Cidh trá acht táinig meadhón oidhche chuca, agus do thuirn an ghaoth ré, agus do mhéadaigheadar na tonna a d-treathan agus a d-tormán, agus do lonnraigh teine ghealáin, agus táinig sguabadh garbh-anfaidh ar fad na fairrge, ionnas gur sgaradar clanna Lir lé chéile ar feadh an mhór-mhara; agus tugadh seachrán an chuain chrís-leathain orra, go nach fheadair neach dhíobh cá slighe, nó cá conair a n-deachaidh an chuid eile. Táinig trá féithchiúimh for san bh-fairrge tar éis na doininne móire sin, agus do bhí Fionnghuala 'na h-aonar ar an sruth; agus tug da h-aire a bráithre 'na h-easbhuidh, agus do bhí ag a n-éagcaoine go mór, go n-dúbhairt an laoidh:
Fionnghuala
- Am riocht is mairg atá beo,
Mo sgiathain do reóidh reamh thaoibh
Suaill nar mhionaigh an ghaoth dhian,
Mo chroidhe am chliabh taréis Aoidh.
- Trí chéad bliadhain ar Loch Dairbhreach,
Gan dul a reachtaibh daoine,
Doilghe liom, is ní samhail,
Mo sheal ar Shruth na Maoile.- Ionmhuin triar, ón íonmhuin triar
Do chodladh fá bhun mo chlúimh,
Go d-tiocfaid na mairbh go cách,
Ní chómhraicfead go bráth 'sa triar.- Taréis Fhiachrach agus Aoidh,
Agus Chuinn chaiomh, gan a bh-fhios,
Is truaigh m'fhuirioch ris gach olc,
Is mairg at a anocht am riocht.