A bhráithre, ar Fionnghuala, creidigh an fir-Dhia forórdha na fírinne do chúm neamh go n-a néallaibh, agus talamh go n-a thorthaibh, agus an fhairrge go n-a h-iongantaibh, agus do gheabhthaoi cabhair agus cómhfhurtacht o'n g-Coimhdhe. Criedmíd, ar siad. Angus do chreidimsi libh, ar Fionnghuala, do'n fhir-Dhia fhoirfe, fhír-eólach. Agus do chreidiodár ar an uair chóir, agus fuaradar cabhair agus cobhsanadh ó'n g-Coimhdhe da éis sin, agus nior chuir doinionn ná doirbhshíon orra ó sin amach.