FErchú Longsech ésen do Chonnachtaib, baí-side
bar gail & bar fogail Ailella & Medba. Án ló
ra gabsatar ríge ní thánic fecht 'na ndúnud
ná slúagad ná hairc ná écen ná
écendál acht ac argain & ac indred a críchi
& a feraind dia n-éis. Is and barrecaibsium
2515]
i n-airthiur Aí in tan sain. Dá fer
déc bá ssed a lín. Racúas dó-som
óenfer ac fostúd & ac immfuirech cethri
n-ollchóiced Hérend ó lúan taite samna co
taite n-imbuilc ac marbad fir ar áth cach laí díb
& cét láech cach n-aidchi. Da mídair-sium a
chomairle aice ra muntir. Cid bad ferr dún in chomairle
dagénmais, bar ésium,
2520] ná dul d'fópairt ind fir út
fail ic fostúd & ac imfuirech cethri
n-ollchóiced Hérend & a chend
& a choscor do breith lind d'indsaigid Ailella & Medba.
Cid mór d'olcaib & d'écóraib daringsem ri
hAilill & ra Meidb, dagébam ar síd fair acht co
táeth in fer sain lind. Is hí-sein comairle ba nirt
leó-som, & táncatar rempo go airm i mbaí
2525]
Cú Chulaind, & and úair
tháncatar, ní fír fer ná comlond
óenfir ra damsatar dó acht imsáiset na dá
feraib déc fóe fa chétóir. Imsóe
Cú Chulaind friu-som 'no & eiscis a dá cend
déc díb fá chétóir &
sádis dá lia déc leó i talmain. Acus atbert cend
cach fir díb bara lííc & atbert cend Ferchon
Longsig 'no bara lííc.
Conid Cinnit
2530]
Ferchon Longsig áit i fargab Ferchú Longsech a
chend .i. Cennáit Ferchon.