Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 26

RA gabsat cethri ollchóicid Hérend dúnad & longphort acon chorthe i Crích Ross in n-aidchi sin. And sin conattecht
2475] Medb firu Hérend im nech díb do chomlond & do chomrac ra Coin Culaind arnabárach. Iss ed atdeired cach fer: ‘Níba missi,’ & ‘Níba mé as mo magin. Ní dlegar cimbid dom chenéol.’

And sin conattecht Medb Fergus do chomlund & do chomrac ra Coin Culaind ar ros fémmid firu Hérend. ‘Nírbo chomadas dam-sa
2480] sain,’ bar Fergus, ‘comrac ra gilla n-óc n-amulchach gan ulcha itir & ram dalta badessin,’ Cid trá acht a facessa Medb Fergus co tromm, da fémmid gana comrac & gana comlund do gabáil do láim. Dessetar in n-aidchi sin and. Atraacht Fergus co moch arnabárach & tánic reme co áth in chomraic co airm i mbáe Cú Chulaind.
2485] Atchonnairc Cú Chulaind dá saigid é. ‘Is fóenglinne {folio 80a} dotháet mo phopa Fergus dom saigid-se. Ní fuil claideb i n-intiuch na lúe móre leis. ’- Fír dó-som. Bliadain riasin sceol sa tarraid Ailill Fergus ic techt i n-óentaid Medba arsind lettir i Crúachain & a chlaideb arsind lettir 'na farrad, & tópacht Ailill in claideb assa
2490] intig & dobretha claideb craind dia inud, & dobert a bréthir ná tibred dó co tucad lá in chatha móir. -‘Cumma limm itir, a daltáin,’ bar Fergus, ‘dáig giana beth claideb and so, nít ricfad-su & ní himmértha fort. Acht arinn airer & arinn altrom rabertus-sa fort & rabertatar Ulaid & Conchobor, teich romum-sa indiu i fiadnaisi
2495] fer nHérend.’ ‘Is lesc lim-sa innísin ám,’ bar Cú Chulaind, ‘teiched ria n-óenfer for Táin Bó Cúalnge.’ ‘Ní lesc ám duit-siu ón,’ bar Fergus, ‘dáig techfet-sa remut-sa inbaid bus chréchtach crólinnech tretholl tú bar cath na Tána, & á theichfet-sa m'óenur, teichfit fir Hérend uile.’ Da baí dá mét rap áil do Choin Chulaind less
2500] Ulad do dénam co tucad a charpat d'indsaigid Con Culaind & co lluid na charat & tánic i mmadmaim & i teiched ó feraib Hérend. Atchondcatar fir Hérend anísin. ‘Ra theich romut! Ra theich remut, a Ferguis!’ bar cách. ‘A lenmain! A lenmain, a Ferguis!’ bar Medb. ‘Ná táet dít!’ ‘Aicce ón omm.’ bar Fergus, ‘nachas
2505] linub-sa secha so, dáig cid bec lib-si in cutrumma techid út rabertus-sa fair, ní thuc óenfer do feraib Hérend in neoch conarnecar ris ar Táin Bó Cúalnge. Is aire-sin ná co rísat fir Hérend timchell ar galaib óenfir, ní ricub-sa arís in fer cétna.’

Conid Comrac Fergusa and sin.


p.69