Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)
section 57
Cidh trá acht do bhádar Clanna Lir an oidhche sin a n-ionad a n-athar, agus a seanathar mar ar h-oileadh iad; agus do éirgheadar a mocha na maidne ar n-a mharach, agus do ghluaiseadar rómpa go h-Inis Gluaire Bréanainn; agus do thionóladar éanlaith na críche
p.31
go coitchionn chuca, ar Lochán na h-Eánlaithe a n-Inis Gluaire Bréanainn; agus do thigdís d'ingheilt gach laoi fa reannaibh imchiana na críche .i. go h-Inis Geóidh, agus go h-Achaill, agus go Teach Duinn; agus gus na h-oiléanaibh iartharacha ar cheana; agus do théighdís go h-Inis Gluaire Bréanainn gach oidhche.