Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 45

Cidh trá acht tángadar for Shruth na Maoile arís, agus géar-dhoiligh, agus géar gharbh, ghoirt leó an sáile, níor fhéadsad a sheachnadh 'na iad féin do sháir-dhídion air. Agus do bhádhar ar an g-cuan fá'n ionnas sin, no gur fhás a g-clúmh, agus a n-eiteadha, agus gur chneasaigheadar ag-créachta go h-iomlán; agus


p.23

do théighdís gach laoi go h-oirear Eireann agus Alban, agus do thighdis go Sruth na Maoile gach n-oidhche, óir fa h-é fa h-ionad bunaidh dhóibh.