Níor chian dóibh 'na dhiaigh sin, an tan do chonncadar Aodh chuca, go ceann-tirm, clúmh-álainn; agus fáiltíghios Fionnghuala go mór roimhe, agus cuirios fá chlúmh a h-ochta, agus a h-urbhruinne é, agus Fiachra fóna Sgiathán deas, agus Conn fóna sgiathán clé; agus do dheasaigh a clúmh társa fá'n samhail sin. A óga, ar Fionnghuala, gidh olc libh an oidhche araoir, budh mór da macsamhla do gheabhthaoi ó so amach.