Agus do ghluaiseadar rómpa go h-uréadtrom, aédheardha nó gur rangadar Síoth Fionnachaidh: agus is amhlaidh fuaradar an baile, fás, folamh ar a g-cionn, gan acht maolrátha glasa, agus doireadha neannta ann, gan tigh, gan teine, gan treibh. Agus tángadar a n-éinionad iona g-ceathrar, agus tugadar trí gártha éagchaointe ós árd, agus a dúbhairt Fionnghula an laoidh
Fionnghuala
- Iongnadh liom an baile so,
Mar 'tá gan tigh, gan toighe,
Mar do chím an baile so,
Uchán is cráid lem' chroidhe.- Gan cona, is gan conartha,
Gan mná, 'sgan ríoghraidh rathmhar,
Mar 'tá anois ní chualamar,
An áitsi riamh ag ár n-athair.- Gan corna, gan copána,
Gan ól 'na múraibh soillse;
Gan marcraidh, gan macámha,
Mar tá anocht, is tuar tuirse.
- Mar atáid lucht an bhailesi,
Uchán is cráidh lém chroidhe,
Atá anocht ar mairesi,
Nach marionn triath an tíghe.- A bhailesi 'na bh-facamar,
Ceól is imirt, agus aonach,
Dar liom is é an t-atharach,
Mar atá anocht a n-aonar.- Méid na n-dochar fuaramar,
O'n tuinn mara go chéile,
A leithéid ní chualamar
D'imtheacht ar dhaoinibh eile.- Dob' anamh an bailesi
Taobh ré féur is ré fíodhbhaidh,
Ní mhair fear ar n-aithnidne,
Sinn san áitsi leis gé'r bh'iongnadh.