Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 62

Tángadar a d-tír iar sin, agus tugadar taobh leis an g-cléireach; agus do rug leis da adhbhuidh féin iad; agus do bhídís ag déanamh tráth, agus ag éisteacht aifrinn a bh-fochair an chleirigh. Agus tug Mochaomhóg céard maith chuige, agus d'fhuráil air slabhradha airgid aoinghil do dhéanamh dhóibh, agus do chuir slabhraidh idir Aodh agus Fhionnghuala, agus slabhraidh Chonn agus Fhiachra; agus do bhídís 'n-a g-ceathrar ag urgháirdiúghadh intinne, agus ag méadúghadh meanmna ag an g-cléireach; agus níor chuir imshníomh ná


p.34

atuirre ar na h-éanaibh aon ghuasacht ná aon riocht d'ar imthigh orra conuige sin.