Corpus of Electronic Texts Edition
Togail Bruidne Da Derga (Author: Unknown)

section 13


134] Fan-ácbat a chomaltai occa chluichiu &
135] ima-saí a charpat & a arai co m-baí oc Áth Clíath.
136] Con-acae eónu findbreca móra and, écomdige ar mét
137] & doath. Im-saí ina n-degaidh comdar scítha ind eich.
138] No téigtis fot n-ahurchara riam & ní théigtis ní bud
139] síre. Taurbling & gaibid a thailm doib asin charbad.
140] Im-suí co m-buí oc muir ina n-deadaich. Fos-raemet
141] ind eóin forsin tuind. Luidseom chucu co tubart a
142] láim tairrsiu. Fo-fácbad na h-eóin a n-énchendcha &
143] imda-suat fair co n-gaíb & claidbib. Aincithi fer díb h-é &
144] at-n-gládastar, co n-epert fris:
145] ‘Is mise Nemglan, rí énlaithi do athar & ar- garad
146] dít díbrugud én ar ní fuil sund neach napad dír dait
147] ó a athair nó máthair’.
148] ‘Ní feadarsa’, ol seiseam, ‘cosaniú sin’ . ‘Eirg do
149] Themraig innocht’, ol sé. ‘Is córu deit. Atá tairbfeis
150] ann & is tú bas rí de, .i. fer lomnacht i n- diaid na
151] h-aidche íar sligi di sligthib na Temrach, & cloch &
152] tailm lais, is é bas rí’.