Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 42

Do bhádar, iomorro, clanna Lir re h-eadh imchian, agus re n-amisir fhada ag fulang fuachta, agus anshocrachta ar Shruth na Maoile mar sin, go d-tainic oidhche áirighthe uile chuca, agus ní bh-fhuaradar riamh roimpe, coimhmhéad a reóidh, agus a fuachta, a sneachta agus a gaoithe; agus do rinne Fionnghuala an laoidh:— —

    Fionnghuala

    1. Olc an bheatha so,
      Fuacht na h-oidhche so,
      Méad an t-sneachta so,
      Cruas na gaoithe so.
    2. Is ann do chúmhluighsiod
      Fám' chaomh-sgiathaibh,
      Conn d'ar tréan-thuargainn,
      Conn is caomh-Fhiachra.

    3. p.21

    4. Do cuir ar leasmháthair
      Sinn, an ceathrar so,
      Anocht 'san docar so,
      Is olc an bheatha so.