Corpus of Electronic Texts Edition
Táin Bó Cúalnge from the Book of Leinster (Author: Unknown)

Text 2

Urthatar techta ó Meidb cosna Manib arco tístaís co Crúachain, na secht Mani cona secht tríchtaib cét .i. Mane Máthremail, Mane Athremail, & Mane Condagaib Uili, Mane Míngor &
150] Mane Mórgor & Mane Conda Mó Epert. Urthatar techta aile co


p.5

maccaib Mágach .i. Cet mac Mágach & Anlúan mac Mágach & Mac Corb mac Mágach & Bascell mac Mágach & Én mac Mágach & Dóche mae Mágach, Scandal mac Mágach. Táncatar sain & ba sed a llín deich cét ar fichit cét fer n-armach. Urthatar techta aile
155] úathib co Cormac Cond Longas mac Conchobuir & co Fergus mac Róig, & táncatar deich cét ar fichit cét a llín.

In cétna lorg cétamus forthí berrtha forro. Bruit úanidi impu. Delggi argait intib. Lénti órshnaith fria cnessaib ba tórniud do dergór. Claidib gelduirn léo co n-imdurnaib argit. ‘Inn é Cormac
160] sút?’ for cách. ‘Nád é omm,’ bar Medb.

In lorg tánaise berrtha núa léo. Bruitt forglassa uli impu. Lénti glégela {MS folio 55b} fria cnessaib. Claidib co muleltaib óir & co n-imdurnib argait léo. ‘Inn é Cormac sút?’ for cách. ‘Nád é omm,’ bar Medb.


165] In lorg dédenach berrtha lethna léo. Monga findbuide forórda forscaílti forru. Bruitt chorcra cumtaichthi impu. Delgi órdai ecorthi ós ochtaib dóib. Lénti sémi setai sítaidi co tendmedón traiged dóib. I nn-óenfecht dostorgbaitis a cossa & dofairnitis arís. ‘Inn é Cormac sút?’ ar cách. ‘Is é ón ém,’ ar Medb.


170] Ra gabsatar dúnad & longphort in n-aidchi sin corba dlúim diad & tened eter chethri áthaib Aí .i. Áth Moga & Áth mBercna, Áth Slissen & Áth Coltna, & tarrassatar ed cían cóicthigis i Crúachanráith Connacht ic ól & ic ánius & ic aíbnius combad esaiti léo a fecht & a slógad. Ocus is and sain rádis Medb fria haraid ar co ngabad a echraid di
175] co ndigsed d'acallaim a druad d'iarfaigid fessa & fástini de.

A ránic Medb airm i mbaí a druí, ra iarfacht fiss & fástini de. ‘Sochaide scaras fria chóemu & fria chairdiu sund indiu,’ ar Medb, ‘& fria chrích & fria ferand, fria athair & fria máthair, & meni thíset uli i n-imslanti, forom-sa combenfat a n-osnaid & a mmallachtain.
180] Araí sin ní théit immach & ní anand i fus as diliu lind oldámmit fadessin. Ocus finta-ssu dún in tecam fo ná tecam.’ Ocus ra ráid in druí: ‘Cipé tic nó ná tic, ticfa-su fessin.’

Impáis in t-ara in carpat & dotháet Medb for cúlu. Co n-accai ní rap ingnad lé .i. in n-áenmnaí for fertais in charpait 'na farrad ina
185] dochum. Is amlaid boí ind ingen ic figi chorrthairi & claideb findruini ina láim deiss cona secht n-aslib do dergór ina déssaib. Bratt balla breccúani impi. Bretnas torrach trénchend 'sin brutt ósa brunni. Gnúis chorcra chrúmaínech lé. Rosc glass gáirectach lé. Béoil derga thanaide. Dét níamda némanda. Andar let


p.6


190] batar frossa findnémand erctais ina cend. Cosmail do núapartaing a beóil. Binnidir téta mendchrot acá seinm a llámaib sírsúad bindfogur a gotha & a caínurlabra. Gilidir snechta sniged fri óenaidchi taídlech a cniss & a colla secha timthach sechtair. Traigthi seta sithgela, ingni corcra córi crundgéra lé. Folt findbudi
195] fata forórda furri. Teóra trillsi dá fult imma cend. Trilis aile combenad foscad fria colptha.

Forrécacha Medb furri. ‘Ocus cid dogní-siu and sain innossa, a ingen?’ for Medb. ‘Ic tairdeilb {MS folio 56a}do lessa-su do lítha. Ic teclaim & ic tinól cethri n-ollchóiced nHérend lat-su i crích nUlad ar cend
200] Tána Bó Cúalnge.’ ‘Cid 'má ndenai-siu dam-sa sain?’ ar Medb. ‘Fail a mórabba dam. Banchumal dit muntir atamchomnaic.’ ‘Cóich dom muntir-sea tussu?’ ar Medb. ‘Ni handsa ém. Feidelm banfáid a Síd Chrúachna atamchomnaic-se.’ ‘Maith and sin,’

    1. a Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?


    205] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.

‘Atá Conchobor 'na chess noínden i nEmain ém,’ ar Medb. ‘Ráncatar m'echlacha-sa connice. Ní fail ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair a fír, a Feidelm.’
    1. Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?


    210] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.

‘Atá Cuscraid Mend Macha mac Conchobuir i nInis Cuscraid ina chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fail ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair-siu fír, a Feidelm.’
    1. Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?


    215] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.

‘Atá Eogan mac Durthacht ic Ráith Airthir 'na chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fuil ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair-siu fír rind, a Feidelm.’
    1. Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?


    220] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.

‘Atá Celtchair mac Cuthechair ina dún 'na chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fuil ní itágammar-ne la Ultu. Act abbair fír, a Feidelm.’
    1. Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?


    225] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.


p.7

‘Ni bá lim-sa aní dá tá lat-su sain, dáig ó condricfat fir Hérend óenbaile, betit debtha & irgala & scandlacha scandrecha eturru im chomríchtain tossaig nó derid nó átha nó aband, im chétguine muicce nó aige nó fíada nó fiadmíla. Acht abbair fir rind, a Feidelm’

    1. 230] Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?

    Atchíu forderg forro, atchíu rúad.

Ocus ro gab ic tairngiri & remfástine Con Culaind d'feraib Hérend. & doringni laíd:

    1. Atchíu fer find firfes chless

      235] co lín chret ima cháemcnes,
      lond láith i n-airthiur a chind,
      óenach búada ina thilchind.
    2. Fail secht ngemma láth ngaile
      ar lár a dá imcaisne,

      240] fail fuidrech fora rinne,
      fail leind deirg drolaig imme.
    3. Ro fail gnúis is grátam dó,
      dober mod do banchuireo,
      gilla óc is delbdu dath

      245] tadbait delb drecoin don chath.
    4. Cosmail a find sa gaile
      fri Coin Culaind Murthemne,
      nocon fetar cóich in Cú
      Culaind asa Murthemniu,

      250] acht rafetar-sa trá imne
      bid forderg in slúag-sa de.
    5. Cethri claidbíni cless n-án
      ra fail cechtar a dá lám,
      condricfa a n-imbirt for slúag,

      255] is sain gním ris téit cech n-aí úad.

    6. p.8

    7. A gae bulgae mar domber
      cenmothá a chlaideb 's a sleg,
      fer i furchrus bruitt deirg,
      dobeir a choiss for cach leirg.

    8. 260] A dá sleig dar fonnad nglé,
      ard ás gail in ríastarde,
      cruth domarfáit air co se
      derb limm no chlóemchlaífed gnée.
    9. Ro gab tascugud don chath,

      265] meni faichlither bid brath,
      don chomlund is é farsaig,
      Cú Chulaind mac Sualtaim.
    10. Slaidfid for slúaga slána,
      concurfe far tiugára,

      270] faicébthai leis óg for cend;
      ní cheil in banfaíd Feidelm.
    11. Silfid crú a cnessaib curad,
      bud fata bas chianchuman;
      {MS folio 56b}beit cuirp cerbtha, caínfit mná,

      275] ó Choin na Cerdda atchíu-sa

    A

Tairngire & remfástini & cendphairt in sceóil & fotha a fagbála & a dénma, & comrád chind cherchaille doringni Ailill & Medb i Crúachain connice sain.