Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 30

{folio 89a}ANd sain daríachtatar óendóene d'Ultaib and so innossa d'fortacht & d'fórithin Con Culaind .i. Senall Uathach & dá mac Gégge .i. Muridach & Cotreb, & rucsatar leó é go glassib &
3600] go aibnib críchi Conaille Murthemne do thúargain & do nige a chneda & a chréchta, a álaid & a ilgona i n-agthib na srotha sain & na n-aband. Dáig dabertis Túatha Dé Danand lubi & lossa ícce & slánsén for glassib & aibnib críchi Conailli Murthemne do fortacht & do fórithin Con Culaind comtís brecca barrúani na srotha díb.


3605]

Conid ed and so anmanda na n-aband legis sain Con Culaind: Sáis, Búain, Bithláin, Findglais, Gleóir, Glenamain, Bedg, Tadg, Telaméit, Rind, Bir, Brenide, Dichaem, Muach, Miliuc, Cumung, Cuilend, Gáinemain, Drong, Delt, Dubglass.