Acht atá ní cheana, do bhádar Clanna Lir, oidhche áirighthe ann, agus mar fuaradar an oidhche sin, ní bh-fuaradar aon oidhche roimpe 'ná na diaigh riamh, lé méad a seasca agus a sneachta; óir do fhás leac oighre uile ar an sruth idir Iorras agus Acaill; do leanadar a g-cosa do'n lic oighre go na'r fhéadadar cor do chur dhíobh; agus do ghabhadar na bráithre ag éagchaoine go mór, agus ag déanamh n-ualldhúbha dearmhár, agus doghrainge díomhóir; agus do bhí Fionnghuala aga g-cosg, agus níor fhéad si; agus a dúbhairt an laoidh:
Fionnghuala
- Truagh gáir na n-ealadh anocht;
Is tráigh fódheara nó is tart;
Gan uisge lionn-fhuar fá n-a n-ucht,
A g-cuirp is diombhuan ó'n tart.- Gan uisge tana, tailc, tréan,
Gan tonn mara ag teacht ré d-taoibh;
Do theacht an mhuir mheadrach mhór,
Go bhfuil na clár cóimhfhliuch caoin.- A righ do chúm neamh is lár,
Agus tug slán na sé shluaigh,
Foirthior leat an ealtan éan,
Leantar an tréan go m-badh truaigh.