Truagh amh; a clanna Lir, ar Fionnghuala, is olc a táthar againn anois, óir ní fhéadmaoid fulang an t-sáile, agus is geis dhuinn bheith ina éagmais; agus má théidh an sáile ionár g-créachtaib do gheabham bás; agus do rinne an laoidh:—
Fionnghuala
- Eaccaointeach againn anocht,
Gan clúmh ag tuighiodh ár g-corp,
'Sas fuar d'ár m-bonnaibh bláithe,
Ar chairrgibh andóbhráidhe.- Dob olc ar leasmháthair ruinn,
D'ar imir droídhiocht orruinn,
D'ar g-cur ar fad mara amach,
A riocht ealadh n-iongantach.- As é ar bh-folcadh ar dhruim cuain,
Cúbhar an mhara mhong-ruaidh,
As í ar g-cuid thall do'n chuirm,
Sáile an mhara mhong-ghuirm.- Aoin inghion, agus triar mac,
Cleachtmaoidh a g-cuasaibh carrach,
Ar na cairrgibh cruaidh do neach,
Ar m-beatha as éaccaointeach.