Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 17

Is ann sin do goiredh Lóch Mór mac Mo Febhis i bpubaill Oilella & Medpa. ‘Cid fa bfuilter dam-sa lib?’ ar Lóch. ‘Do chomrac duit fri Coin Culainn,’ ar Medhb. ‘Ní rach-sa don turas sin
1965] úair ní miedh nó maisi liom móethmaccóemh óg gan ulchain gan fhésóig d'ionnsaige & ní do bém aisge fair, acht atá agam fer a ionnsaighthe .i. Long mac Emónis, & gébaidh coma uaib-si.’ Do gairedh Loncc i bpubaill Oilella & Medba, & geallais Medb mórchomadha dhó .i. timtacht dá fher déc d'éudgadh gacha datha &
1970] carpat ceithri sheacht cumal & Finnabair d'óenmnaoi, & fes i cCrúachain do grés & fíon do dháil fair. Táinic ieram Long d'ionnsaige Con Culainn & marbais Cú Chulainn é.

Ráidis Medb fria banchuire teacht do agallaim Con Culainn da rádha fris ulcha smérthain do dénam fair. Tángatar in bantracht
1975] rempa ar amus Con Culainn co n-ebertitar fris ulcha smérthain do gabáil fair: ‘Úair ní fiú la dagláoch isin loncphort techt do chomrac frit & tú gan ulchain.’ Do chuir ieramh Cú Chulainn ulcha smérthain fair & táinic arin tulaigh ós cionn bfer nÉrenn & taisbénais in ulcha sin dóib uile i ccoitchinne.


1980] Atchonnairc Lóch mac Mo Febhis sin & is edh adubairt: ‘Ulcha sút ar Coin Culainn.’ ‘As edh ón atchíu,’ ar Medp. Geallais Medb na mórchomadha cétna do Lóch ar coscc Con Culainn. ‘Rachat-sa dá ionnsaige,’ ar Lóch.


p.54

Tic Lóch d'ionnsaighe Con Culainn go dtarla dá chéle iet icin
1985] áth inar thuit Long. ‘Tair romainn arin áth n-úachtarachh,’ ar Lóch, ‘úair ní comraicfem arin áth so.’ Ar ba háth heascoman les-siom in t-áth fora dtorchair a bhráthair. Iar sin ro comraicsit forsan áth úachtarach.

Is ann sin táinic in Morrígan ingen Ernmais a síodaibh do
1990] admilledh Con Culainn, ar ro gellastair for Táin Bó Regamna go dtiocfad do aidhmilledh Con Culainn in tráth do beith ig comrac fri degláoch for Táin Bó Cúailnge.Tainic ieramh in Morrígan ann sin i rriocht samaisci finne óderge co coícait samasc uimpi & ronn fiondruine itir gach dá samaisc díoph. Dobertsat in banntracht gesa &
1995] airmberta for Coin cCulainn dá ttísadh úadh gan fhosdadh gan aidmilledh fuirre. Dobert Cú Chulainn rót n-urchuir di gur bris lethrosc na Morrígna. Táinic dano in Morríghan ann sin i rriocht escuinge slemne duibi lasan sruth. Tét ieramh forsan lind gurrus iomnaisg fo chosaibh Con Culainn. An fad boí Cú Chulainn agá
2000] díchur de, ro ghon Lóch urtharsna é tre chompar a chléb. Táinic ieramh in Morrígan i riocht saidhi gairbi glasrúaidhi. Cien goirit boí Cú Chulainn igá díchur dhe, ro ghon Lóch é. Iar sin ro érigh fercc Con Culainn ris
(&){MS folio 75a} gonais Cú Chulaind Lóch din gai bulga coro thregda a chridi 'na chlíab. ‘Ascid dam ifechtsa, a
2005] Chú Chulaind,’ bar Lóch. ‘Gia ascid connaige?’ ‘Ní ascid anacail nó midlachais iarraim-se fort,’ bar Lóch. ‘Teilg traigid dam corop ar m'agid sair tóethus & nárap dar m'aiss síar co firu Hérend, arná rádea nech díb is roí madma nó techid dam remut-sa, dáig torchar din gae bulga.’ ‘Teilcfet,’ bar Cú Chulaind, ‘dáig is láechda ind ascid
2010] connaigi.’ Ocus teilgis Cú Chulaind traigid ar cúl dó. Conid de fil in t-ainm forsind áth ó sin .i. Áth Traiged i cind Tíri Móir.