Atáid go maith, a n-éinionad, ar siad, a d-tigh bhur n-atharsa a Síoth Fhionnachaidh, agus Tuatha De Danann mar aon ríú ann, ag caithiomh na Fleighe Aoise, go súbhach, soimheanmnach, gan imshníomh gan anshocracht, acht bhur m-beithsi 'na bh-féagmais; agus gan a fhios aca cá ar ghabhabhair uatha, ó'n ló a d'fhágabhair Loch Dairbhreach. Nocha í sin ar m-beatha-ne re na h-innisin, ar Fionnghuala, óir is mór d'olc agus d'eadfhulaing, agus d'anshódh fuaramair seachnón na mara so Shrotha na Maoile go d-trásta; agus dúbhairt an laoidh:
Fionnghuala
- Aoibhinn anocht teaghlach Lir!
Iomdha a miodh agus a bh-fíon;
Gídh tá anocht a n-ádhbhadh fhuar,
Dream do chuan róghlan an ríogh.- Is iad ar g-coilcibh gan locht,
Folach ar g-corp do chlúmh chas,
Gidh minic do deargthaoi sróll
Iomainn ag ól mheadha mhas.
- Ag sin ár m-biadh agus ar bh-fíon,
Gainimh fhionn is sáile searbh;
Minic do ibhmís meadh cuill,
O chuachán cruinn cheithre g-cearn.- Is iad ár leapacha, is iad lom,
Carraig ós cionn na d-tonn d-tréan;
Minic do deargthoi dhuinn,
Leaba do chlúmh ochta éan.- Gidh í ar n-obair snámh san sioc,
Ar Shruth na Maoile is trom toirm,
Fá minic marcshluaigh mhac ríogh,
Ag dul 'nár n-diagh go Síoth Bhuidhbh.- Is é do chlaochlaidh mo neart,
Beith ag dul 'sag teacht tar an Maoil,
Mar na'r chleachtas roimhe riamh,
'Snách fágaim grian a maigh mhaoith.- Leaba Fhiachra, agus ionad Chuinn,
Luighe fá thuinn m'eite, ar Mhaoil:
Ionad ar sgáth m'ochta ag Aodh,
Sinn 'nar g-ceathrar taoibh re taoibh.- Teagasg Mhanannáin gan cheilg,
Cómhrádh Bhuidhbh Dheirg ós Dhruim Chaoin,
Glor Aonghusa, milsi a phóg;
Do chleachtas gan bhrón ré a d-taoibh.