Is ann sin a dúbhairt Fionnghuala: Tar d'ar m-baisdeadh a chléirigh, oir is gairid uainn dul do'n éag; agus is dearbh nách measa leatsa dealúghadh linne; na linne, dealúghadh leatsa, agus déan ar n-adhlacadh as a h-aithle, agus cuir Conn dom' leith dheas, agus Fiachra dom' leith chle, agus Aodh do leith m'aíghthe; agus a dúbhairt an laoidh:
Fionnghuala
- Tar d'ar m-baisteadh a chléirigh,
Gabh umat agus éirigh,
Glan dinn ar n-iomad smáil,
'Sar g-cionta uile, a chompáin.
- Guidh-si Dia do dhealbh neamh,
Go d-tigh leatsa ar m-baisteadh;
Gurab luchtmhar ar n-uaigh,
'Sar m-buinn re h-altóir aonuair.- As amhlaidh órdaighim an uaigh,
Fiachra, is Conn for mo dhá thaobh,
Am ucht, idir mo dhá láimh,
A chléirigh cháidh cuir Aodh.- O Mochaomhóg an ghlóir ghlic,
Sgarthainn ribh cia doiligh liom,
Déan go h-éasgaidh an uaigh,
Imthigh go luath is tar a n-am.