Derbfhorgaill ingen ríg Lochlainne rocharastar Coin Culainn ara urscelaib. Do-lluid anair i r-richt da géise & a h-inailt co m-bátar for Loch Cuan & rond óir eturru. Amail ro boí dano Cú Chulainn ocus Lugaid a dalta .i. mac na Tri Find Emna laa and la tóib ind locha co n-accatar na h-eonu. Dibairg na h-eonu, or Lugaid. Do-lleici Cú Chulainn cloich forru co n-dechaid eter a h-asna co m-boí ina broind. Batar da deilb duine issin tracht fochetoir. Olc robá rim, ar ind ingen, & is tú doroacht. Is fír, ar Cú Chulainn. Ro shúgi íarum a tóeb na ingine in cloich co m-búi ina beolu cosin loim chró ro bói impe. Is dot insaigid tánac-sa tra, or si. Nathó a ingen, or se. In tóeb ro shúgiusa, or se, ní chomraiciubsa riss. Dombéraso dano do neoch bas maith lat. Is maith limsa ém, or se. dul duitsiu cosin mac as sóiriu fil i nh-Érinn .i. Lugaid Riab n-Derg. Maith lim, or si, acht conotaccur do grés. Luid iarum co Lugaid co r-ruc claind dó.
Laa and didiu i n-deriud gemrid. Snechta mór and. Doniat na fir corthe mór don t-shnechtu. Lotar na mná forna corthe. Ba
Dia fessatar trá ind fhir so nícon grádaigfider i fail na óinmná Gatair a súile assa cind & a sróna & a da n-ó & a trilis. Niba soaccobraite ón.
Do-gnither a pianad amlaid sin & berair iartain da tig. Batar ind fhir is tilaig i n-dáil os Emain.
Is ingnad lem, a Lugaid, ar Cú Chulainn, snechta for taig Derbforgaill.
Is i n-écaib atá si didiu, ar Lugaid.
Tiagait for comluath dochum in taige. Amail ro chuala si ón dunaid a tech furri.
Oslaic, ar Cú Chulainn. Caín bláth forroscarsam, or si.
Is and asbert:
- Celebraid Cú Chulainn dam.
{MS folio 125b}
domriacht om íathaib iúil:
& Lugaid luth la beirt.
dia tartus seirc nachimchiúil.- Isim éicen dul i cían
ní fo fechta nodamét
scarad friu bid dál éicne.
menimthistais écne éc.- La Coin Culainn la Lugaid
risnarom úath na h-ómon:
menbad athber co nathlech.
nibad aithrech ar comol.- Comul scartha fri Riab n-Derg.
is delg i cridi cró cnis:
Cú Chulainn do bith in ingnais.
dirsan menbad leca lis.- Menbad leca Lis Lugdach.
lasarumnad cach n-derba:
ba romoch ar n-étarba.
fri mac na Tri Find Emna.- Nach accimse Coin Culainn
domringne dérach dubach:
Díthre mo thúath tragamar
& scarad fri Lugaid.- Nimrumartsa mo fhianchara.
Cú Chulainn caraid bruafad:
bái dam ceile soer subaid
Lugaid mac Clothrand Cruachan.- Buaid gaile buaid clis ria cách.
do Choin Culainn cruth rodnaí:
buaid n-gaiscid do Lugaid lúath.
buaid mo chrotha sech cech mnaí.
- Cach buaid bid dimbúaid iartain
cipia frisa ferthar tnú:
cach indbass bid indless núag.
cach trén bid truag nó bid trú.- Sirechtach dál in bith cé.
ní sét frisnemnech do-gní:
torbais dál báis sech cech n-dúis,
gnúis chaín cid álaind a lí.- Nimdagenair cridi crúaid.
dober téb fri ailethuith:
ara mence shoas gné
a gnúis ri úair n-dochraite.- In tan imreidmis Emain.
a Temair nírbo drochband:
Cú Chulainn and ba subaid.
& Lugaid mac Clothrand.- Cú Chulainn dam d'acallaim.
co n-gnímaib danaib dubtaig:
issed bas lán lam chride.
& lige la Lugaid.- Roscarsam friar namalla.
oca mbimmís fri cach sel
bés no comairsem nach tain.
rodelbad dam dul ar cel.C.
Issed atberatsom ní baí a h-anim intisi in tan tancatar-som istech innund. Asbertat dano ba marb Lugaid achetoir oca descin. Luid immorro Cú Chulainn isa tech cosna mná co tarat a tech forthu conna tudchid fer na ben i m-bethaid assin tig sin .i. dona tri coicdaib rigan acht ros-marb uile. Is and asbert Cú Chulainn:
- Derbforgaill bruinne gel bán.
domriacht dar srotha sáil:
ba rath carat rodam-fír.
ingen ríg a Lochlaind láin.- O ro bói eter da fhert
do-gní mert mo chride cnó:
gnúis Derbfhorgaill fo licce leirg.
Lugaid Riab n-Derg dirsan dó.- [Ba h-allud mor do Lugaidh
ba maith dorrumad orcainn:
ised doroigai Lughaid
fomrumaith oc Derbforcaill.]- Ba h-allud mór do Lugaid
boí fora chrannaib glee:
coica cetguine cen dáil
ba h-annud cacha ree.
- Derbforgaill clú co n-áne
co n-genus & fhéle:
nocorala cor n-uabair
gnúis dar gualaind a ceile.- Trí coicait ban i n-Emain
is me doruid a n-orgain:
cia fogelmais ríg na túath
ba luag dóib Derbforgaill.
D. .i. dér ingen Forgaill rig Lochlainde. Ro lad a fert & a l-lia la Coin Culainn.