Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 51

Iomthusa cloinne Lir, d'ionnsuigheadar a n-adhbhadh bunaidh budh thuaigh, ar Shruth na Maoile, agus do bhádar ann go ráinig leó a d-tréimsi do chaithiomh ann; agus a dúbhairt Fionnghuala: ‘Is mithid dhuinn an t-ionad so d'fhágbháil, oir táinig ar d-tréimsi ann;’ agus do chan an laoidh: —

    Fionnghuala

    1. Táinig ar seal sonnana,
      Is mithid dhuinn a iomghabháil,
      Ón cuan so 'nar chleachtamair
      Trí chéad bliadhan buan t-solais.
    2. Go Rinn Iorrais iartharaigh,
      Ní budh h-usa a fhulang sin,
      Luidhmídne gan mearughadh dhe,
      Ré fulang na fuar-ghaoithe.
    3. Gan osadh, gan oiriseamh,
      Gan aoindíon ar dhúr-dhoininn;
      Ní mochean a g-cualamar,
      Táinig ar seal sonnana.


p.27