Agus do chualaidh an inghean tuarusgbháil na n-éan agus do líon da searc agus da síorghrádh; agus do iarr ar Lairgnén ha h-eóin d'fhághail di. Agus a dúbhairt Lairgnén nách iarrfadh ar Mhochaomhóg iad. Agus tug Deoch a briathar nách bheidh féin aon oidhche ag Lairgnén, muna bh-faghaidh na h-eóin; agus do ghluais roimpe as an m-baile. Agus do chuir Lairgnén teachta go luath da tóruigheacht, agus ní rugadh uirre go ráinig Cill Dalua. Agus táinig sisi a h-ais do'n bhaile iarsin; agus do chuir Lairgnén teachta d'iarraidh na n-éan ar Mhochaomhóg; agus ní bh-fuair iad.