Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 32

‘MAith a Fíngin, a fáthlíaig,’ bar Cethern mac Fintain, ‘gá
3760] cumcaisi & gá comairle doberi form-sa fadesta?’ ‘Iss ed atderim-sea rit ám,’ bar Fíngin fáthlíaig, ‘nír ármea do bú móra bar dartib issin bliadain se dáig gia dosrine ní tú ros méla & ní tharmnaigfet dait.’ ‘Is í sein cumcaisin & comairli dobertatar na lega aile form-sa acus is airchind ní ruc búaid ná
3765] bissech dóib & darochratar lim-sa, & ní mó béras búaid ná bissech dait-siu & dofaíthaisiu limm.’ Acus dabretha trénlúa tarpech dá choiss úad riss go tarla eter díb rothaib in charpait. ‘Is dúaig in lúa sengrintid sin ale,’ bar Cú Chulaind. Gorop de atá Úachtur Lúa i Crích Roiss ó sein anall gosindiu.


3770] Araí sein {folio 91a} barróega Fíngin fáthlíaig a roga do Chetharn mac Fintain: serglegi fada fair & fortacht & fórithin d'fagbáil assa athli ná dergleges teóra lá & teóra n-aidchi go n-imre féin a nert fora námtib. Is ed ón barróega Cethern mac Fintain dergleges teóra lá & teóra n-aidchi go n-imred féin a nert fora námtib, dáig iss ed
3775] ra ráidestar-som ná faigbed dá éis nech bud ferr leis dá athe nó dá dígail andás badessin. Is and sin conattacht Fíngin fáthlíaig smirammair for Coin Culaind do ícc & do leigess Chethirn meic Fintain. Tánic Cú Chulaind reme i ndúnud & i llongphort fer nHérend & na fúair d'almaib & d'étib & d'indilib and tuc leis ass


p.105


3780] íat. Acus dogní smirammair díb eter feóil & chnámaib & lethar. Acus tucad Cethern mac Fintain 'sin smirammair co cend teóra lá & teóra n-aidche & ra gab ac ól na smiramrach imme. Acus raluid in smirammair and etera chnedaib & etera chréchtaib, dara áltaib & dara ilgonaib. And sin atracht-som assin smirammair i cind teóra lá & teóra
3785] n-aidche. Acus is samlaid attracht & clár a charpait re broind arná tuitted a fobach & a inathar ass.

Is í sain amser luid a banchéile atúaid á Dún Da Bend & a chlaideb lée dó .i. Finda ingen Echach. Tánic Cethern mac Fintain d'indsaigid fer nHérend. Acht atá ní chena, bertis robod reme-seom
3790] d'Ítholl líaig Ailella & Medba. Dorala-saide marb de múaid móir eter chollaib na llega aile ra ré cían & ra remis fata. ‘Maith a firu Hérend,’ bar in líaig, ‘daria Cethern mac Fintain dabar saigid arna ícc & arna leges do Fíngin fáthlíaig, acus frithálter acaib é.’ Is and sain faítsetar fir Hérend étgud Ailella & a imscing n-órda
3795] immon corthe i Crích Ross combad fair no imbred Cethern mac Fintain a feirg ar tús ar torachtain. Atchondairc Cethern mac Fintain aní sin, étgud Ailella & a imscing n-órda immun corthe i Crích Ross, & andar leiss i n-écmaiss a fessa & a eólais bá sé Ailill bóe and fodessin. Acus rabert side dá saigid & ra sáid in claideb
3800] tresin corthe co ránic gonnice a irdorn. ‘Bréc and so,’ bar Cethern mac Fintain, ‘& immum-sa rabertad in bréc sa. Acus atiur-sa bréthir ná co fagaither acaib-si nech gabas in n-erriud rígdaide út imme &in n-imscing n-órda, ná scér-sa láma riu 'cá slaide & icá n-essargain.’ Rachúala sain Mane Andóe mac Ailella & Medba.
3805] Acus ra gab in n-erriud rígdaide imme & in n-imscing n-órda & tánic reme tri lár fer nHérend. Lilis Cethern mac Fintain co mór de. Acus tarlaic rót n-urchair dá scíath fair coro raind bil chondúail in scéith i trí co talmain hé eter charpat & araid & eocho. And sain ra théigsetar na slúaig imme da díb lethib co torchair accu issin
3810] chalad i rrabe.

Conid Caladgleó Cethirn and sin & Fule Cethirn.