Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 68

A h-aithle na laoide sin, do baisteadh; agus do éagadar, agus do h-adhlacadh, Clanna Lir; agus do chuireadh Fiachra agus Conn for a dá taobh, agus Aodh do leith a h-aighthe, mar do ordaigh Fionnghuala; agus do tógbhadh a lia ós a leacht, agus do scríobhadh a n-anmanna oghaim, agus do fearadh a g-cluiche caointe; agus do fríth neamh do n-a anmannaibh.