Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 8

Lotar na slúaig arnabárach go ráncatar Glaiss Cruind & barrróbratar
1350] in nGlassi & forfémdetar a techt. Ocus Clúain Carpat comainm in chétinaid áit mal connarnectar. Is de dia tá Clúain Carpat forsin dú sin ar bíth cét carpat ruc in Glassi díb co muir. Rádis Medb fria muntir ar co ndigsed láech díb do fromad na haba. Ocus atraacht óenláech prósta mór di muntir Medba, hÚalu a chomainm,
1355] & gebis nertlía cloche fria ais & dotháet-aide dia fromad na Glassi & focheird in Glaiss for cúlu é, marb cen anmain, a lía fora druim. Rádis Medb ar co tucthá anís & ara claitte a fert & ara túargabtha a lía. Conid de atá Lía Úaland i crích Cúalnge.

Lilis Cú Chulaind co mór dena slúagaib in lá sain ic iarair comraic
1360] & comluind forru & marbais cét láech díb im Róen & im Roí, im dá senchaid na Tána.

Rádis Medb fria muntir ara tíastais i comruc & i comlund fri Coin Culaind. ‘Níba messi,’ & ‘níba mé,’ ar cách assa magin. ‘Ní dlegar cimmid dom muntir. Giano dlestea, ní mé no ragad i n-agid Con
1365] Culaind dáig ní réid comrac ris.’

Táncatar na slúaig fri táeb na Glassi dáig fosrémdetar a techt go ráncatar airm i táet in Glassi assin tslíab, & dámbad áil dóib, bacóistís eter in Glassi & in slíab acht ní arlacair Medb, acht in slíab do chlaidi & do letrad rempi combad ail & combad athis for
1370] Ultaib, & conid Bernais Tána Bó Cúalnge ainm in inaid ó sain dáig taris rucad in táin iar tain.

Gabsat cethri ollchóiceda Hérend dúnad & longphort in n-aidchi sin ic Bélut Aileáin. Bélat Aileáin a ainm connici sain, Glend TáiI immorro a ainm ó sain ara mét ra thálsat na halma & na immirgi
1375] a loim & a lacht and do feraib Hérend. Ocus Líasa Líac ainm aile dó, ar is de atá in t-ainm fair ar is and ro sáidset fir Hérend léss & machad dia n-almaib & dia n-immirgib.

Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co ráncatar inní co Sechair. Sechair a ainm na aband co sin. Glass Gatlaig a ainm ó sain. Is


p.38


1380] de dano atá in t-ainm furri úair ba i ngataib & róoib tucsat fir Hérend a n-alma & a n-immirgi tarsi & léicset na slúaig uile a ngait & a róe lasin nglais iar tíachtain tarsi. Is as sain ainm Glassi Gatlaig.

Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co ragbatar dúnad & longphort i nDruim Én i crích Conaille Murthemne in n-aidchi sin & gabais
1385] Cú Chulaind acond Ferta i lLergga 'na fírfocus in n-aidchi sin. Ocus cutlaigis & bertaigis & crothais Cú Chulaind a armu in n-aidchi sin co n-ebailt cét láech din tslúag ar gráin & ar ecla & ar úamun Con Culaind. Rádis Medb fri Fiachu mac Fir Aba di Ultaib ar co ndigsed d'acallaim Con Culaind do brith choma dó. ‘Ciarso choma
1390] no bértha dó?’ for Fiachu mac Fir Aba. ‘Ní handsa.’ ar Medb. ‘Imdéntar leis do neoch ro milled d'Ultaib coro ícthar friss feib as dech atbérat fir Hérend. Feiss i Crúachain do grés dó, fín, & mid do dáil{MS folio 70a} fair & tíchtain im géilsine-se & i ngélsine Ailella dáig is sochru dó andás beith i ngélsine ind ócthigerna icá tá.’—Conid sí
1395] bríathar is mó gén & tarcassul ro ráided for Táin Bó Cúalnge .i. ócthigern do dénam din chúicedach is dech buí i nHérind .i. di Chonchobur.

Tánic iarum Fiachu mac Fir Aba do acallaim Con Culaind. Ferais Cú Chulaind fáilti fris. ‘Tarissi limm.’ ‘Tairisi duit-siu
1400] ón.’ ‘Dot acallaim tánac ó Meidb.’ ‘Cid dobertais latt?’ ‘Imdéntar latt anro milled d'Ultaib coro ícthar frit feib as dech atbérat fir Hérend. Feiss i Crúachain dait, fín & mid do dáil fort, & tíchtain i ngélsine Ailella & Medba dáig is sochru dait andás bith i ngélsine ind ócthigerna icá taí.’ ‘Nithó omm,’ ar Cú Chulaind. ‘
1405] Ní recfaind-se bráthair mo máthar bar ríg n-aile.’ ‘Ocus ar co tís co moch imbárach i n-erus Medba & Fergusa co Glend Fochaíne.’

Luid iarum Cú Chulaind co moch arnabárach co Glend Fochaíne. Dotháet dano Medb & Fergus 'na chomdáil. Ocus tincais Medb ar Coin Culaind & cessis a menma fair in lá sain dáig ar bíth ní mó ná
1410] mod maccaím lée atacaemnaic. ‘Inn é sút in Cú Chulaind airdairc atberi-siu, a Ferguis?’ ar Medb. Ocus ra gab Medb ar acallaim Fergusa & dorigni laíd:

    1. Más é ucain in Cú cain
      itirid-si infar nUltaib,

      1415] ní thabair a thraig fri tend
      ná dingaib d'feraib Hérend.

    p.39

    1. Cid óc in Cú sin atchí
      imriada Mag Murthemni,
      ní tabhair fri talmain traig

      1420] ná dingba ar galaib óenfir.

    1. Berar coma úan don láech,
      mad dia tí taris is báeth,
      leth a bó dó is leth a ban
      & clóechládh sé a gasced.


    1. 1425] Fó lim gana chlóthar úaib
      in Cú din Murthemni múaid,
      ní hecal ria ngním ngarb nglé
      rafetar más éside.

    M.

‘Acaltar úait Cú Chulaind, a Ferguis,’ ar Medb. ‘Nithó,’ ar
1430] Fergus, ‘acht acall-su fessin é,’ for Fergus, ‘dáig ní cían etruib immun glend sund, im Glend Fochaíne.’ Ocus forfópart Medb for acallaim Con Culaind & dorigni laíd:

    1. A Chú Chulaind cardda raind,
      dingaib dín do chrantabaill,

      1435] ron báid-ne do gleó garb glé
      ror briss is ror búaidre.

    1. A Medb do Múr mac Mágach,
      nídam drochláech dimbágach,
      noco tréciub duit frim ré

      1440] immáin Tána Bó Cúalnge.

    1. Mad dia ngabtha-su úanni,
      a Chú chomramach Cúalngi,
      leth do bó & leth do ban
      rot biad dáig is ecengal.


    1. 1445] Dáig is mi re recht rubad
      ársid imdegla Ulad,
      noco géb co tartar dam
      cach bó blicht, cach ben Gáedel.

    p.40

    1. Is romór a nad-maíde

      1450] ar cur áir ar ndegdaíne,
      formna ar n-ech is formna ar sét
      araí óenfir d'imchomét.

    1. A ingen Echach Find Fáil,
      nídam maith-se oc immarbáig,

      1455] acht cidam láech-sa-líth nglé-
      att úaitte mo chomairle.

    1. Ní athis duit na 'tbere,
      a meic drongaig Dechtere,
      is robladach duit-siu in raind,

      1460] a Chú chomramach Culaind.

    A.

Aithle na laíde sin: Níra gab Cú Chulaind nach comai conaittecht fair. Ra díscaílset immon nglend fón samlaid sin & balotar ass tria chomfeirg di leith for leth.

Gabsat cethri ollchóiceda Hérend dúnad & longphort trí lá & trí
1465] aidche ic Druim Én i Conaille Murthemne. Acht níro sádit sosta nó pupla & ní dernad praind nó tomaltus leó & níra canait ceóil ná arfiti leó na trí aidchi sin, & no marbad Cú Chulaind cét láech cach n-aidchi díb co solustráth n-érgi arnabárach. {MS folio 70b}‘Níbat búana ar slúaig fón samlaid seo,’ ar Medb, ‘dia mmarbad Cú Chulaind cét
1470] láech cach n-aidche úan. Cid ná berar coma do & nach acaltar úaind é?’ ‘Ciarso choma sain?’ ar Ailill. ‘Berar 'n-as blicht dond alaid dó & 'n-as dáer na braiti & cosced a chranntabaill d'feraib Hérend & léiced écin cotlud dona slúagaib.’ ‘Cia ragas frisin coma sin?’ ar Ailill. ‘Cia,’ bar Medb, ‘acht Mac Roth ind echlach.’ ‘Ní
1475] rag omm,’ bar Mac Roth, ‘dáig nírsa eólach etir & ní fetar gia airm inda fil Cú Chulaind.’ ‘Iarfaig do Fergus,’ ar Medb, ‘is dóig a fiss lais.’ ‘Ní fetar-sa ém,’ ar Fergus, ‘acht óen ba dóig lem a bith eter Fochaín & muir ic lécud gaíthe & gréne fóe ar nemchotlud na aidchi arráir ic slaide & ic áirdbe in tslúaig a óenur.’ Fír dó-som sain.


1480] Ferais tromsnechta in n-aidchi sin corbo chlárfind nó corbo clárenech uili cóiceda Hérend don tsnechtu. Ocus focheird Cú Chulaind de na secht cneslénti fichet cíardai clárda bítis fo thétaib & rifetaib fria chnes arnacha ndechrad a chond céille tráth doficfad a lúth láthair. Ocus legais in snechta trícha traiged ar cach leth
1485] úad ra méit brotha in míled & ra tessaidecht cuirp Con Culaind, &


p.41

ní chaemnaic in gilla bith i comfocus dó itir ra mét na feirge & bruthmaire in míled & ra tessaidecht in chuirp.

‘Óenláech cucaind, a Chúcúcáin,’ for Láeg ‘Cinnas láech?’ ar Cú Chulaind. ‘Gilla dond drechlethan álaind. Bratt dond
1490] derscaigthech immi, bruthgae umaidi 'na brut. Tarbléni trebraid fria chness. Dá bernbróic etera dá choiss is talmain. Mátadlorg findchuill issindara láim. Claideb lethfáebair co n-eltaib dét 'sind láim anaill dó.’ ‘Aile a gillai,’ ar Cú Chulaind, ‘comartha n-echlaige sin. Cia d'echlachaib Hérend sin do imlúad athisc & irlabra frim-sa.’


1495] Doroacht Mac Roth iarum co ránic airm i mbáe Láeg. ‘Ciarsat comainm céli-siu, a gillai?’ ar Mac Roth. ‘Am chéli-se ind óclaíg út túas,’ ar in gilla. Tánic Mac Roth cosin magin i mbaí Cú Chulaind. ‘Ciarso comainm céli-siu, a óclaíg?’ ar Mac Roth. ‘Am céle-se Conchobuir meic Fachtnai Fáthaig.’ ‘In fail ní as derbiu latt ná
1500] sain?’ ‘Lór sain itráthsa,’ ar Cú Chulaind. ‘Ar co festa-su dam-sa cia airm i faigbind in Coin Culaind airdirc seo immna n-egat fir Hérend in cur sa barin tslúagud sa.’ ‘Cid atbértha-su friss nad ebertha frim-sa?’ ar Cú Chulaind. ‘Dá acallaim tánac ó Ailill & ó Meidb ra coma & ra caínchomrac dó.’ ‘Cid dobertaisiu latt dó?’ ‘
1505] A n-as blicht dond alaid dó & a n-as dáer don brait, & coisced a chranntabaill dona slúagaib, dáig ní súairc in torandchless dogní-sium forro cacha nóna.’ ‘Cid airchind beth intí connaigi-siu i comfocus, ní gébad na comai conattgisiu, dáig mairfit Ulaid a mblechtach do gressaib & glámmaib & gríssaib dar cend a n-aenig mani bé sescach
1510] occu, & dano dobérat a mná dáera bar lepthaib dóib & ásfaid dáermaicne i crích Ulad a lleth ó máthrechaib samlaid.’ Luid Mac Roth ar cúl. ‘Nád fúarais aile?’ ar Medb. ‘Fuar-sa ém gilla grúamda ferggach n-úathmar n-anniaraid eter Fochaín & muir. Ní fetar ém inn é in Cú Chulaind.’ ‘Inra gaib na comai sin?’ ‘Nád
1515] ragaib écin.’ Ocus innisis Mac Roth inní donára gaib. ‘Is ésium ra acallais,’ ar Fergus.

‘Berar coma aile dó,’ ar Medb. ‘Ciarso choma?’ bar Ailill. ‘Berar 'n-as seisc ind alaid dó & 'n-as sáer na braiti, & coisced a chranntabaill dona slúagaib dáig ní súairc in torandchless dogní
1520] forro cacha nóna.’ ‘Cia ragas frisin coma sin?’ ‘Cia acht Mac Roth.’ ‘Ragad omm,’ ar Mac Roth, ‘dáig amm eólach don chur sa.’ Tánic Mac Roth d'acallaim Con Culaind. ‘Dot acallaim tánac don chur sa dáig rafetar is tú in Cú Chulaind airdairc.’ ‘Cid dobertais latt samlaid?’ ‘N-as seisc ind alaid & 'n-as sáer na braiti, & coisc


p.42

do cranntabaill{MS folio 71a} do feraib Herend & léic cotlud d'feraib Hérend nó dona slúagaib, dáig ní súairc in torandchless dogní-siu forro cacha nóna.’ ‘Nád géb-sa na coma sain, dáig mairfit Ulaid a sescach dar cend a n-aenig, ar it fíala Ulaid, & beit Ulaid can sescach & can blechtach itir. Dobérat a mnáa sáera ar bróntib & lostib & mugsaine
1530] & dáeropair dóib. Ní maith lim-sa ind ail sin d'ácbáil i nUltaib dar m'éis, cumala & banmogaid do dénam d'ingenaib ríg & rígthoísech Ulad.’ ‘In fail coma gaba-su itir ifechtsa?’ ‘Fail écin,’ ar Cú Chulaind. ‘In n-epir-ssu frim-sa in coma amlaid?’ ar Mac Roth. ‘Dar mo bréthir,’ ar Cú Chulaind, ‘ní mé adféta dúib.’ ‘Ceist
1535] didiu?’ ar Mac Roth. ‘Má tá ocaib 'sin dún ar medón,’ ar Cú Chulaind, ‘rofessad na coma fail ocum-sa, ráded frib. Ocus máni fail, ná tecar dom innaigid-se ní bas mó im choma nó im cháenchomrac, ar cipé tí, bid sé fot a sáeguil.’ Luid Mac Roth ar cúl & imfacht Medb scéla de. ‘In fúarais?’ ar Medb. ‘Fúar omm écin,’
1540] ar Mac Roth. ‘Inra gab?’ ar Medb. ‘Nád ragab,’ ar Mac Roth. ‘In fail coma gabas?’ ‘Fail dano atbeir.’ ‘In n-ébairt-sium frit-su in choma sain?’ ‘Is hí ém a bríathar,’ ar Mac Roth, ‘nába é dosféta dúib.’ ‘Ceist didiu?’ ar Medb. ‘Acht má tá lind ar medón rofessed na coma fail lais-sium, asberad frim, & meni fail, ná tecar dá
1545] indsaigid níbad siriu nó bas mó. Acht is é seo óenni móedim-se chena,’ ar Mac Roth, ‘cid rígi Hérend dobertha dam, ná rag-sa fessin dá maídib friss.’

Is and sin tincais Medb for Fergus. ‘Ciarso choma connaig sút, a Ferguis;’ ar Medb. ‘Ní accim maith dúib itir din chomai connaig,’
1550] ar Fergus. ‘Ciarso choma sin?’ ar Medb. ‘Óenfer do feraib Hérend do chomruc fris cach dia. In fat bethir icá marbad ind fir sin. imthecht do lécud don tslúag frissin. Mar thairc dano in fer sin do marbad, láech aile for áth dó-som nó nechtar de longphort & dúnad do gabáil d'feraib Hérend and sin co solustráth érge arnabárach,
1555] & a biathad & a étiud Con Culaind forin tánaid se béus úaib-si.’

‘Is í ar cubus,’ ar Ailill, ‘is coma dímaig.’ ‘Is maith an condnaig,’ ar Medb, ‘& atetha-som na comai sin, dáig ar bíth iss assu lind óenláech úaind cach laí dó-som oldás cét láech cach n-aidchi.’ ‘
1560] Cia ragas frisnaib comai sin dia innisin do Choin Chulaind?’ ‘Cia dano acht Fergus,’ ar Medb. ‘Nithó,’ for Fergus. ‘Cid són?’ for Ailill. ‘Co tartar cuir & glinni, rátha & trebairi imm airisium arna comai sin & 'ma tabairt di Choin Chulaind.’ ‘Ataimim-si ém,’ ar Medb, & aurnaidmis Fergus fón samlaid cétna foraib.


p.43