Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 36

{folio 92a}

Bángleó Rochada and so innossa

REochaid mac Fathemain éside d'Ultaib. Trí choícait láech ba sed a lín. Acus ra gab tilaig agid i n-agid dona slúagaib.
3865] Atchondaic Findabair ingen Ailella & Medba anísein. Acus ra baí-si 'gá rád ria máthair ri Meidb: ‘Ra charusa in láech út úair chéin ám,’ bar sí, ‘& iss é mo lennán é & mo roga tochmairc.’ ‘Má ra charais, a ingen, fáe leis dádaig & guid fossad dún fair dona slúagaib go tí chucaind do ló in mórchatha airm condricfat cethri
3870] ollchóicid Hérend for Gárig & Ilgárig i cath Tána Bó Cúalnge.’ Fáemais Reochaid mac Fathemain anísein & fáeiss ind ingen dádaig leis.

Rachúala sein airrí de Mumnechaib ra boí 'sin longphurt. Báesium 'gá rád ria muntir: ‘Banassa dam-sa ind ingen út uair chéin
3875] ám,’ bar ésium, ‘& is aire thánac-sa in slúaged sa don chur sá’ Cid trá acht airm i mbátar na secht n-airríg de Mumnechaib, iss ed ra ráidsetar uile conid aire-sin táncatar. ‘Cid dúnni 'no,’ bar íat-som, ‘ná ragmais-ni do dígail ar mná & ar n-ainig arna Manib fuil ac foraire dar éis in tslúaig ic Imlig in Glendamrach,’


3880] Is hí sin comairle ba nirt leó-som & atraachtatar-som cona secht tríchtaib cét. Atracht Ailill dóib cona tríchait chét. Atraacht Medb cona tríchait chét. Atraachtatar meic Mágach cona tríchtaib chét. Atraacht in Galéoin & in Mumnig & popul na Temrach. Acus fogníthea etargaire eturru co ndessid cách díb i fail araile & i fail
3885] a arm. Cid trá acht sul tarraid a n-etráin, torchratar ocht cét láech lánchalma díb. Atchúala sain Findabair ingen Ailella & Medba in comlín sain d'feraib Hérend do thuttim trena ág & trena accais, & ro maid cnómaidm dá cride 'na clíab ar féile & náre. Conid Findabair Slébe comainm ind inaid i torchair. Is and sain
3890] ra ráidsetar fir Hérend: ‘Is bán in gleó sa,’ bar íat-som, ‘do Reochaid mac Fathemain, ocht cét láech lánchalma do thuttim trina ág & trina accais & a dul féin cen fuligud gen fordergad fair.’

Conid Bángleó Rochada and sain.


p.108