Cidh trá acht, do bhádar Clanna Lir ag éisteacht leis an g-ceól sin do rinne an cléireach, nó gur chríochnaidh a thrátha. Canam ar g-ceól anois, ar Fionnghuala, d'áird-righ nimhe agus talmhan. Agus do chanadar a g-ceadóir, ceól síreachtach, sír-bhinn, síthe ag moladh an Choimhde, agus ag adradh an Áird-righ.