Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 46

Tángadar aon do ló go bun na Banna budh thuaidh, agus do chonncadar marcshluaigh álainn, aondatha, go n-eachaibh gasda, glan-gheala fúthaibh, ag sír-shiúbhal na slighe a n-iar n-deas gacha n-díreach. ‘An d-tabhair sibh aithne ar an marcshluaigh úd, a chlanna Lir,’ ar Fionnghuala. ‘Ní fheadamair,’ ar iadsan, ‘acht gurab deam éigin do Mhacaibh Mileadh, no do Thuathaibh De Danann is dócha do bheith ann.’