Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 6


1280] Táncatar cethri ollchóiceda Hérend arnabárach. Gabsat ar argain Maigi Breg & Maigi Murthemne. Ocus tánic gérmenma géribrach{MS folio 69a} Con Culaind dá aiti, do Fergus. Ocus atrubairt fri firu Hérend faitchius in n-aidchi sin dáig ar bíth dosficfad Cú Chulaind, & a formolad i fus doridisi amal ra scríbsam remaind, & dorigni laíd:


    1. 1285] Damb ró Cú Chulaind Cúalnge
      ria curadaib Cráebrúade.
      Beti fir i fuilib de
      d'argain Maige Murthemne.
    2. Dochúaid-sium turus ba sía

      1290] go ránic slébi Armenia.
      Ralá ág dara aiste,
      ra chuir ár na Cíchloiste.
    3. Ba handsu dó meic Nechtain
      do chur assa prímlepthaib,

      1295] cú na cerda —ba mod n-áig —
      do marbad cona óenláim
    4. Nochom thá ní rádim de
      im dála meic Deichtere,
      is sí mo chobais, ní gó,

      1300] co corrossid dob anró.
Aithle na laíde sin: Is hé in lá cétna tánic in Dond Cúalnge co crích Margín & coíca samseisci immi de samascib, & foclassa búrach dó — is inund són & focheird úir dá lúib taris. Is é in lá cétna

p.36

tánic in Mórrigu ingen Ernmais a sídib co mboí forin chorthi i
1305] Temair Chúalnge ic brith robuid don Dund Chúalnge ria feraib Hérend, & ro gab acá acallaim & is ed asbert: ‘Maith, a thrúaig a Duind Chúalnge,’ ar in Mórrigu, ‘déni fatchius dáig ar bíth dotroset fir Hérend & not bérat dochum longphoirt meni déna faitchius.’ Ocus ro gab ic breith robuid dó samlaid & dosbert na
1310] briathra sa ar aird:

‘Nach fitir dub dusáim. dal na inderb. esnad fiacht. fiacht. fiacht nad cheil. cuardait námait do thuaithbregaib binde ar tánaib tathaib rún. rafiastar dúib danis murthonna fer forglas forláib lilasta áeb agesta in mag meldait. slúaig scothníam buidb
1315] bógeimnech febdair fiach fir nairm rád n-inguir crúas Cúalnge có icat do bás mórmaicne féc muintir ar n-éc muntire do námait écaib.’

Tánic iarum Dond Cúalnge. Urtha reme go Glend na Samaisce i Sléib Chulind & coíca samaisce leis dia samascib.


1320] Aill do búadaib Duind Chúalnge and so .i. coíca samaisce no daired cach laí. Bertís láegu riasin tráth arnabárach & do neoch ná bered lóegu díb, no scaíltis imma lóegu, dáig ní fulngitis compert Duind Chúalnge accu. Ba do búadaib Duind Chúalnge coíca do maccáemaib no bítis ic clessaib cluchi cacha nóna ara cháemdruim
1325] Ba do búadaib Duind Chúalnge cét láech no dítned ar thess & ar uacht ba foscud & ba imdegail. Ba do búadaib Duind Chúalnge ná laimed bánanach nó bocánach nó genit glinni tascud d'óentríchait chét friss. Ba do búadaib Duind Chúalnge crandord dogníd cacha nóni ic tiachtain ar ammus a liss & a léis & a machaid, ba leór ceóil &
1330] airfiti dond fir i túasciurd & i ndesciurd & in n-etermedón tríchait: chét Cúalnge uili in crandord dogníd cacha nóna ic tiachtain dó ar ammus a liss & a léis & a machaid.

Conid ní de búadaib Duind Chúalnge in sin.