Créud sin, a bhráithre ionmhuine, ar sí. Ni fheadamair, ar siad, cia an guth anbhfhann adhfhuathmhar do chualamar. Guth cluig Mhochaomhóig sin, ar Fionnghuala, agus is é sgarfas sibhsi lé péin, agus le peanaid, agus fhóirfeas sibh maille le toil Dé; agus a dúbhairt an laoidh:
Fionnghuala
- Eistigh ré clog an chléirigh,
Togbhaidh bhur n-eite agus éirgidh,
Beirid a bhuidhe ré Dia a theacht,
Agus altaighidh a éisteacht.- Córaide dhaoibh bheith dhá réir,
Is é sgarfas sibh ré péin,
Sgarfaidh ribh cairrge is clocha,
Agus sgarfaidh garbh shrotha.- A deirimsi ribhse, dhe
Déanaidh creideamh cóir cinnte,
A cheathrar chaomh Chloinne Lir,
Eistigh ré clog an chléirigh.