Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 3

Sligi na Tána in so & tossach in tslúagid anmand na sliged
280] dochúatar cethri ollchóiced Hérend i crích Ulad .i. I Mag Cruinn, for Tóm Móna, for Turloch Teóra Crích, for Cúl Sílinni, for Dubfid, for Badbna, for Coltain, for Sinaind, for Glúine Gabur, for Mag Trega, for Tethba túascirt, for Tethba in descirt, for Cúil, for Ochain, for Uata fothúaid, for Tiarthechta
285] sair, for Ord, for Slaiss, for Inndeóin, for Carn, for Mide, for Ortrach,


p.9

for Findglassa Asail, for Druing, for Delt, for Duelt, for Delaind, for Selaig, for Slabra, for Slechta conselgatar claidib ria Meidb &, Ailill, for Cúil Siblinni, for Dub, for Ochun, for Catha, for Cromma, for Tromma, for Fódromma, for Sláne, for Gort Sláne, for Druim
290] Licci, for Áth nGabla, for Ardachad, for Feoraind, for Findabair, for Assi, for Airne, for Aurthuile, for Druim Salaind, for Druim Cáin, for Druim Caímthechta, for Druim mac nDega, for Eódond mBec, for Eódond Mór, for Méide in Togmaill, for Méide ind Eóin, for Baile, for Aile, for Dall Scena, for Ball Scena, for Ros Mór. for
295] Scúaip, for Timscúaib, for Cend Ferna, for Ammag. for Fid Mór i Crannaig Cúalngi, for Druirn Caín i Sligid Midlúachra.

Cétna uidi dochúatar na slóig co faítar in n-aidchi sin for Cúil Siblinni & focress a phupall do Ailill mac Rosa in n-aidchi sin. Pupall Fergusa meic Róich dia láim deiss. Cormac Cond Longas
300] mac Conchobuir fora lám-ide. Íth mac Étgaíth fora lám-ide. Fiachu mac Fir Aba fora lám-ide. Gobnend mac Lurgnig fora lám-ide. Suidigud pupaill Ailella dia láim deiss arin tsluagud in sin & trícha cét fer nUlad dia láim deiss in sin, & ba aire dobered trícha cét fer nUlad dia láim deiss combad facsiti in cocur & in comrád
305] & na hairigthi bíd lenna dóib-sium. Medb Chrúachan immorro do chlí Ailella. Findabair fora lám-ide. Flidais Foltcháin ben-side Ailella Find arna feis la Fergus ar Táin Bó Cúalnge & is sí no bered in sechtmad n-aidchi ingalad d'feraib Hérend forin tslúagad do lacht eter ríg & rígain & rígdomna & filid & foglaimthid. Medb ba
310] dédenach dona slúagaib in lá sain ic iarfaigid fessa &, fástini {MS folio 57a} & eólais ar co fessed cia lasbad lesc & lasbad laind in slúagad do thecht. Ní arlacair Medb ara turnta a carpat nó ara scorthea a eich co rálad cor di 'sin dúnad.

And sain ra díchurit eich Medba & ra turnait a carpait & dessid
315] ar láim Ailella meic Mágach. Ocus confóchta Ailill scéla di Meidb ar co fessed Medb cia lasmad laind nó nemlaind nó lasmad lesc in slúagad. ‘Hespach do neoch a thríall acht dond óenfialluch,’ ar Medb. ‘Cia maith fogníat in tan moltair sech cách?’ ar Ailill. ‘Fail dlug molta forro,’ ar Medb. ‘Tráth ro gab cách dúnad & longphort do dénam, ro scáich dóib-sium botha & bélscaláin do
320] dénam. Tráth ro scáich ra cách botha & bélscaláin, ro scáich dóib-siurn urgnam bíd & lenna. Tráth tarnaic do chách urgnom bid & lenna, scáich dóib-sium praind tomailt. Tráth ro scáich praind & tomailt do chách, bátar-som 'na cotlud andsaide. Feib


p.10


325] ra deligetar a ndáer & a mogaid de dóeraib & mogadaib fer nHérend, deligfit a ndeglaích & a ndegóic do deglaíchaib & de degócaib fer nHérend in chur sa forin tslúagud.’ ‘Ferrde linni sain,’ bar Ailill, ‘dáig is lind imthiagat & is erund conbágat.’ ‘Níba lind ragait & níba erund conbágfat.’ ‘Anat i fus didiu,’ bar Ailill. ‘Ní anfat,’
330] bar Medb. ‘Cid dogénat didiu,’ bar Findabair, ‘meni digset ammach & nád anat i fos?’ ‘Bás & aided & airlech is accobor lem-sa dóib,’ bar Medb. ‘Mairg atber ón omm,’ bar Ailill, ‘ar abba dúnad & longphort do gabáil dóib co hellom & co héscaid.’ ‘Dar fír ar cubais,’ ar Fergus, ‘ní dingnea bás dóib-siút acht intí dogéna bás dam-sa.’ ‘Ní rim-sa
335] is ráite duit-sin sain, a Ferguis,’ ar Medb, ‘dáig itó-sa lín do gona & t'airlig co tríchait cét Galían immut, dáig atát na secht Mani cona secht tríchtaib cét & meic Mágach cona tríchait cét & Ailill cona tríchait cét & atú-sa com thegluch 'no. Atám and sain lín do gona-su & t'airlig cot tríchait cét Galáan immut.’ ‘Ní comadas a
340] rád frim-sa sain,’ ar Fergus. ‘Dáig atát lim-sa sund na secht n-airríg do Mumnechaib cona secht tríchtaib cét. Failet sund trícha cét a n-as dech di ócaib Ulad. Fail sund a n-as dech dagóc fer nHérend, trícha cét Galían. Messi dano as chor & as glinni & trebairi friu ó tháncatar ó críchaib dílsib fadesin, & lim congébat
345] sind ló bága sa. Atá ní,’ ar Fergus, ‘níbat ecra ind fir sin-is inund ón & ní deceltar dam. Díscaílfet-sa úaim in tríchait cét Galian út fo firu Hérend conná bia cóiciur díb i n-óenbale.’ ‘Fó lim-sa ón,’ ar Medb, ‘case chruth i mbet acht nád bet 'sin chaír chomraic i tát ammáin.’ Is and sain ra díscaíl Fergus in tríchait cét sain fo
350] feraib Hérend nád boí cóiciur díb i n-óenbaile.

{MS folio 57b}Lotar na slóig iar sodain i cend séta & imthechta. Fa dolig dóib frithairle in tslúaig romóir lotar forsin fecht frisna iltúathaib & frisna ilmaicnib & frisna ilmílib dosbertatar leo co 'mmanactís & co 'mmafessaitis combad chách cona cháemaib & cona chairdib
355] & cona chomdúalas forin tslúagud. Atbertatar dano ba samlaid bad chóir a thecht. Atbertatar dano béus cinnas bad chomdas in slúagad do thecht. Atbertatar dano ba samlaid bad chóir a thecht: cach drong imma ríg, cach réim imma muirech & cach buiden imma tuísech, cach rí cach rígdomnad'feraib Hérend ina
360] thulaig fo leith. Ro ráidset béus cia bad chóir do eólus rempu eterna dá chúiced, & atbertsat combad é Fergus, ar bíth ba slúagad bága dó in slúagad, dáig is é boí secht mblíadna i rrígu Ulad & iar marbad mac nUsnig fora faísam & fora chommairgi, tánic estib, ‘& atá secht mblíadna déc fri Ultu ammuig ar longais & bidbanas.’


p.11


365] Is aire sin bad chomadas a dul ria cách do eólas. Luid iarum assa aithli sin Fergus ria cách do eólas, & tánic ell condailbi im Ultaib dó & dobretha cor n-imruill fothúaid & fodess dona slúagaib & urthatar techta úad co rrobthaib do Ultaib & ro gab ic fostud & ic imfuiriuch in tslúaig. Rathaigis Medb aní sin & benais Medb
370] béim n-aisce fair &ro chan in laíd:

    Medb

    1. A Ferguis, ca rádem de?
      Cinnas conaire amse?
      Fordul fodess is fothúaid
      berma dar cech n-ailethúaith.

    Fergus


    1. 375] A Medb cid not medra-su?
      Ní cosmail fri brath in so.
      Is for Ultu, a ben trá,
      in tír darsa tiagu-sa.

    Medb

    1. Ardattágadar co ngail

      380] Ailill án cona slúagaib.
      Ní tharddais menmain- comal nglé
      fri imthús na conaire.

    Fergus

    1. Ní for amlesaib in tslúaig
      biurt-sa cach fordul ar n-úair,

      385] dús in n-imgabaind iar tain
      Coin Culaind mac Sualtaim.

    Medb

    1. Écóir duit amles ar slúaig,
      a Ferguis meic Rosa Rúaid,
      mór de maith fuarais i fus

      390] ar do longais, a Fergus.
‘Nád bíu-sa resna slúagaib níbas íriu,’ bar Fergus, ‘acht iarra-su nech n-aill ríam remán rempo.’ Dessid Fergus riasna slúagaib araí.

Bátar cethri ollchóicid Hérend bar Cúil Sílinni in n-aidchi sin. Tánic gérmenma géribrach Con Culaind do Fergus & ra ráid ra firu
395] Hérend fatchius do dénam. Dáig dasficfad in leom letarthach & in bráth bidbad & in bidba sochaide & in cend costuda & in cirriud mórslúaig & in lám tidnaicthi & in chaindel adanta .i. Cú Chulaind mac


p.12

Sualtaim. Ocus ro boí icá thairngire samlaid & doringni in laíd & ro frecair Medb:


    1. 400] Fó dúib fatchius & fót
      co n-ilur arm & óc.
      ticfa intí 'tágammar de,
      mórglonnach mór Murthemne.

    1. Condalb sain, condelg nága,

      405] duit-siu, a meic Róig rodána.{MS folio 58a}Óic & airm limm for laind
      do frithálim Con Culaind.

    1. Ro chatir, a Medb don Maig,
      óic is airm don immargail,

      410] for cind marcaig Léith Mache
      cach aidche is cach óenlathe.
    2. Atát acum sund for leith
      curaid ri cath is ri creich,
      trícha cét di chodnaib gíall

      415] do láthaib gaile Galían.

    1. Na curaid a Crúachain chain,
      na láeich a Lúachair lendglain,
      cethri chóicid Gáedel ngel
      dingébait dím in óenfer.


    1. 420] Buidnech Bairrche & Banna
      consrengfa crú dar cranna,
      concicher ar múr is ar ngrian
      in trícha sin fer Galían.
    2. I n-athlaime na fandle,

      425] i llúais na gaíthe gairbe,
      is amlaid bís mo Chú cháem chain
      oc imguin ós análaib.

    1. A Ferguis doroichet raind,
      roiched úait do Choin Chulaind,

      430] rab é a thúachail beith 'na thost,
      atetha a Crúachain crúadchosc.

    p.13

    1. Bid ferda firfitir fuidb
      i n-airiur ingine Buidb,
      Cú na Cerda, crithrib cró,

      435] snigfid fairne ferga fó.
A haithle na laíde sin: Táncatar cethri ollchóiceda Hérend dar Móin Coltna sair in lá sain & da 'marallsatar dóib ocht fichtiu oss n-allaid. Sernsat & immsit na slóig impu & ros gonsat conná bátar élódaig díb. Acht atá ni, garbat díscaíltig trícha cét Galían. cóic
440] aige in amáin ba hé cuit fer nHérend díb. Rodasfuc in t-óentrícha cét uli na hocht fichtiu oss.

Is hé in lá cétna tánic Cú Chulaind mac Sualtaim & Sualtach sídech a athair co ngeltatar a n-eich geilt immon corrthe ic Ard Chuillend. Congeltat eich Sualtaim fri coirthi atúaid fér co húir.
445] Fogeltat eich Con Culaind fri corthi aness fér co húir & connici na lecga lomma. ‘Maith a phopa Sualtaim,’ ar Cú Chulaind, ‘gérmenma in tslóig form-sa, & urtha-su dún co rrobtha do Ultaib arnád bet ar maigib rédib co ndigset i fedaib & fásaigib & fánglentaib in chúicid ar imgabáil fer nHérend.’ ‘Ocus tussu, a daltáin, cid
450] amgéna dano?’ ‘Am écen-sa tocht i n-herus inalta Feidilmthi Noíchruthaige fodess co Temraig ram glinni fodessin co matin.’ ‘Mairgg théit ón ám,’ ar Sualtaim, ‘& Ulaid do lécud fo chossaib a nnámat & a n-echtrand ar thecht i comdáil n-óenmná.’ ‘Amm écen-sa trá techt, dáig meni digius, gúigfitir dála fer & fírfaitir briathra
455] ban.’

Urtha Sualtaim co robthaib do Ultaib. Luid Cú Chulaind fón fid & tópacht and cétbunni darach d'óenbéim bun barr & ro sníastar ar óenchois & ar óenláim & óensúil & doringni id de. Ocus tuc ainm n-oguim na mennuc inn eda & tuc in n-id im cháel in chorthe ic
460] Ard Chuillend. Scibis in n-id co ránic remur in chorthe. Luid Cú Chulaind 'na bandáil asa aithle sin.

Imthúsa fer nHérend imráter sund iar tain. Táncatar-saide connici in corthe ic Árd Cullend. Ocus gabsat oc fégad in chúicid aneóil úadib, cúicid Ulad. Ocus dias de muntir Medba no bíd
465] rempo do grés i tossuch cach dúnaid & cach slúagaid, cach átha & cacha aband {MS folio 58b}& cacha bernad. 'S aire dognítis-sium sain arná tísad díamrugud dia timthaigib na rígmac i n-eturturtugud ná i n-imchumung slúag ná sochaide .i. dá mac Nera meic Nuatair meic Tacáin .i. dá mac rechtairi na Crúachna, Err & Innell. Fráech
470] & Fochnam anmand a n-arad.


p.14

Táncatar mathi Hérend connici in corthi & gabsat oc fégad na ingelta ro geltsat na eich immon corthi & gabsat oc fégad ind idi barbarda forácaib in rígnia immun corthi. Ocus gebid Ailill in n-id inna láim & tuc i lláim Fergusa & airlégais Fergus in n-ainm n-oguim
475] baí 'na menuc ind eda & innisis Fergus d'feraib Hérend inní ro chan in t-ainm oguim baí sin menuc. Ocus is amlaid ro gab icá innisin & doringni laíd:

    1. Id in so, cid sluinnes dún?
      In t-id cid imma tá a rún?

      480] Is cá lín ra lád co se,
      inn úathad nó in sochaide?
    2. Mad dia tístai secha innocht
      can anad aice i llongphort,
      dabarró in Cú cirres cach n-om;

      485] táir foraib a sárugod.
    3. Co tabair irchóit don tslúag
      mad dia mberthai uide úad;
      finnaid, a druíde, and sain
      cid imma ndernad in t-id.

    4. 490] Crefnas curad cur ro lá,
      lánaircess fri ecrata.
      Costud ruirech, fer co ndáil,
      ras cuir oenfer dá óenláim.
    5. Furópair fír ra feirg fúair

      495] Con na Cerdda 'sin Chráebrúaid.
      Iss naidm níad, ní nasc fir mir,
      is é ainm fil isinn id.
    6. Do chur chesta, cétaib drend,
      for cethri cóiceda Hérend,

      500] nocon fetar-sa acht mad sin
      cid imma ndernad in t-id.

    Id.

Aithli na laíde sin: ‘Atbiur-sa mo bréthir frib,’ ar Fergus, ‘mad dia sárgid in n-id sin & in rígnía doringni can aidchi ndúnaid & longphuirt sund ná co nderna fer úaib id a mac samla sút ar óenchois
505] & óensúil & & óenláim feib doringni-sium, cid airchind bes-sum fó thalmain nó i tig fó dúnud conáirgife guin & fuligud dúib ria tráth


p.15

éirge immbárach diana sárgid.’ ‘Ní hed sain ba háil linni ém,’ ar Medb, ‘nech d'fuligud nó dfordergad foirn ar tíchtain isin cóiced n-aneóil se .i. i cúiced Úlad. Alcu dún fuligud & fordergad for nech.’ ‘
510] Ní sáráagum itir in n-id se,’ bar Ailill, ‘& ní sáríagum in rígnía danringni, acht ragma i mmunigin ind feda móir se tess co matin. Gebthar dúnad & longphort acund and.’ Lotar na slóig iarum & baslechtat rempu in fid dia claidbib riana carptib. Conid Slechta comainm ind inaid sin beacute;us airm i táat Partraigi Beca ra Cenannas
515] na Ríg aniardess amne bar Cúil Sibrilli.

Ferais tromsnechta dóib in n-aidchi sin & baí dá met co roiched co formnaib fer & co slessaib ech & co fertsib carpat combatar clárenig uile cóiceda Hérend din tsnechtu. Acht níra sádit sosta nó botha nó pupla in n-aidchi sin. Ní dernad {MS folio 59}urgnam bíd nó
520] lenna. Ní dernad praind nó tomaltus. Ní fitir nech d'feraib Hérend in cara fa náma ba nessam dó co solustráth éirge arnabárach. Is comtig conná fúaratar fir Hérend aidchi ndúnaid nó longphuirt bad mó dód nó doccair dóib indá inn aidchi seo bar Cúil Sibrilli. Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co moch arnabárach la turcbáil
525] ngréne dar taitnem in tsnechtai & lotar rempo assin chrích i n-araile.

Imthúsa Con Culaind immorro, ní érrach-saide mochthrád etir co tormalt feiss & díthait, co foilc & co fothraic in lá sain. Rádis fria araid ar co ragbad in n-echrad & ar co n-indled in carpat. Gebis in
530] t-ara in n-echraid & indlis in carpat, & luid Cú Chulaind ina charpat & táncatar for slichtlorg in tslúaig. Fúaratar lorgfuilliucht fer nHérend seccu assin chrích i n-araile. ‘Amae, a phopa Láeig,’ ar Cú Chulaind, ‘ní ma lodmar dar mbandáil arráir. Iss ed is lugu condric ó neoch bís i cocrích égim nó iachtad nó urfócra nó a rád cia
535] thic sin sligid ní tharnic úan do rád. Lodatar fir Hérend sechund i crích nUlad.’ ‘Forairngert-sa duit-siu, a Chú Chulaind, sain’ ar Láag, ‘cia dochúadais it bandáil co ragad méla a mac samla fort.’ ‘Meith a Láeig, eirgg dún for slichtlurg in tslúaig & tabair airdmes forro, & finta dún cá lín dochúatar sechund fir Hérend.’ Tánic
540] Láeg i slicht in tslúaig & baluid dia lethagid in luirg & tánic dia lettaíb & luid dara ési. ‘Mesc fri árim fort, a mo phopa Laíg,’ ar Cú Chulaind. ‘Is mesc écin,’ for Láeg. ‘Tair isin carpat didiu & dóber-sa ardmes forro.’ Tánic in t-ara 'sin carpat. Luid Cú Chulaind i slichtlurg in tslúaig & dobretha airdmes forro, & tánic
545] dia lettáeb & luid dar' éisi. ‘Is mesc fri árim fort, a Chúcúc,’ bar


p.16

Láeg. ‘Ní mesc,’ bar Cú Chulaind, ‘dáig forfetar-sa in lín dochúatar sechund na slúaig .i. ocht tríchait chét déc & ra fodlad dano in t-ochtmad trícha chét déc fo firu Hérend.’ —Ra bátar trá ilbúada ilarda imda for Coin Chulaind: búaid crotha, búaid delba, búaid
550] ndénma, búaid snáma, búaid marcachais, búaid fidchilli & branduib, búaid catha, búaid comraic, búaid comluind, búaid farcsena, búaid n-urlabra, búaid comairle, búaid foraim, búaid mbánaig, búaid crichi a crích comaithig.

‘Maith a mo phopa Laíg, innill dún in carpat & saig brot dún arin
555] n-echraid. Cuindscle dún in carpat & tabair do chlár clé frisna slúagaib dús in tairsimmís tossach nó deired nó medón dona slúagaib, dáig níbam béo meni thaeth cara nó náma limm d'feraib Hérend innocht.’ 'S and saigthis in t-ara brot forin n-echraid. Dobretha a chlár clé frisna slúagaib co tarlaic i Taurloch Caille Móre fri
560] Cnogba na rRíg atúaid frisi ráter Áth nGabla. Luid Cú Chulaind fón fid and sain & tarmlaing asa charput & tópacht gabail cethri mbend bun barr dóenbéim. Ros fúacha & ros fallsce & dobreth ainm n-oguim 'na táeb, & dobretha rót n-urchair di a iarthur a charpait do ind a óenláime co ndechaid dá trían i talmain connach
565] boí acht óentrían úasa. Is and sin tarthatar in dá gilla chétna .i. dá mac Nera meic Uatair meic Tacáin é icond auropair sin & ba tetarrachtain dóib cia díb no bérad a chétguine fair & no benfad a chend de ar tús. Impádar Cú Chulaind friu & tópacht a cethri cinnu díb colléic & tuc cend cech fir díb ara beind do bennaib na
570] gabla. Ocus léicis Cú Chulaind eocho in fiallaig sin i n-agid fer nHérend i frithdruing na sliged cétna & a n-ésse airslaicthi & a méide forderga & cuirp na curad ic tindsaitin a fola sell sís for crettaib na carpat. Dáig níbá miad nó níba maiss leiss echrad nó fuidb nó airm do brith óna corpaib no marbad. Atchondcatar na slúaig
575] dano eich ind fiallaig bátar ríam remán rempu & na cuirp i n-écmais a cend & cuirp na curad ic tindsaitin a fola sell sís for crettaib na carpat. Anais tossach in tslúaig fria deired & focuirethar i n-artbe, cumma & i n-armgrith uile.

Doroacht Medb & Fergus & na Mane & Meic Mágach. Dáig ar bíth
580] is amlaid no imthiged Medb & noí carpait fóthi a óenur. Dá charpat rempe díb & dá charpat 'na diaid & dá charpat cechtar a dá táeb & carpat eturru ar medón cadessin. Is aire fogníd Medb sin arná rístais fótbaige a crúib greg nó uanfad a glomraib srían nó dendgur mórslúaig nó mórbuiden arná tísad díamrugud don mind óir na
585] rígna. ‘Cid in so?’ for Medb. ‘Ní handsa,’ ar cách.{MS folio 60} ‘Eich ind


p.17

fiallaig ro bátar ríam remán sund & a cuirp ina carptib i n-écmais a cend.’ Ra cruthaiged comairle occu & ba demin leó combad slicht sochaide sút & gomba tadall mórslúaig & gondat Ulaid ardastánic. Ocus ba sed a comairle ra cruthaiged leó, Cormac
590] Cond Longes mac Conchobuir do lécud úadib dá fiss cid baí sind áth, ar bíth ciano betis Ulaid and, ni gonfaitis mac a rríg dílis fodessin. Tánic assa aithli Cormac Cond Longes mac Conchobuir & bá sed a lín tánic deich cét ar fichit chét fer n-armach dia fis cid baí issind áth, & á ránic, ní facca ní acht in ngabail ar lár ind átha
595] co cethri cennaib furri ic tinnsaitin a fola sell sís fri creitt na gabla i sruthair na haband & glethe na dá n-ech & fuilliucht ind óencharptig & slicht inn óenlaích assind áth sair sechtair.

Táncatar mathi Hérend connici in n-áth & gabsat oc fégad na gabla uili. Ba machtad & ba ingnad leó cia ro chuir in
600] coscur. ‘Cá ainm ind átha sa acaib-si gustráthsa, a Ferguis?’ ar Ailill. ‘Áth nGrena’ bar Fergus, ‘& bid Áth nGabla a ainm co bráth din gabuil se ifechtsa,’ ar Fergus, & ra ráid in laíd:

    1. Áth nGrena, claímchlaífid ainm

      605] do gním Chon rúanaid rogairb.
      Fail sund gabuil cethri mbend
      do cheist for feraib Hérend.
    2. Fail ar dá mbeind, mana n-áig,
      cend Fráech & cend Fochnáim.

      610] Fail araile ar dá mbeind
      cend Eirre & cend Innill.
    3. Gá ogum sút ina táeb,
      finnaid, a druíde co n-áeb,
      is cia dorat inti sain,

      615] gía lín ros cland i talmain?

    1. In gabul út co ngráin guiss
      atchí-siu sund, a Ferguis,
      ros tesc óenfer, as mo chin,
      de builli chrichid chlaidib.

    2. p.18


    3. 620] Ros fúach is ras fuc fria aiss,
      gid ed ní hengnam imthaiss,
      is dassarlaic sís ar sain
      dá gait d'fir úaib-si as talmain.
    4. Áth nGrena a ainm mad co se,

      625] méraid ra cách a chumne.
      Bid Áth nGabla a ainm co bráth
      din gabail atchí sind áth.

    A.

Aithli na laídi: ‘Machdath & ingnad lim-sa, a Ferguis,’ bar Ailill, ‘cia no thescfad in ngabail & bífed in cethrur buí remioind i traiti se.’ ‘
630] Ba córu machtad & ingantas dontí ro tesc in ngabail atchí dóenbéim bun barr, ros fuach & ros faillsce & tarlaic rofut n-urchair di a íarthur a charpait d'ind a óenláime co ndechaid dara dá trían i talmain connach fil acht a óentrían úasom & nach class cona chlaideb rempe acht is tria glaslec clochi conindsmad & conid geiss d'feraib Hérend
635] techt do lár ind átha sa ná co tuca nech díb hí anís do ind a óenláime feib dosfarlaic-sium sís ó chianaib.’ ‘Is dár slúagaib duit-siu, a Ferguis,’ ar Medb, ‘& tabair in ngabail dún do lár ind átha.’ ‘Domroched carpat,’ ar Fergus, & dobretha carpat do Fergus, & dobretha Fergus frosse forsin ngabail & doringni minbrúan {MS folio 61a} & minscomart
640] din charput. ‘Domroiched carpat,’ ar Fergus. Dobretha carpat do Fergus & dobretha Fergus feirtche forsin ngabail & doringni briscbruan & minscomartach din charput. ‘Domroched carpat,’ ar Fergus. Ocus dobretha Fergus nertad forsin ngabail & doringni briscbruan & minscomartach din charput. Airm i mbátar na secht carpait
645] déc do charptib Connacht, doringni Fergus díb uile briscbruan & minscomartach, & ní chaemnaic in ngabail do gait do lár ind átha. ‘Ale léic ass, a Ferguis,’ ar Medb, ‘na bris dúin cairptiu ar túath ní as siriu, dáig ar bíth meni bethe arin tslúagud sa a chur sa doraismis Ultu co n-airnelaib braiti & bóthánti lind. Rafetamar-ni aní dia
650] ndénai-siu sain d'fostud & d'immfuiriuch in tslúaig co n-érsat Ulaid assa cess & co tucat cath dún, cath na Tána.’ ‘Domroiched crim carpat,’ ar Fergus. Ocus dobretha a charpat fadessin do Fergus & dobretha Fergus tepe forsin ngabail, & níro gnuisistar & níro gésistar roth nó fonnud nó fertas d'fertsib in charpait. Cia
655] baí dia chalmacht & dia churatacht dosfarlaic intí dosfarlaic sís, baí dia nertmaire & dá óclachas dasfucastar in cathmílid & in chliathbern chét & in t-ord essorgni & in bráthlec bidbad & in cend costuda & in bidba sochaide & in cirriud mórslúaig & in chaindel adantai & in toísech mórchatha. Dosfuc anís do ind a óenláime co


p.19


660] ránic aidlend a gúaland & dobretha in ngabail i lláim Ailella. Ocus tincais Ailill furri .i. nos fégand. ‘Crichiditi lim-sa in gabul,’ ar Ailill, ‘dáig is óentescad atchíu-sa bun barr furri.’ ‘Crichiditi omm,’ bar Fergus. Ocus ro gab Fergus ara admolad & dobretha laíd furri:


    1. 665] Atá sund in gabul glúair
      coa rabi Cú Chulaind chrúaid,
      'ga farcgaib ar ulc ri nech
      cethri cinnu comaithech.
    2. Is derb ní theichfed úadi

      670] ria n-óenfer calma crúadi,
      giaras fácaib Cú gan chess,
      arthá crú 'ma chaladchness.
    3. Mairg ragas in slúagad sair
      ar cend Duind Chúailgne chrúadaig.

      675] Betit curaid arna raind
      fa neim claidib Con Culaind.
    4. Níba hascid a tharb trén
      'moa mbia comrac arm ngér,
      ar tocrád chloicgne cach cind,

      680] gol cacha aicmi i nHérind.
    5. Nuchum thá ní rádim de
      im dála meicc Deictire,
      concechlafat fir is mná
      din gabuil sea mar atá.

    A.


685] Aithli na laídi sin: ‘Sáditer sosta & pupaill lind,’ ar Ailill, ‘&déntar urgnam bíd & lenna lind & cantar ceóil & airfiti lind & déntar praind & tomaltus. Dáig is comtig ara fagbaitis fir Hérend ríam nó iarum aidchi ndúnaid nó longphuirt mad mó dód nó doccair dóib andás ind aidchi se arraír.’ Ra sádit a sosta & ra suidigit a
690] pupla. Darónad urgnam {MS folio 61b} bíd & lenna leó & ra canait ceóil & airfiti leó & darónad praind & tomaltus. Ocus ra iarfacht Ailill do Fergus: ‘Is machtad & iss ingantus lim cia ticfad cucaind co hor críchi &


p.20

no bífed in cethrur buí remaind i traiti se. In dóig inar tísed Conchobor mac Fachtna Fáthaig ardrí Ulad?’ ‘Nád dóig ém,’
695] ar Fergus, ‘dáig líach a écnach 'na écmais. Ni fil ní nád gellfad dar cend a enig. Dáig dámbad ésin tísad and, ticfaitis slúaig & sochaide & forgla fer nHérend filet maróen ris, & giada betis fora chind i n-óenbaile & n-óendáil & i n-óentochim & i n-óenlongphurt & i n-óentulaig fir Hérend & Alban, Bretain & Saxain, cath dobérad
700] dóib, reme no maissed & ní fair no raínfithé.’ ‘Ceist didiu, cia bad dóig diar tíachtain? Dóig innar tísed Cúscraid Mend Machae mac Conchobuir ó Inis Cuscraid?’ ‘Nír dóig,’ ar Fergus mac ind ardríg. ‘Ní fil ni nád gellfad dar cend a enig, dáig dámbad é no thiasad and, ticfaitis meic ríg & rígthuísech failet maróen riss ic reicc a
705] n-amsa, & gana betís ara chind i n-óenbaile & i n-óendáil & i n-óentochim & i n-óenlongphurt & i n-óentulaig fir Hérend & fir Alban, Bretain & Saxain, cath dobérad dóib, reime no maidsed & ní fair no raínfide.’ ‘Ceist didiu inar tísad Eogan mac Durthacht rí Fernmaige?’ ‘Nár dóig omm, ár diambud ésin tísad and, ticfaitis
710] fosta fer Fernmaige leiss, & cath dobérad ut ante.’ ‘Ceist didiu, cia bad dóig dar tíchtain? Dóig arnar tísad Celtchair mac Uthechair?’ ‘Nár dóig omm. Líach a écnach 'na écmais. Bráthlecc bidbad in chóicid & cend a costuda uili & comla chatha Ulad, & gana betís fora chind i n-óenbaile ut ante & fir Hérend uile ó iarthur
715] co airthiur, ó desciurt co túascert, cath dobérad dóib, reme no maidsed & ní fair no raínfide.’

‘Ceist didiu, cia bad dóig diar tíachtain?’ ‘Inge ém meni thísed in gilla bec, mo dalta-sa & dalta Conchobuir, Cú Chulaind na Cerdda atberar friss.’ ‘Ia ómm ale,’ bar Ailill. ‘Atchúala lib in mac
720] mbec sain fecht n-aill i Crúachain. Ced ón cinnas a áesa-sum in meic bic sin innossa?’ ‘Ní hí a áes is dulgium dó etir,’ ar Fergus, ‘dáig ba ferda a gníma in meic sin inbaid ba só andás in inbaid inan fail.’ ‘Ced ón,’ ar Medb, ‘in fail cid d'Ultaib innossa comlonnaid a áesa is duilgium andásum?’ ‘Ní airgem and fáel bad
725] fuilchuiriu nó láth bad luinniu nó comlannaid a áesa raseised co trian nó go cethramad {MS folio 62a} comluind Con Culaind. Ní airge and,’ ar Fergus, ‘caur a chomluind nó ord essorgni nó bráth for borrbuidni nó combág urgaile basad inraicciu andá Cú Chulaind. Ní airge and conmessed a áes & a ás & a forbairt & a ánius & a urfúath & a
730] urlabra, a chrúas & a chless & a gasced, a forom & a ammus & a ammsigi, a brath & a búadri & a búadirsi, & a déini & a dechrad & a tharpige & a díanchoscur co cliss nónbair ar cach find úasu mar


p.21

Choin Culaind.’ ‘Ní dénam robríg de,’ ar Medb. ‘I n-óenchurp atá. Imgeib guin immoamgeib gabáil. Is áes ingini macdacht
735] ármthir leis & ní géba fri féta in serrite óc amulchach atberthe.’ ‘Ní focclam-ne ón,’ ar Fergus, ‘dáig ba ferda a gníma in meicc sin inbaid bad sóó andás inbaid inad fail.’