Corpus of Electronic Texts Edition
Tochmarc Ferbe (Author: Unknown)

p.462

section 1

¶1] {MS folio 253a}[...] airgit oengil friu. Lénti bangela co n-esnadaib corcraib iar(na) toebaib1 impu. Sceith orbuide co m-bilib argit oengil for a munib, co feth(l)aib [&] condualaib2 & co n-imlib finddruini roaltnidib3. Claidib debennacha mora co n-eltaib dét co n-imduirnib airgdidib for a cressaib. Da maelgai illaim cech fir díb co semmannaib argait. Bái dana torachta di ór forloiscthi im cech n-gai dib. Ni bátar assai imma cossaib na celbair imma cennaib.

¶2] {MS folio 253a line 9}In tres buiden dana .i. in buiden i m-bai Mani fodein. Coica ech dergdond seta sithméti inti, & coica ech find n-óiderg, it é scuaplebra iarna rusiud i corcair uile, .i. a scópa & a monga. Sréin delinecha friu, .i. bolga dergóir isindara liniu & bolga airgit oengil isin líne aile. Belgi óir & argit friu uile. Maelchircul óir co clucinib fo bragit cech eich díb. Ba binnithir téta mendchrott oc a senmaim illáim súad fogur na clucin sin, ica fogluasacht dona echaib ina cémmennaib. Carpait foduirn findruini co n-asnadaib óir & argit eter cech da n-ech dib-side. Coica sadall corcra co snathib argit estib, i cenghul do chrettaib na carpat, & co siblaib oir estib immach, dar borddaib


p.464

na carpat, co cendmílaib ingantachaib foraib. Cóica gilla n-óc n-aigfind n-imlebur isin coicait charput sin. Ocus ni bái nech díb acht mac ríg & rigna & curad & cathmiled do Chonachtaib. Cóica brat corcra cortharach impu co cortharaib ecair óir & argit. Cethri ora4 umaidi ar cech brut. Mílech do dergór forloiscthi in cech brut. Lenti srebnaidi sítai co tuagnadmannaib di ór bruthi buide icustul fri a n-gelchnessaib. Cóica cathscíath n-airgdide cona timtimchiull5 d'ór & co m-breccad gemm carrmocol & lec lógmar cech datha for muinib leo. Da chaindill gaiscid di slegaib coicrinnechaib illáim cech fir díb. Cóica semmand d'indruini & d'ór in cech gai díb.

¶3] Cia no dlestá miach óir do cech fir díb no ícfad seim gai cech fir dib é. Torochta d'ór forloiscthi im cech gai dib, irthocbáil dana do charmoclaib fóthib uile, conna n-ilbreccad di gemmaib lógmaraib. No lastais trá in aidchi amal ruthni greni. Coica claideb n-órduirn n-intlaisse co n-eltaib dét ecoir óir & argit i truallib fichthib finnargit for a cressaib dóib. Coica echlasc findruini co m-baccánaib óir ina lamaib. Ba cæmalaind iarum & ba cruthach in maccoem bái eturru. Is é leccanfota lansolus drechlethan. Folt fochas orbuide fírlebor fair co sniged co brainni a imda. Rosc n-airárd n-adanta, is e gorm glainidi ina chind. Ba cosmail fri cleithe caille cetamain no fri sian slébi cechtar a da gruad. Andar latt ba fross do nemannaib ro laad ina chend. Andar latt bátar da dúal partaingi a beoil. Ba gilithir snechta oenaidchi a brági & a chnes


p.466

chena. Secht milcoin imma charpat i slabradaib {ms page 253b} argit & úbull óir for cech slabrad, co m-ba leor ceol fogur na n-ubull frisna slabradaib. Noco rabi dath na rabi isna conaib batar aice. Morfeisiur cornaire co cornaib óir & argit leo, co n-etaigib illdathaib impu, co mongaib finnbuide foraib. Bátar tri drúi(d) rempu co mindaib airgdidib uasa cennaib, co m-brattaib breccaib impu, ocus co sciathaib umaidib & co n-asnaidib credumai foraib. Trí cruittiri co n-écosc rigda for cech æ ina comair i m-brattaib corcraib.

¶4] Rancatar iarum fon tachim sin co Cruachain & ro fersat a trí graiphni oenaig for faichthi na Cruachna. Celebrait iarsin do Meidb & do Ailill, ocus tiagait fon cumma sin i cend séta & imthechta for ammus Ratha Ini. Is cáin tiachtain6 chetus, ol Bricriu. Ni fetar in ba cáin ticfaithi. Biaid dul dia fiastar, ar Mani. Ro fiter me, ar Bricriu, is ruathar lái dogentái, ni anfaidi fri feiss aidchi i cuiciud Chonchobair. Doberim-se mo brethir, ar Mani, coro feram feis trí laa ocus tri n-aidchi i n-dunud Geirg na tairchem arís co Cruachain. Ni bói ní ba siriu ic fiamuchraid ríu acht teít i cend séta & imthechta.

¶5] Iar rochtain tra do bé thastil co dunud7 Geirg ro gabad oc frithalim in t-sluaig and. Ro ésraít a tigi do bethi barralaind barrglas & essair urárd8 úrluachra. Fóidis Erb a comalta .i. Findchoem ingen Ergi aróen ri bé tastil do fegad in tslúaig amal ticfaitís. Nir bo chían em disi ón. O ro scaich di mess forru, luid fri deminscél cosin n-grianán i m-bói Ferb. ocus ro ráid fria: Atchiu-sa, ar si, dírim don dún-sa, & o ro gab


p.468

Conchobar Emain noco tanic rempi & noco ticfa co bruinne m-brátha dirim is áilliu no is choemiu no is ilchlessachu andás in dirim docechaing in mag innossa. Is samail lim & bad in aballgort chumrai no beind lasin m-balad tánic dia n-étaigib ar n-dochum iarna fogluasacht don maethgáith doic tairsiu. Cech cless & cech abairt dogní in t-óclách fil eturru, no con facca-sa riam a leithéit. Focheirt a bunsaig rót n-urchair uad, fochengat a choin inna diaid, co tecat a choin eturru & lár & in t-óclach eturru & firmimint conna ric lár conas gabat eturru fon cumma sin. Lasodain tra tecait sluáig Dunaid Geirg co ro múchait sé fir déc dib ica fégad. Tairlingit i n-dorus in dúne iarsin, & tairnitir a carpait & scoirtir a n-grega, ocus tecait innund isin dúnud, & ferthair firchain fáilti friu, ocus dognither gríth gretha do glanfothrucud dóib. Doratad iarsin isin laechtech mór bói ar comair drechi in dunaid. Dos-rochtatar fochetóir airigthi airerda [gap: extent: two letters] 9 do cech biud sainemail bói for druimleirg in talman.

¶6] In tan tra ba hane dóib bith ic tochathium a (flede)10 do-dechaid sidi gaithi géri galbigi co ro chroth dindgna in dúnaid uli & co ro chrithnaig in tech {ms page 254a} claraid i m-bái in slúag, co torchratar a scéith dia n-delgnaib & a slega dia n-adlennaib, & co ro sétea ammíasa uadib amal dulli darbri. Machtnaigit ind óic de-sein, ocus ro iarfaig Gerg do drui Mani cid ro imfulaing in gaéth sin. Is andsin ro recair Ollgæth drúi Mani: Indar lind ém, ar sé, ní fó sén i tancas din tochmarc sa nnocht.


p.470

Da-bar-ró Conchobar, da-foichlid, co m-brisfea cath for Meidb isin matain-sea imbárach iar far n-díth uili in lín itaid istig, ocus doringni in glónáthi airchetail-seo iarsin:

    Ollgaeth

    1. Deilm in gæth granni in grith bith robedb,
      derb in rád, rainfid in fer, sleg tri Gerg.
    2. Urchur arad tri reing ríg, gním co neim,
      snigfid fuil formna fer11, sleg fri sleig.
    3. Gesfid scíath ria m-beim bailc12 a glaic gil,
      beti cuirp i cossair chairn, bat mairb fir.
    4. Bás meic ríg do lágin ríg, bid gním gér,
      ulach ard (im)ma chorp cruaid, trúag in scél.
    5. Brisfid Badb, bid bríg borb, tolg for Meidb,
      ilar écht, ár for slúag, trúag in deilm.

      Deilm.

¶7] Dia m-bad fóm-sa trá cách, ol in drúi, no faicfithea in dunad sa innocht. Ro cairiged-som ó Mani co garb aire-sin. Ised ro ráid Gerg: Ní bái ní ara fubthaitis occu, ar ni rabatar curaid no cathmilid Ulad aróen ri Conchobar. Cen co beth sib-si eter sund, ar se, dobéraind-sea & mo da mac cath do


p.472

Chonchobur. Ra tócbait a n-airm leo iarsin, & ni thartsat dia n-airi a n-ebairt in drúi.

¶8] Dia m-bái dana Conchobar i tosuch ind lái sin ina cotlud i n-Emain & a rígan na farrad.i. Mugain Etanchaithrech ingen Echach Feidlig, co n-acca in mnái coem ina dochum ina imdái. Ecosc rignaide lé. Mong casdrumnech barrbuide i cuacris imma cend. Sretha sítai fria gelchnes. Bréit bláthmin máeth do sítu uanidi imma bragit. Da maelassa findruine eter a bonnu bláthmini & talmain. Tó cech maith duit, a Chonchobair. Cid fil dúinn de-side, ar Conchobar.

¶9] Secht m-bliadna ónocht, ar si, dogentar Táin bó Cualngi, & airgfitir Ulaid, & berthair in Dond Cualngi, ocus mac ind fir dogena sin .i. Mani Mórgor mac Ailella & Medba, dodechaid do feis la hEirb ingin n-Geirg do Glind Gerg13, tri choicait a lín. Erig-siu, ar si, tri coicait Fomorach cucu & bid latt coscur. Bidgais Conchobar iarsin & dúscis a rigain & adfét di a aislingi. Is lór ém, ar Mugain, fil chena etrund & Connachta. Is demin ém, ar se, cid nar tost bem-ni dogentar in táin út. Déni a chomairli ri Cathbad, ar Mugain, & in chomairli dobera duit, co rop hí dogneis14. Rádid Conchobar iarsin fri Cathbad, ara n-dernad fastini dó. Ocus doringni rand tosaig láide iarsin & ro frecair Cathbad hé:

    Conch.

    1. Finna latt, a Chathbaid chain,
      ca buadred fil im menmain,

      p.474

      ca hurbaid mór ar-nom-thá,
      a Chathbuid, a drúi Emna.

    Cathb.

    1. A Chonchobair na curad,
      a rí urdnide Ulad,
      dofáetsat mór curad de,
      bid hé airdi d'asslinge.

    Conch.

    1. Innis cech olc ticfa de,
      déni fir na fastine.
      na habbair tria baegul bréic
      ar ni fil drúi do lethéit.

    Cathb.

    1. Dofáeth Mani, (mó)15 cech ail
      mac Medba don Chruachan-maig,
      is dofáetsat ri gním n-guil
      tri choicait dia chomaltaib.
    1. Na sluaíg út ón Chruachain chaiss
      ni thecat uait dara n-ais,
      ar is móti da blad trá
      foichle fethim is finna.

      F.

¶10] Doroichi-siu imslán a rí, ar se, co m-buaid & coscur {ms page 254b} & commaidim. Is andsin doroacht Cathach Catutchend ingen Dímóir co Emain. Bangaiscedach amra i-side, a iathaib Espáni tánic ar seirc Conculaind co Emain. Dochuaid issin sochraite sin aroen ri Conchobar. Doriachtatar dana triar amra a finib Fomórach and, foblad barbardachta . . ad16, .i. Siabarchend mac Sulremair ocus Berngal Brec & Buri Borbbriathrach. Dorocht dana and Fácen mac Dublongsig do sentuathaib Ulad ocus Fabric Fiacail Nemi asind Asia Móir ocus Forais Fingalach a Manaind. Luid iarom Conchobar, tri choicait laech impu sin, & ni ruc nech do Ultaib leis, acht sé féin


p.476

& a ara .i. Brod & Imrind in drúi .i. mac Cathbath. Ni bái dana gilla oc neoch díb acht gilla Conchobair, acht a scéith for a munib leo & allaigne lethanglassa inallámaib & a claidib tromma tortbullecha for a cressaib. Ni ba lín tra ba mesta forru, bá mór a toilc menman. O ro siachtatar iarom co m-batar ic fegad in dúnaid úathu innund, atchonncatar tromnél dímór uas chind in dúnaid. Cirdub indara cend dó & dergg a medon & glass in cend aile. Iarfaigis Conchobar iarsin: Cid co tirchain17 a Imrind, ar se, in nél út atchiam uasin dunud. Tirchanaid ém, ar Imrind, ág & urbaid na haidchi innocht. Ocus doringni in rethoric-seo iarsin: R.

Dubnél nemi
glass erchad
imfæbor derg
crua credbaigthi
fobíth tescfaiter táib
leonfaitir lama
cirrfitir colla
maelfaitir muneóil
i n-dunad Geirg
o thrath nóna nithaige
co medón lái
lechtlige di lar
óc dalfid écdubi.

D

¶11] Cechaing Conchobar iarsin ar ammus in dunaid. Is andsin dana ro sudiged dabach umai thall istaig diarba chomainm Ol gualai iarsin. Ocus ro bas oc a línad dond fín. Dorochair dana a escra féig finnargait alláim in daleman isin dabaig, co


p.478

ro dóirt a trí tonna dar borddaib di. Is and ro ráid Ollgï{æ}th in drúi.

    All amae, ol in drúi, brod in airigid18
    ni ba cían la hallmuri bías
    ar focrechtnaigfiter sluaig
    airdibdibther laechrad.
    dobrisfiter tige
    fogeba Emain ditui
    arfocerthar gala oenfer
    eter lái & aidche.
    eter slóg Geirg & Conchobair
    isin tegdaise innocht.
    ní fó mac ruc mathair
    isin taig-sea innocht.19

¶12] Doroich Conchobar in dorus, & gárit na hallmaraig gáir airgni iarsin amal ba bés dóib immon dunad. Ergid Gerg iarsin, & érgit a da mac .i. Cond Coscarach & Cobthach Cnesgel & gabait a n-armu. Ocus rádis Gerg fri Mani: Leic-siu etruind féin innar n-Ultaib, co fessara cia úain bas chalmiu. Bidbaid duit-siu sind uile. Is fó duit ar comthuttim aróen. Mad sinni dothæth and, geib-siu it chind dia féta. Téit Gerg immach iarsin & a da mac cona muntir léo, ocus foroprait ar gabáil in dúnaid, & ar chathugud fri Conchobar immach, & ní lecat nech forro indund fri ré cían. Fecht n-oen trá teít Gerg dar in dorus immach fri cnes urgaile, & forfobair for a thaffond ind lóich on dúnud immach, ocus ros geib sroigled & essorcon do cech ái & do cech airchind immon dúnud20 & dofuittet cuiciur Fomorach laiss {ms page 255a} don ruathur sin, & dofuit leiss


p.480

in drúi .i. Imrind mac Cathbad, & benaid a chend de, & berid leis in cend innund ar ammus in doruis.

¶13] Is andsin dodechaid Cathach Catutchend eturru & in dorus, & dorat comrac feíg fichda dó-som. Araí sin co topacht Gerg in cend di-si, & berid leiss innund issin tech bói21 Mani, iarna chrechtnugud commór. Ocus foceird na cinnu úad i fiadnaisi Mani, & suidis na imdái iarsin & ataig a osnaid ass, & conattacht dig. Ro saig Conchobar andside cona muntir co m-bátar fri cnes in t-sonnaig. Ocus tócfait22 a sciathu úasa cennaib ina lámaib cléi & sraccait in sonnach cucu immach dia lámaib desaib & cengait co m-batar for lár in dúni, & ba oendorus dóib andside iar m-brisiud in dangin.

¶14] Is andsin dolleici Brod (.i. gilla Conchobair)23 uad indara sleig bói ina láim innond istech, conos tarla triasin scíath bói for inchaib ind ríg Geirg & conos tarla tria eslind a chuirp, cor bo chross tall tarsna triana chlíab iar tregdad a chride, & co n-dechaid tria Airidech .i. gilla Geirg, co torchratar a n-dís cen anmain. Imma-sái Conchobar iarsin fo slúag Geirg sechnón in dúnaid, co torchair tricha láech leis do muntir Geirg do gním a lámi féin a oenur, cenmothá ina torchair ria muntir. Dorochratar dana sochaide dia muntir-seom leo-som.

¶15] Is and trá atraacht Nuagel ingen Ergi .i. ben Geirg, & dorat a trí fóidi ferggacha guil esti, ocus ro gab cend a fir ina hucht. Dar24 brethir ém, ar si, is mór în gním gillai doringni Brod .i. Gerg do marbad ina thig féin. Is sochaide trá, ar si, bias icot chainiud, & cia ro thuttis im changin t'ingini, mór n-ingen


p.482

irraba féin25chardes. Ocus dorat a thesta for aird, & doringni rand tosaig laide:

    Nuagel

    1. Is sé Gerg so ina ligi,
      is tria chin a ingini,
      is triana cin atá sund
      in tarbech sínte comlund.
    2. Mór in comlund ro gab Gerg,
      óclaéch26 find fæborderg,
      fer fíal fomórda ferda
      aircech álaind ardergna.
    3. Ca læch rop ferr inna Gerg,
      ca fróech na figed fri feirg,
      ca slúag na cáinfed do bás,
      cen tlás na scáilfea27 dot eís.
    4. Sáeth lim th'fegad it lige,
      a Geirg álaind foltbuide,
      a chara na cuan in cech than28,
      is trúag lim-sa do marbad.
    5. Romaind duit i n-Glind Gerg29,
      ic Loch Áne is ic Irard,
      is ic na huaranaib se thess,
      mór m-ban foúarais cardes.
    6. Ro bat cara do cech cléir,
      no bíd cách icot ógréir,
      ba maith ri cách do gibri,
      is derb ropat degairle (no derganle)30.

    7. p.484

    8. Ropat móra do berta,
      ropat ségaind airechta,
      ropat rí rurech co rrath,
      ropat fuilech i fírchath.
    9. Ropo mór do thech ro fess,
      cia doringned and t'amles,
      is and rot gáet inn inud ríg,
      cia doringned rop anfír.
    10. Rot gáet Brod is ní ro dlig,
      cor gab triut in Airidig,
      tú féin is do gilla thair
      inn oenfecht darochrabair.
    11. Mór gním gillai31 cangess
      doringni Brod, rop amles,
      marbad ríg rinne ré ré,
      ro marb sé sinni & sé.

      Is é.

¶16] Foropairset dana dá mac Geirg béus .i. Cobthach Cnesgel & Cond Coscarach ar gabail in dúnaid & ní roscandir {ms page 255b}cen échta dóib. Ni ro dámair in mórbríg do Mani bith ina thost cen techt féin do digail a chlemna for Ultaib. Ocus atraacht iarsin & ro gab a scíath mór míleta fair & a da sleig slemungéra uillendcha móra ina láim, ocus a chlaideb trom tortbuillech crúadgér comramach for a chriss. Ocus atraactatar a thrí coicait in oenfecht fris. Nir bo irusa a frithalim, ba mór in toilg menman & aicnid & in tinsaitin úalli ro bói i cridi cechóen dib-sin. Ro bói dana sant mór & duthracht calmai do denam occu. Bá ségda súairc sobesach in rígmacc bói rempu, & ciar bo maccoem iar n-áis ropo mílid iar mórgasciud.


p.486

Ba halgen curmthigi, is ba dúr debtha & ba nathir nemi, bá cumnech écraiti, ba óibel ága, bá comnart comergi, ba logthanach sét, ba hanaccarthach imgona, ba tene aradna, bá nertlia fergi, ba tond bratha ar buirbe, bá íaru ar athlaimi, ba dair ar daingni, ba hé rind ága & imgona na teora Connacht, & ba hé a cendmíl airechta & a lám thairberta sét & a sodomna ríg.

¶17] Nir bo miad leis nech isin domun do thiachtain fo chomlín do gabáil tige fair. Ro thaffniset iarum iarsin na Fomórchu on tig immach. Nir bo lám lega la Mani inn uair sin. Ocus dorochratar nonbur Fomorach dia chétscundscli a oenur. Is andsin doriacht dibergach na hAsia Móri .i. Fabric Fiacail Nemi fri cnes na debtha, ocus ro gab sroigled & essorcoin & brúd & básugud in t-slúaig remi, & ni ragbad riss corrocht cosin magin i m-bái Mani, co tard cechtar n-ái díb scíath fri scíath dia cheli, & bátar isin chomlund co n-dechaid dar medon aidchi, & dorat Fabric tri gona aidbli for Mani, & ro dichend Mani esium iar scís chomluind. Cid Conchobar dana bá gal churad leis, ar dorochair tricha læch lánchalma leis do muntir Geirg imma mac .i. im Chond Coscarach. Ro immir t in slúag cechtarda immforrán for a cele, is bec na ro chomraicset mera a coss icond imthuarcain. Ro siacht fuil glúni fer sechnón in dúnaid. Atchlos fon trichu chét ba nesom dóib blobemnech32 na scíath & na bocote & scemgal33 inna laigne lethanglas & na claideb crúadgér icomrac & briscbrúar na clocend ica n-erlech & búridach na míled ic immirt écomlaind forru.


p.488

¶18] Ro socht t Mani iar n-díth na Fomorach co Fácen mac n-Dublongsig co m-bátar fri ré cían icathugud. Dorochair Facen de-side. Dorochair dana Siaburchend mac Slisremuir ra Cobthach Cnessgel mac Geirg. Ocus ro tafned Mani & Cobthach iarsin issin rigthech iar cor aír a muntire, & ro gabsat co setrech & co ferda in tech co mmatain & ní deochas forru ind.

¶19] Is i n-deriud na haidchi sin dochuaid in ben chétna adfét na scéla do Chonchobur, co rocht co Meidb áit i m-bái ina cotlud ina himdái i Cruachain Aí, co n-erbairt fria: Dia m-beth{ms page 256a} fastini ocut, ar si, a Medb, ní bad chotlud dogenta. Cid andsin, ar Medb. Ata Conchobar, ar si, oc gabáil ar Mani & dofáeth leis Mani, & eirg-siu innossa & non-dígela. Ocus dorat rand tosaig laide, & ro recair Medb triana cotlud:

    1. A Medb ca cotlud dogní,
      in fetar cinnas atái?
      diamsat fissid fáth imne34,
      ropad mithig duit eirge.
    2. A bé bán bulid collí,
      ca scél uathmar innisi,
      cata námait dothæt and,
      cia halt doine cia n-anmand?
    3. Conchobar cend na curad,
      ardrí ilbuadach Ulad,
      ní damair a bruth no ferg35,
      co ro thogla innocht for glend .g.36

    4. p.490

    5. Cia bail itá Gerg is Mani37,
      na fuilet i n-oenbali?
      ma tát ní hassa a togail
      do lucht tigi Conchobair.
    6. Mani cid mór a menma
      im febas a degdelba,
      ni ba leiss commus a chind
      da thurus innocht don glind.
    7. Mad dia marbthar Mani mór,
      bid díth cethern, bid ár slóg,
      atresat curaid fri gail
      iter Chruachain is Emain.
    8. Érig is digail do mac,
      tinóil cóiced Olnécmacht,
      snaidfea na sluagu co serb,
      mad dia n-erge innossa a Medb.

      A.

¶20] Dúscid Medb iarsin & dúscis Ailill, & adfét dó in fís atchonnairc & adfét fon slúag iarsin. Ni bó fír ón ém, ar Bricriu. Otchuala Fiannamail mac Fergus38 Fordeirg sin, .i. mac rechtaire na Cruachna, ní ro ernaid fri cách, acht luid remi i n-iarmoracht Mani, ar bá comalta dósom Mani, arrop é in t-ochtmad maccóem na Cruachna Fiannamail. Togais Medb lé secht cét fer n-armach anas dech dorala i Cruachain in tan sin. Is andsin doriacht Domnall Derg Drechlethan mac Dubain maic Ingamna, læch he-side is dech ro bói ar cúl scéith & claidib & gai i coiciud Chonnacht, ocus bá comalta dil dana do Mani he-side. Ocus dochuaid issin sligi cétnai ria cach, tricha láech dana ba hed a lín, & Domnall ainm cech fir díb. Imthigis


p.492

dana Medb iarsin ina réim ina n-díaid. Aslingi Medba connice sin & turthed a himthechta.

¶21] Imthús immorro Mani thair. Ro gab ina chind co maethtráth éirgi arnabarach, & nir bo sám-subach sadail ro cathed ind adaig sin eturru maróen. óman-acca dóib ri suilsi ind lái ro chumnig cách a anfolaid dia cheli, ocus forópair Conchobar ar gressacht a muntire. Diamtís Ulaid, ar se, no betis immalle frim-sa, ní fuléngtha in cath amal fuilngithir d'fomórchaib. Ro drebaing39 gal i m-brunnib na Fomorach don gressacht mór sin & dos-ratsat co dúr & co díchra frisin cathugud, & ni ro ansat de co n-dechatar dar dorsib ind rígthigi innund. Ba cóem ém & ba hirgna in phelait rígda i n-dechas and. Ba líach drocharadu furri. Ro bói cét mías findargit & tri chét do chredumu & tri chet do finddruini and. Bátar dana tricha escra do airgiut oengil Espáne ar borddaib dabach. Batar dana da cét corn buabaill co n-imdenam óir & argit & tricha coppán argit & tricha coppán créduma, {ms page 256b} ocus cethracha gagar. Imscing linanairt gil co n-delbaib ingantachaib fri fraigid and. Is andsin immarocht don t-slúag cechtarda for lár in tigi. Ro po díth don t-slúag co mór andsin. Ro siacht Cobthach Cnesgel mac Geirg iar slaidi na Fomórach cosin magin i m-bói Berngal Brec ic dicendugud na Connachtach. Dofuit Berngal tra la Cobthach iar scís chomlaind. Dorochair dana Buri Borbbriathrach do laim Mani, & ro dased immi iarsin & ron-immir for slúag na Fomorach sechnon in tigi, & dorochair tricha laech dib leis. Ótchonnairc in cur cróda cathbuadach Conchobar in laini40 forsa rabi Mani, ron dírig a dochum & ro frithail-seom


p.494

Mani co fichtha furachair & bátar fri ré cían icathugud41, & ro brissiset nonbor maccoem fo cossaib42. Teilgis Mani rout n-úrchair co feirg & lonnus co m-bói ina chrois trí Chonchobar. & cein bói Conchobar oc béim na sleigi ass, ro gon Mani don mánáis lethanglais bói ina láim. & dodechaid Brod i forithin Conchobair, & ferais Mani tri crechta aidbli fair, & nír bo sétrech comlaind Brod iarsin. Impáis Conchobar iarsin fri Mani & ron ecrand do bráthbemmennaib do cech aird co torchair leis marb cen anmain. & forfopair iarsain ar erlech in t-slúaig imme do cech leith isin tig, co torchratar bond fri bond & médi fri medi sechnon in tigi. Cid fil and trá acht ní thérna nech i m-bethaid do na tri coicdaib laech dodechaid la Conchobar acht sé féin & Brod, & cided ón ni slán térnatar. Tafnis Conchobar Cobthach mac Geirg ón dúnud immach. Ocus i céin ro bói ina lenmain sechnón in maigi, dochuaid ind ingen .i. Ferb ingen Geirg & bé thastil immalle fria cosin magin i m-bói Mani ina chróligi fola & ina chropartaig, & ro bói oc derfadaig & oc mifri. Dar brethir43 ém, ar si, ciatái th'oenur innossa, mór n-aidchi ro bá sochaide. Ocus dorat in laid-sea oc tabairt a thesta.
    1. A gillai is derg do lepaid,
      ní dam na déine deccair(?)
      olc sén i tanac ótig44,
      bid mana dér rit muntir.
    2. Sochaide dia tartais olc
      naidchi45 ro ba i llongphort,
      a maic Medba in murir,
      a chulian ard ardenig.

    3. p.496

    4. A maic Ailella nach dis,
      ní latt in gním ro máidis,
      is trúag rim chride is rom46 chlí,
      do bith tall it bithligí.
    5. A gillai is gastu atchonnac47,
      ro pat slatt óir fri hadart,
      cia ro bói do dál ri nech,
      rob-í do dál dedenach.
    6. Ropo garb do lám sin chath,
      ropot iarsla(?) Fomórach,
      mór fúaim do builli fri cend,
      sochaide i tanac thimchell.
    7. Ropo segda suáirc do dath,
      ropot cumnech comaltach,
      ro pat gasta dar cach glend,
      sochaide i tanac thimchell.
    8. Ropo chóir dam-sa sáeth dít,
      ar ái chomraic cen co richt,
      ni lugaite in grád cen chess,
      cíd de thic m'amless.48)
    9. Is sáeth lim in ligi itái,
      a gillai-sea a maic Meidbi,
      & is sáeth ram chride,
      inti fuil 'cot urnaide.
    10. Rop annam lat bith cen t'arm,
      conotarla49 is tu secmarb,
      co rot gæt in gai glan-gle,
      is co rot tregd araile.

    11. p.498

    12. 'S corot letar claideb crúaid,
      's coro sil bróen fola dar grúaid,
      {ms page 257a} 's coro gabsat immut uli,
      roptar athig oenchuri.
    13. Uch cid ro batar dam-sa,
      na ro fegsat ardinsa,
      mo lennán mo thoga tréoit
      is m'fer dingbala degséoit.
    14. Is m'er50 dingbala frim lá,
      Mani mor mac Ailella,
      ba marb-sa da ingnais de,
      cen co ti-sium dam aire.
    15. A bratt corcra inn inud ríg,
      is mór dom-ber i n-imsním,
      dar eis51 nir gab nech úad,
      o ro gab armu d'imluad.
    16. Sé féin ar lar in taigi,
      's a lám arna himdibi,
      's a gai 's i læch52 ras cuir,
      's a chend illáim Conchobuir.
    17. 'S a chlaideb tortbuillech, trén,
      ro gab úad i n-etarcén,
      's a scíath bail darochair de,
      icosnam53 a muntere.
    18. Cóica láech immi fo thrí,
      trúag a n-dul uili ar nefní,
      mór a n-osnad tan roscab,
      'ca chosnam darochratar.

    19. p.500

    20. hÉ-sium féni noco bréc,
      ro fodail mór sét54,
      ni lugu dorochair de,
      oc cosnam a muntire.
    21. Atá na ligi co crúaid
      maccoem Connacht glaini a sluaig.
      Mairg dia muntir miad glan gle,
      & mairg dia glancheile.
    22. Noco chumcim-sea ní duit,
      áir dom-rat in drochbeirt55,
      is briste mo chride de,
      icot fégad a gillai.

      A.

¶22] Is and sin doroacht Fiannamail mac Fergusa Forderg trí chóicait læch cucu. Ro tuarascaib ind echlach disi ocus ro innis scéla garba dó-som. Ro dassed immi-sium iarsin, ocus ro iarair eolas airm i faigbed Chonchobar, & doringset laid eturru:

    1. Fiannamail-seo chucunni,
      ro iarraided acunni,
      cid maith a bés oc a thig,
      ro scar dogs ria muntir.
    2. A ingen is garb in scél,
      innissi dam tria grés n-gér,
      scarad fri muntir56 mét n-gal,
      mas iat-so darochratar.
    3. Is iat-sain do munter-su,
      arai cen co fintat-sum,
      ro marbsat ro marbtha i fat,
      ro bo chomrac dergnámat.

    4. p.502

    5. Ocus Mani in marend hé,
      mo chomthach mo choceile,
      mo rí mo ruiri 'com thaig,
      mo duni alaind inmain.
    6. Is goirt lim aní atberi,
      a Fiannamail fiannaidi,
      ro merad immut cen acht,
      fogéba sund a thiglecht.
    7. Eolas dam ram forraig ferg,
      ma ra fetar a glan-Ferb,
      apair rim, cia bail itá
      Mani mór mac Ailella.
    8. Uchan achan air57,
      na fetar a Fiannamail,
      dorochair Mani malle
      is ogus a muntire.
    9. Cia dorat in cath crúaid,58
      cia doraitni fó dimbúaid,
      & cia ro marb Mane,
      & siat i n-oenbaile.
    10. Ulaid tancatar a túaid
      a nirt chatha chlaidebrúaid,
      co ro gabsat foraind tech
      co trí cóicdaib læch laimthech.
    11. Ticfa fri Ultaib in scél,
      at bidbaid cen imarlén,
      mairfitir and tiar is tair,
      dia marat na Connachtaig.
    12. Doberim mo chobais duit,
      a Fiannamail, uair at roglic,
      na dechaid d'Ultaib cen chlith,
      acht oén días ina m-bethaid.

    13. p.504

    14. Cade in días térnatar and,
      cia halt dáine cia n-anmand,
      & cía dochuatar ass,
      doringset mór diar n-amles.
    15. Conchobar is Brod cen brath,
      is iat59 térnatar assin chath,
      da gai trí Chonchobar féin,
      's a trí tri Brod ni imcén60.
    16. Cia ro guin Conchobar crom,
      cia dorat i n-ecomlond,
      ni beoda a dula cen geiss,
      ma tá air-sium dluig legis.
    17. {ms page 257b} Mani ro guin Conchobar,
      di sleig nirborddugud61,
      ro marb-som Mani iarsin,
      is é a fír a Fiannamail.

      F.

¶23] Imthigid Fiannamail iarsin i n-iarmoracht Conchobuir, co tarla Niall Cendfind mac Conchobuir ina agid & cét fer n-armach do thegluch Conchobuir immalle fris ic iarraid Chonchobuir. Ro ferad gleo fíchda feochair eturru. Maroen ro imred forlond fer for Fiannamail de-side, & nir damad cert comlaind dó, ná co torchair marb cen anmain. Dorochair dana trícha laech laisium a oenur. Forfopair andsin ind ingen ic fegad gilla Connacht. Dar brethir62 ém, ar si, ni ar meth gascid ná hengnama dorochrabair-si acht forlond do imbirt foraib, & ummoro tra, ar si, darochair far comlund lib-si cia dorochrabair. & ro chan in laid-seo sis:


p.506

    1. Truag sin a gillu Connacht,
      ní fuil clúim ria bar n-adart,
      bar lem-si63 is leím cen follacht,
      fúarabair béim dar amarc.
    2. Ca sluag rop ailliu innathe,
      is bad ferr i cend clethe.
      Bar n-delb ropo delb dígle,
      is frithe serb far snathe.
    3. Snáthe far ruisc ro mebaid,
      fuarabair dig cuisc tonnaid.
      Ropo chrúaid leo far n-debaid,
      ro dedail gleo i n-uarcollaib.
    4. Ro marbsaid cét fer n-armach,
      ro for-rép in cú codnach.
      Bar scél is crúaid 's is caingnech,
      is mana dér co homnach.
    5. Is trúag mo chumang-sa rib,
      ic scailiud dér is ic mifrig64.
      Ropad ferr lim-sa dula lib,
      is mo loscud do chrithrib.
    6. Sib sluág rop ailliu i n-hÉrinn,
      gillai Chonnacht nos cáinim.
      Cach oen ros marb ní seguind,
      fégaim cech m-baidb foa fuidim.
    7. Ropo mór far muirn sin chath
      i n-agid na Fomorach.
      Mór m-ban dagena uch ach
      i n-degaid na ro-uallach.

    8. p.508

    9. Uallach thancatar is tech,
      nocorb athair dóib aithech.
      O ro gabsat cóir na cleth,
      nocorb allic dóib teched.
    10. Ro biathsaid Baidb co m-báni,
      allus airm, lór a chruadi.
      Gillai Chonnacht co cáimi,
      dáini ra tromalt truagi.

      T.

¶24] Doroacht iarsin Domnall Derg Drechlethan mac Dubain faichthi in dúnaid. Maith ém allus gai & claidib, ar bé thastil, Domnall Derg mac Dubain. Lond fri úair n-gascid cách tanic and, & ro pad mór a chobair dia chomaltu, dianatairsed ina bethaid. Otchuala ind ingen sin, dodechaid immach ina agid & ro gress co mór & doringni rand & ros frecair Domnall Derg Drechlethan:

    1. A Domnaill maic Dubain dil,
      a gríb in gascid gabthig,
      cidat lond im gním garta,
      ro marbad do chomalta.
    2. Cia ro thuit Mani in milid,
      ra chind ar a chomdinib
      im gáis im gasced im gart,
      im enech is im ánlecht.
    3. Ni hopair læch na n-déni,
      uchfad uch is ecáini,
      or na targa Mani de,
      ba ferr calma fri namte.

    4. p.510

    5. Bam tarb tnúith isna tressaib,
      focicher crú tria chnessaib,
      coselub mór bemmend búan
      ar Conchobar claidebruad.
    6. Nir bo ró Conchobar cain
      i n-dígail Mani menmnaig,
      or ni tharga is nir gein
      a macsamla asin Chruachain.
    7. Conchobar, cid mór a blad,
      & Niall is Feradach,
      i n-dígail Mani rocerb,
      nos linfea65 mo lám a Ferb.
    8. {ms page 258a} Da m-bad tussu, a Domnaill Deirg,
      no marbtais Ulaid tri Feirb,
      ropad bladach a digail
      forscéol Mani mórgnimaig.
    9. Daig is esium féin ro beb,
      Mani Mórgor met miled,
      noco rag-sa síar dom thig,
      na raib fer bethaid d'Ultaib.
    10. Ropad sám ram chride cain,
      ropad dídnad dom anmain,
      dithnacht Ulad uili ind,
      dot láim dremuin a Domnaill.

      A.

¶25] Nir bo chían inn irnaide do Domnall co n-acca chuci in m-buidin móir i m-bátar cethri chet fer n-armach im Feradach Lámfota mac Conchobair. Imsái cách díb dochum a chéli. Ro imred forlín fer andside for Domnall & ro dásed66 immisium & dorochair cóica láech lais & dorochair fer cech fir dia muntir, & ro gon-som féin Feradach badí. Doringned guin galand de-sium andsin & ro díchend Feradach hé & ro lá a


p.512

ulaig commaidmi, & ro díchennait a munter & ro laad a n-ulach commaidmi.

¶26] Dochuaid ind ingen iarsin co m-bái ic fégad Mani. Is étig, ar si, atathar andsin innossa a gillai, & bam marb dot chumaid, cid treót ro marbad m'athair & a mac, & is dóig ni ba hed amáin dia tora Medb. & doringni in laid-sea sis tria thursi:

    1. Trúag ám sin, a maic Medba,
      a gillai alaind ergna,
      is fuilech forderg do chnes,
      dodechaid dít ar n-amles.
    2. Is tríut ro marbad m'athair,
      ropo deglaech degathaig,
      is triut ro marbad a mac,
      ni hassa dam a dermat.
    3. Is triut dogentar mór d'ulc,
      atgén ar in gné fil orut67,
      is mór d'ulc bias de68
      d'óes Mani & Feirbe.
    4. Is briste mo chride de
      ic fégad do chrólige,
      mallacht ar láim ro letair69
      is dot-rat i n-drochlepaid.
    5. Mór n-ingen dia tibre sáeth,
      mór m-ban do marbad a glangáeth70,
      mor n-airecht bias ocot gul71,
      is dot tesbaid-siu th'oenur.

    6. p.514

    7. Ropot álaind a72 chíanaib
      cut chulenaib 'con fiadaig,
      ropo mór let do menma
      im febas do degdelba.
    8. Isat étig innossa,
      isat bána do bassa,
      is mairg na cifea, dar lind,
      ro scar do chend rit colaind.
    9. Olc in scél berthair síar73
      co Finnabair na n-glangiall,
      tasc a brathar di co feirg,
      is a esbaid ar glan-Feirb.
    10. Ailill & Medb don maig,
      ni biat siat i m-bethaid,
      imsod a gné do gruaide,
      ni mé na ba lór truage.

      T.

¶27] Is andsin ra sochtatar a da mac co Conchobar, .i. Niall & Feradach. Darocht dana Medb co secht cétaib láech lé co m-bói ascind74 ind armaige. Doringni cruadchippi grinni bec di, & torcaib idna catha rempi & ros dírig ar ammus Conchobair do digail ammeicc & a muntire fair. Ocus ciarbo chnedach crechtach Conchobar, noco n-ic imgabail Medba ro bói acht is 'ca iarraid, conos tarla tul fri tul. Gebid cách díb sroigled & essorcoin, leod & letrad, brúd & básugud a chele. Ro fuc Medb andside tolc míled i cath na n-Ultach co torchair cóiciur lee, im dá mac Conchobair .i. im Níall Cendfind & im Feradach Lamfota. Ro gab dana Conchobar scaindred & répad & mudugud in t-sluáig aile amal leomain londchrechtaig eter {ms page 258b} banbraid, cor bo díanleges dó, amal


p.516

ro thuitset agái75 chró ass la meít na ferggi ro gab iar marbad a da mac.

¶28] Maidid for Meidb iarsin & dofuittet tri coícait láech lánchalma dia muntir, & nos berat na ferchutredaig ass hí iarsin amal bá bés dóib, & ro len Conchobar in maidm co n-dechaid dar Mag n-Ini immach. Impaís Conchobar iarsin fri dúnud76 n-Geirg dia indriud. Atagat munter Geirg andside im Chobthach Cnesgel cath cróda comnart do Chonchobur ic cosnam a n-dúnaid. Imsái Conchobar chucu amal fáel fó chairib, & feraid comlund fri Cobthach & dorochair Cobthach de-side, & ro marbad cech óen ba inechta dia muntir. Ocus ataig Conchobar lais ina fúair d'ór & d'argut & d'indruini & do chornaib & do choppanaib & d'escraib & d'arm & d'étuch. Ro fuc dana leis in dabaig umai ro bói istig, & no fiurad forba Ulad uili a llán do lind, ocus is ria atberthea ól n-guala la Ultu, fo bíth is teni guail no bíd i n-Emain istig i n-ibthea hí, & is uad ro ainmniged Loch Guala umai i n-Daminis criche Ulad, ar is fói atá indiu i n-diamraib. Dorat dana leis in rígain .i. Nuagil ingin Ergi & a hingin .i. Feirb, & na tri coicait ingen immalle fria. Atbath fochétoir Ferb & a trí coícait ingen immalle fria do chumaid na macraide. Atbath dana Nuagel do chumaid a fir & a da mac. Ro claided uág do Feirb iarsin, & ro tócbad a lia & ro scríbad ainm77 oguim, & doringned duma immon licc conid Duma Ferbi a ainm ri Ráith Ini, aniartuáid atá.


p.518

¶29] Imthigid Conchobar co m-búaid & choscur co rocht co Emain, & adfét a scéla o thús co dered do Mugain & ro ráid fria fili .i. Ferchertne mac Dergerdne maic Gairb maic Fir Rosa Ruaid maic Rudraige, co n-dernad glónathe airchetail co cummair do chumnigud in sceóil sin. Conid iarsin ro chan-som in láid-seo sís, & ro falsig ind éicsiu dó-som co m-bad fúasait don táin in scel so.

    1. Aslinge Conchobair chóir,
      maic Cathbad cróda findmoír,
      ardrí Ulad, erim n-úag,
      ris dresend cách claidebruad.
    2. Bói Conchobar aidchi and
      ina chotlud, nir bo gand,
      co n-aca ní chuci in mnái
      ina dochum ina imdái.
    3. Etiud corcra co cruth óir
      a hecosc, nir bo deróil,
      srethai sítai uas a cind,
      mind ard óir ina imthimchiull.
    4. Asbert fris in ben co m-blaid,
      "Maith in sen a Chonchobair,
      ordan & taced dait
      do cech leith úair it irdairc."
    5. "Cid as nesu dúin de-sin,"
      ar mac Nesa miad mairir,
      "asníd a bé dún collí,
      ca fot cossin n-immirgi."

    6. p.520

    7. "Secht m-bliadna lána onocht
      not gluasfiter78 dond oenphort
      maccaib mnaib, miad ros bí,79
      immon Dond cathach Cualngi."
    8. "Cia nos ber, nual cen gói,80
      cia doróet in cath cocróe."
      "Slúag ard hErenn immasaig
      im Ailill don Chruachan-maig."
    9. "Noco toil sin slicht nad bá,"
      ol Conchobar cond catha.
      "In fail anaill násad n-án,
      a bé barrbude balbán81."
    10. "Fil gním n-amra, dét for sét,82
      is ní irnaidi fri bréic,
      {ms page 259a} mac ind fir dot-ic cen meth,
      Mani Mór mortha miled."
    11. Dodechaid do feis la Feirb,
      la ingin Geirg do Glind Geirg,
      tri cóicdaib læch, lathar fír,
      ed a llín ni immarrím.
    12. Im thráth nóna, nuall glan gle,
      is and fastud na flede,
      is and airisit malle,
      a rí Emna ollglaine."

    13. p.522

    14. "Cia lín ragmait réim cen áir,"
      ar Conchobar cóir cruthcháin.
      "Eirg-siu chucu, rád cen brath,
      tri cóicait fer Fomórach."
    15. "Bid lat-su coscar co n-gail,
      a Chonchobair chomramaig,
      gebat-sa form in scél gle,
      a rí Emna ollglaine."
    16. Duscis Conchobar iarsin
      ocus duscis a rígain,
      adfét a tarfas dó83
      tria relad cen imargó.
    17. Asbert fris in ben co m-bail,
      Mugain miadmas co morchéil:84
      "Is lór na fil chena t
      etruind ocus Connachta."
    18. Atbert Conchobar glan gle
      comsid án na hergaile:
      "Is derb cia anam nar tig
      da-ficfat na Connachtaig."
    19. "Uair dorala duit a thecht,
      ní gebam dít trí fornert,
      a flaith Ulad glaine sluáig,
      co ro therná iar n-glanbúaid."
    20. Luid Conchobar iarum85
      a lín cétna, nir bo gó,
      do Ráith Ini, násad gúr,
      i m-bói Gerg diar bo rígdún.

    21. p.524

    22. O rancatar in ráith réil
      in fían86 fodbach co n-glanchéill,
      dochuatar ind aidbli uird
      dar a dorus in mórbuirg.
    23. Cechaing Conchobar sin les,
      trí choicait láech, lúth ro fes,
      facbaid a muntir immuig87
      na cró chatha co cunnail.
    24. Dabach umai i tig ind ríg
      ica línad tall dond .fín,
      in tan ránic nuall . . .88
      mac Nesa noithech nitha.
    25. "Aill amae tall,"ar in drúi
      di láim ind ríg nad imchlói,
      "atgen form láid luth frisgair
      brod ane in airidig."
    26. Nir bo irnaide iar sain,
      co ro es(?) Brod úad in sleig,
      co m-bói tria Gerg isin tig
      ocus triasin n-airidig.
    27. Tanic Conchobar istech
      co trí cóicdaib læch laimthech,
      co tuc cend Mani . . .
      cona secht fichtib airlech.
    28. Facbaid Conchobar istig
      a muntir tria imargail,
      acht hé nammá ocus Brod
      ní thérna díb fri slonnod.

    29. p.526

    30. In ben chetna thiar fri Meidb
      rádis athesc, nar bo meirb:
      "Marbais Conchobar do mac,
      olc uair dochúaid dia chomrac."
    31. Doluid Medb aníar don chath
      co secht cetaib fer n-armach,
      co comraic89tul fri tul
      immaig Ulad fri Conchobur.
    32. Marbais Medb and isin maig
      mórfesser tria immargail
      dia laim féne90 , ferr cech cur,
      im da mac do Chonchobur.
    33. Maidid iarum siar for Meidb,
      cor bo esbaid asa seilb,
      co fargaib and ed imne
      secht fichit londláth gaile.
    34. Soit iarum frisin dún
      Ulaid uallaig erctais múr,
      airgit aní ro bói and
      co n-ilur tuarad tetband.
    35. Doringsetar cath co crú
      munter Geirg thall fri Ultu,
      comma-commarb dóib uile
      eter ríg is rígruire.
    36. Ro marbsat and, amra fir,
      secht Find, secht n-Duib, secht Temin,
      im na ócu erctais dind,
      im tríchait Fergus91 forind.
    37. Tricha Murethach miad mend
      congabtaís catha co cend,
      tricha Failbe, tricha Fland,
      im trichait nóisig n-Domnall.

    38. p.528

    39. Tricha Cobthach, tricha Cond,
      im tríchait Corpre comdond
      tricha Dubthach, tricha Ros
      im tríchait n-alaind n-Oéngos.
    40. {ms page 259b} O sain immach imalle
      do lonnaib láth is gaile92
      ní fil ro fiter a n-díl,
      ro bátar uile i n-dimbríg.
    41. Insin uile, adbal gáir
      la toirm teglaig co tromgráin,
      imma ruirig róinis cath
      ind úair sin dorochratar.
    42. Remscél do Tháin bó Cualnge cain93
      bid forbach dond imgail,94
      is dond aslingi atá
      bás Mani móir maic Medba.
    43. Mora gluind ro batar de,
      cid uathmar in t-aslinge,
      dorochair Gerg cona sluág,
      in ruri garta comruád.
    44. Dochuaid Conchobar co m-buáid
      mac Nessa noítis morsluáig,
      do Emain Mache, monar n-gle,
      co tarfad95 a aslinge.

      A.

Finit.