Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)
section 61
Agus do bhí Mochaomhóg ag éisteacht leo, agus do ghuidh Dia go dúthrachtach fá n-a fhoillsiúghadh dhó, cia ro chan an ceól sin;
p.33
agus ro fhoillsigheadh dhó gurab iad Clanna Lir do rinne é. Agus iar d-teacht na maidne ar n-a mhárach, gluaiseas Mochaomhóg go Loch na h-Eanlaithe agus do chonnairc na h-éin uadha ar an loch; agus do chuaidh go h-oirear an chuain mar a bh-facaidh iad, agus do fhiafraigh dhíobh: An sibh Clann Lir? ar sé. Is sinn go deimhin, ar iadsan. Do bheirim a bhuidhe sin lé Dia, ar Mochaomhóg, óir is ar bhur son tangusa chum na h-innse-si, tar gach n-innsi eile a n-Eirinn; agus tígíd-a d-tír, agus tabhraidh taobh liomsa, óir is annso atá a g-cinneadh dhíbh deaghoibreacha do dhéanamh, agus dealúghadh ré bhur b-peacthaibh.