Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 38

Imthúsa Chon Ruí meic Dáire sund innossa


3945] RAcúas dó-saide óenfer ac fostod & ac immfuirech chethri n-ollchúiced Hérend ó lúan taite samna co taite n-imboilg. Acus ba dimbág laisium anísein & ba rochían leis bátar a munter 'na écmais, & tánic reme do chomlund & do chomruc ra Coin Culaind. Acus and úair ránic-sium go airm i mbaí Cú Chulaind,
3950] rachonnaic-sium Coin Culaind and caíntech créchtach tretholl, & níro miad & níro maiss leisium comlund ná chomrac do dénam riss aithle chomraic Fir Diad ar bíth arnábad mó bud marb Cú Chulaind dina cnedaib {folio 93a} & dina créchtaib dorat Fer Diad fair inn úair reime. Acus gid ed tarcid Cú Chulaind dó-som comrac & comlund do
3955] dénam ris-seom.

Tánic Cú Ruí reime assa aithle d'indsaigid fer nHérend. Acus and úair ránic-sium, atchondairc-sium Amairgin and & a uille chlé fáe ri Taltin aníar. Tánic Cú Ruí ri feraib Hérend atúaid. Ra ecratar a munter é de chlochaib & chorthib & táthleccaib móra &
3960] ra gab ac díburgun i n-agid i n-agid .i. i n-agid Amargin co'mbofrecraitis na bairendlecca bodba i nnélaib & i n-aéraib úasu co ndénad chét cloch di cach óenchloich díb. ‘Ar fír do gascid fritt, a Chú


p.110

Ruí,’ ar Medb, ‘scuir dún díburgun dáig ní furtacht ná fórithin tic dún de acht is mífurtacht tic dún de.’ ‘Tiur-sa bréthir,’ bar Cú
3965] Ruí, ‘ná scuriub-sa co brunni brátha & betha coro scuirea Amargin.’ ‘Scoirfet-sa,’ bar Amargin, ‘& geib-siu fort ná ticfa d'fortacht ná d'fórithin fer nHérend ní bas mó.’ ‘Fáemais Cú Ruí anísein. Acus tánic Cú Ruí reme d'indsaigid a chríche & a muntire.’

Ráncatar dar Taltin síar risin ré sin. ‘Ní hed ra nasced,’ bar
3970] Amargin, ‘itir gan na slúaig do díburgun arís.’ Acus tánic riu aníar & imsóe reme dar Taltin sairtúaid íat, & ra gab 'gá ndíburgun ra ré cían & ra reimes fata.

Is and sain dano ra ráidsetar fir Hérend nábad athis d'Amargin dúnad & longphort d'falmugud dó & na slúaig do thecht uide lá
3975] for cúlu fathúaid doridisi dá fostud & dá n-imfuirech & a gním gascid do scur dona slúagaib ar co tíssed chuccu do ló in mórchatha airm condricfaitis cethri ollchóicid Hérend for Gárig & Ilgárig i cath Tánad Bó Cúalnge. Fáemais Amargin anísin acus lotar na slúaig uide lá for cúlu fathúaid doridisi.


3980]

Conid Ossligi Amargin i Taltin and sain.