Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 40

Iomthusa Fhionnghualann, do bhí an oidhche sin ar an g-carraig go tráth eirghe do'n ló ar n-a mhárach ag feithiomh na fairrge da gach áird, 'na tímchioll, go bh-faca Conn chúici go ceann-trom clúimh-fhlíuch; agus fáiltighios croidhe na h-inghine roimhe go mór; agus táinig Fiachra go fuar, flíuch, fíor-anbhfhann, agus níor tuigeadh innsge ná úrlabhradh uaidh, lé ro mhéad a fuair d'fhuacht agus d'imshníomh; agus do chuir sisi fóna sgiathánaibh é, agus a dúbhairt: ‘Da d-tigheadh Aodh chugainn anois, is maith do bheimís!’