddemail sain, a mo


p.132


4765] phopa Ferguis. Anchellach nád anchellach sain a mo phopa Ferguis. Ná marbtar & ná mudaigter lett Ulaid trí bíthin do bráthbémmenda, acht imráid a n-einech 'si lló bága sa indiu.’ ‘Scuich bius .i. úaim, a meic,’ bar Fergus, ‘dáig nída beó-sa meni benur mo thrí bráthbémmenda Bodba bar Ultaib indiu
4770] gorsat lir a mmairb andás a mbí.’

‘Taí do lám go fáen ale,’ bar Cormac Cond Longas, ‘& tesc na tilcha dar cendaib na slúag, & bud dídnad dit feirg.’ ‘Ráid ra Conchobor táet 'na inad catha didu.’ Tánic Conchobor 'na inad catha.


4775] Is amlaid ra boí in claideb sain, claideb Fergusa, claideb Leiti a sídib é Inn úair ba háill búalad de 'no, ba métithir ra stúaig nimi i n-aeór é Is and sain táeiss Fergus a láim go fáen dar cendaib na slúag goro thesc a trí cindu dina trí tulchaib, go failet 'sin ríasc bad fiadnaisi. Gorop íat na trí Máela Mide and sain.


4780] Imthúsa Con Culaind and so innossa: rachúala-saide in nÓchaín Conchobuir 'gá búalad d'Fergus mac Róig. ‘Maith a mo phopa Laíg,’ bar Cú Chulaind, ‘cía conlinfadar in nÓchaín mo phopa Chonchobuir do thúarggain amlaid seo & messi im bethaid?’ ‘Telggai boga fuile, formach n-áir ale,’ bar Láeg. ‘An fer Fergus
4785] mac Róig. Bacleth claideb carpait a ssídib. Rasíacht eochraide mo phopa Conchobuir cath.’

‘Oslaic go troit túaga, a gillai,’ bar Cú Chulaind. {folio 103a} And sain focheird Cú Chulaind móroscur de co llotar a thúaga de go Mag Túaga i Connachtaib. Lotar a bacca de go Bacca i Corco M'rúad.
4790] Lotar na suipp sesca bátar 'na áltaib i cléthib aeóir & firmiminti feib is sía thiagait uiss i lló áille nád bí gáeth. Ra gabsat a fuli ilgremma de gorbo lána tairchlassa & eittrigi in talman dá fulib & dá gáeib cró Is é céternmas ngascid daringni-sium ár n-érgi na dá banchánti bátar ac fáschuí & ac fásguba .i. Fethan & Cholla,
4795] barressairg cách díb da chind araile gorbo derg dá fuil & gorbo liath dá n-inchind. Ní fargbad a arm 'na farrad-som itir acht a charpat ammáin. Acus ra gab-som a charpat re aiss & tánic reme d'indsaigid fer nHérend & ra gab dá charpat forro go rránic go airm i mbaí Fergus mac Róig. ‘Táe ille, a mo phopa Ferguis,’ bar ésium. Níra


p.133


4800] frecair Fergus ór ní chúala. Atubairt-sium arís. ‘Táe ille, a mo phopa Ferguis,’ bar ésium, ‘ná mani tháe ille, rat meliub mar meles muilend múadbraich. Rat nigiub mar negair coipp a lundu .i. lind usci. Rat nasciub mar nasces féith fidu. Ras lécub fort feib ras léic séig far mintu.’ ‘Rommánic-sea ón omm,’
4805] bar Fergus. ‘Cía conlinfadar na balcbríathra Bodba so do ráda frim-sa airm condrecgat cethri ollchóiceda Hérend for Gáríg & Ilgáríg i cath Tánad Bó Cúalnge?’ ‘Do dalta-su and so,’ bar ésium, ‘& dalta Ulad & Choncobuir bar chena, Cú Chulaind mac Sualtaim, & ro gellaisiu teiched remum-sa inbaid bad chréchtach
4810] crólinnech tretholl mé for cath na Tána, dáig ra thechiusa romut-sa ardo chomlond féin for Tánaid.’

Atchúala Fergus sain & ra impá & tucastar a thrí coscémmenda láechda lánmóra, & óra impá-som, ra impátar fir Hérend uile. Da maid d'feraib Hérend dar tilaig síar. Tarrassaid inn irgal im
4815] chend Connacht. I mmedón laí tánic Cú Chulaind dochum in chatha. Tráth funid nóna da maid din budin dédenaig de Chonnachtaib dar tilaig síar. Nír diruais don charpat i lláim Con Culaind risin ráe sin acht dorn dina bassaib immon roth & bass dina fertsib immon creitt, acht ic airlech & ic essargain cethri
4820] n-ollchóiced nHérend risin ré sin.

And sain geibis Medb scíath díten dar éis fer nHérend. And sain faítte Medb in Dond Cúalnge co coíca dá samascib imbe & ochtor dá hechlachaib leiss timchell co Crúachain. Gipé rasossed, gipé ná rossed, go rossed in Dond Cúalnge feib ra gell-si. Is and
4825] drecgais a fúal fola for Meidb & itbert: ‘Geib, a Ferguis,’ bar Medb, ‘scíath díten dar éis fer nHérend goro síblur-sa m'fúal úaim.’ ‘Dar ar cubus,’ ar Fergus, ‘is olc in tráth & ní cóir a dénam.’ ‘Gid ed ní étaim-sea chena,’ bar Medb, ‘dáig nída beó-sa meni síblur-sa m'fúal úaim.’ Tánic Fergus & gebid scíath díten dar éis fer
4830] nHérend. Siblais Medb a fúal úathi co nderna trí tulchlassa móra de co taille munter in cach thurchlaiss. Conid Fúal Medba atberar friss.

Ruc Cú Chulaind furri ac dénam na huropra sain & níra gonastarsum; ní athgonad-sum 'na díaid hí. ‘Ascaid dam-sa úait indiu,
4835] a Chú Chulaind,’ bar Medb. ‘Gia ascaid connaige?’ bar Cú


p.134

Chulaind. ‘In slúag sa bar th'einech & ardo chommairgi go rroset dar Áth Mór síar.’{folio 103b} ‘Gondnoim-sea ón omm,’ bar Cú Chulaind.

Tánic Cú Chulaind i timchell fer nHérend & gebis scíath díten din dara leith díb d'imdegail fer nHérend. Táncatar ferchutredaig fer
4840] nHérend din leith aile. Tánic Medb 'na hinad féin & gebis scíath díten dar éis fer nHérend & rucsat leó bán cóir sin fir Hérend dar Áth Mór síar.

And sain daríacht a chlaideb d'indsaigid Con Culaind & rabert béim dona tríb Máelánaib Átha Lúain i n-agid na trí Máela Mide
4845] goro ben a trí cindu díb.

And sain ra gab Fergus ac tachim in tslúaig ac dula a Áth Mór síar. ‘Rapa chomadas in lá sa indiu ám i ndíaid mná,’ ar Fergus ‘Condrecat lochta ra fulachta and so indiu’ bar Medb ra Fergus. ‘Ra gattá & ra brattá in slúag sa indiu. Feib
4850] théit echrad láir rena serrgraig i crích n-aneóil gan chend cundraid ná comairle rempo, is amlaid testa in slúag sa indiu.’

Imthúsa Medba sunna innossa, ra timsaigit & ra timmairgit fir Hérend lé-si go Crúachain go factis gleicc na tarb.

IMthúsa in Duind Chúalnge sunda innossa, á 'tchonnaic-sén in
4855] tír n-álaind n-aneóil, rabert a thrí resse gémmend bar aird. Atchúala in Findbennach Aí éside. Ní lamad míl firend géisecht bud airdde ná gúasacht aci-side eter cethraib átha Aí uile, Áth Moga & Áth Coltna, Áth Slissen & Áth mBercha, & túargab a chend go díing tánic reme go Crúachain d'indsaigid in Duind Chúalnge.


4860] Is and sain ra ráidsetar fir Hérend cía bud fiadnaisi dona tarbaib. Iss ed ra ráidset uile gombad é Bricriu mac Garbada. - Dáig blíadain résin scél sa Tánad Bó Cúalnge tánic Bricri d'faigde Fergusa assin chóciud i n-araile, & ra fost Fergus ace é ic irnaide ra sétaib & ra maínib. Acus darala eturru ic imbirt fidchilli &
4865] Fergus & atrubairt-sium aithis móir ra Fergus. Dabert Fergus béim dá durn dó-som & dind fir baí 'na láim goro thoilg in fer 'na chind go róebriss cnáim ina chind. In fat ra bátar fir Hérend i slúagiud na Tána, ésium 'gá leiges i Crúachain risin ré sin. Acus


p.135

in lá tháncatar din tslúagud, is és lá ra érig-sium. -Dáig níra
4870] choitchinniu Briccni dá charait andá dá námait. Acus tucad far bernaid i fiadnaisi na ndam é.

Atchonnaic cách a chéile dina tarbaib & foclassa búrach dóib and & fócerddetar in n-úir thairsiu. Ra chlaitar in talmain dara formnaib & dara slinneócaib, & ra rúamnaigsetar a rruisc {folio 104a} ina
4875] cendaib dóib immar cháera tenda tentide. Ra bulgsetar a n-óli & a sróna mar bulgu goband i certchai, & rabert cách díb blascbéim brátha d'indsaigid a chéile. Ra gab cách díb bar tollad & bar tregdad & bar airlech & bar essorgain araile. And sain ra immir in Findbennach meirbflech a astair & a imthechta & na sliged barin
4880] Dond Cúalnge, & ra sáid adairc ina tháeb & brissis búrach fair. Iss ed rucsat a rrúathur go hairm i mbáe Bricni goro bertsatar ingni na tarb ferchubat fir i talmain é arna bás. Conid Aided Bricni and sain.

Atchonnaic Cormac Cond Longas mac Conchobuir anísin & ro
4885] gabastar fogeist dárbo lán a glacc & rabert trí béimmenna don Dond Chúalnge ó ó go erboll. ‘Nírap sét suthain suachnid dún in sét sa,’ bar Cormac, ‘dáig ná tic de láeg a chomaísi badéin do dingbáil.’ Atchúala Dond Cúalnge annísein & báe ciall dunetta aice & ra impá risin Findbennach & go 'mmarálaid dóib assa aithle
4890] d'imbúalad ri ré cían & ri remis fota goro laig inn adaig bar feraib Hérend. Acus ára laig inn adaig, ní rabi ac feraib Hérend acht éstecht re fúaim & re fothrom. Ra sirset na daim Hérind uili in n-aidchi sin.

Nírbo chían d'feraib Hérend dá mbátar and mochrád arnabárach
4895] go faccatar in Dond Cúalnge dar Crúachain aníar in Findbennach Aí ina ascarnaig ara bennaib & ara adarcaib. Ra éirgetar fir Hérend & ní fetatar cía dina tarbaib ra báe and. ‘Maith a firu,’ bar Fergus, ‘léicid a óenur más é in Findbennach Aí fail and, & más é in Dond Cúalnge, léicid a choscor leis. Natiur-sa bréthir is bec i ndernad
4900] imna tarbaib i farrad na ndingéntar innossa.’

Tánic in Dond Cúalnge. Tuc a dess ri Crúachain & ra fácaib crúach dá óeib and, gorop de atá Crúachna Áe.

Tánic reme go himmargain Átha Móir & ra fácaib a lón in Fndbennaig and, gorop de dá tá Áth Lúain.


4905] Tánic sair reme i crích Mide co Áth Troim goro fácaib a thromm ind Findbennaig and.


p.136

Túargaib a chend go díing & ra chroth in Findbennach de fo Hérind. Ra chuir a láraic de co Port Large. Ra chuir a chlíathaig úad go Dublind rissa rátter Áth Cliath. Tuc a aged fathúaid assa
4910] aithle & tuc aichni far tír Cúalnge & tánic dá hindsaigid. Is and ra bátar mnáa & meicc & mindóene ac coíniud in Duind Chúalnge. Atchondcatar-som a thaul in Duind Chúalnge dá saigid. ‘Taul tairb chucaind!’ bar íat-som. Conid de atá Taul Tairb ó sein anall.

{folio 104b}


4915] And sain imsóe in Dond Cúalnge fa mnáib & maccaib & mindóenib tíri Cúalnge & curis ár mór forro. Tuc a druim risin tilaig assa aithle & ro maid cnómaidm dá chride 'na chlíab.

Gorop a hús & a imthúsa & a deired na Tánad gonici sein.