Corpus of Electronic Texts Edition
Brinna Ferchertne (Author: [unknown])

p.41

{MS folio 117b1}
  1. Atchíu dá choin ac congail ferda comraim co n-áne:
    is Cúculaind conmáide bás Chonrúi mic Dáre.
  2. Héraind rogabsat Hérind, bátir línmair a fini,
    gabsat cóiced cen tusled corrice Uisnech Mide.
  3. Fichsetar mór do chathaib, bátir cródai na saithi,
    contolsat aidchi i Temair oc saiged d'Emain Machi.
  4. Ba di cherddaib Chonrói dia ngeogain fénnid Fliuchna,
    ba hed bunad a chésta dia n-acht na hercca Iuchba.

  5. p.42

  6. Dia sáraigestair Ultu, ba scél fota fri turaim,
    íar feis fri curach codail bert Blathnait ó Coinchulaind.
  7. Bái Cúchulaind for íarair, blíadain lán dó hi tói,
    co fitir eólas athlam dochum chathrach Conrói.
  8. Dia mert a ben Coinrói, ba holc in gním dogéni,
    sech ní thérna hi ségdu, fácbas Érnu fo méli.
  9. Romert Blathnait ingen Minn in argain inn-Argatglind,
    olc gním do mnái brath a fhir, dáig ba maith donderuidir.
  10. Cumrecht a folt do hailib, do cholbaib, cródu scélaib,
    atract foraib, Cúrói, ropo chomérgi trénfir.
  11. Docher cét fer dia hérgiu íarna cuimriuch i n-ailib,
    trí chóecait fer cen shodain, ocus cóeca hi fuilib.

  12. p.43

  13. Cid {MS folio 117b2}tarraid Cúchulaind cona claidiub fadessin,
    conidfargaibh i cossair for formnaib saera sessir.
  14. Síactatar as for slébib, dígalsat fénnid Fliuchna,
    sech bertatar a cathle, actatar erca Iuchna.
  15. Tarraid Senfíaccail Setnach, dímelta lecthi a chnámi,
    gabsi fulung co ndéni íar ndíth anma mic Dáre.
  16. Ced fer gáire na flatha, ba maith fri hétacht catha,
    tescais coicait fer n-armach, íar sain damair a marbad.
  17. Dosrelic Tredornán dall for slúag nUlad, nírb inmall,
    nertlia nóethech, núall nád baeth, marbais trí fichti fírlaéch.
  18. Comram Echdach mic Darfind, fil a thindrem issin glind,
    bec a fis do neoch ar atá cair cia rolá lecca ind.

  19. p.44

  20. Comram Echdach mic Darfind ótha rind corrici in n- glind,
    marbais cét fer fo chomlond condatarraid écomlonn.
  21. Íar sain tucad écomlond for Echdaig, ní fo chumlond,
    co fil a charnd for Maig Rois a lín robói deas anfois.
  22. Dosfarraid Cairpri Cúanach, marbais cét fer, dál mbrígach,
    robága fri Conchubor mani bad a muir mílach.
  23. Dosfarraid Cló co mbarainn, marbais cét fer dia fairind,
    cid mór a nert hi colaind, fúir a lecht la Conchulaind.
  24. Dosfarraid Rus mac Dedad, ocus tailc trén a bunad,
    ba di dígail a curad gegnatar ócu Ulad.
  25. Íar sain tarraid Nemtes drúi, rofitir ní aridmbái,
    cethri dechenbuir robí, atherracht ind co fo trí.
  26. Dosfarraid Foraí fíanach, fer nad gillad ar gári,
    dosfarraid Dédornd dúalach, cartais na slúagu a háni.

  27. p.45

  28. Tarraid Ferdomon, ferais debaid, ár bodbda bronnais,
    bí a dornd ar comlond cain do Fiachaig mac Concobair.
  29. Dosfarraid {MS folio 181a1}mac Riangabra, Ingeilt a hainm co n-áni,
    bert Carpre mac Conchoboir fo tonnaib serba sáile.
  30. Lugaid ocus Lóegaire fersat debaid dar dá bran,
    fácbaid a charpat dia chur is a faraid ina scur.
  31. Cotgart Lóegaire don tslúag, mida mín ticed úad:
    ‘Brissem fír fer forsin lóech dús in dersamis ar sáeth’.
  32. Gabsi Fergus for a grúad arnach romarbad in slúag,
    íar sain rosíach(t) cert curad for ócu amra Ulad.
  33. Trí fichit láa dó for leirg, fer cecha lá inna cheird,
    bátir hé sein a hélaing condatáncatar Héraind.
  34. Íar sain táncatar Héraind dia réir ar-ríg domrímid,
    secht fichet ar secht cétaib, secht cét míle do mílib.

  35. p.46

  36. Scortside for maig Henaig, ba hann cotricht in debaid,
    acta fri alla argait, conid de attá in cath charpait.
  37. For leirg lectaig fersat núall, ba hand cotnic in slúag,
    is ed a hainm foridtá ocus nocha n-ed nammá.
  38. Is trúag a comrac amne Blathnaite ocus Fercertne,
    co fil a lechtblínaib hi Laind Chindbera ássin rind.
  39. Atchíu teor erca Echdai, ní meirb docengat latha,
    adchíu daglaechuin(?) beth, adchíu graige cach datha.
  40. Atchíu curchu la habaind, adchíu galaind forsngabther,
    atchíu dírim dar magthech, adchíu laech forsnálamther.
  41. Atchíu gin húi Nessa cessa fri fiansa forbair
    diasnad Hériu ergair, atciu-sa1 hi congail.

    Atchiu.