Corpus of Electronic Texts Edition
The Fate of the Cildren of Lir (Author: Unknown)

section 35

Agus tángadar go moch ar n-a mhárach d'agallmhadh a n-oide agus a n-athar, agus thiomnadar ceileabhradh dhóibh, agus do rinne Fionnghuala an laoidh: —


p.16

    Fionnghuala

    1. Ceileabhradh dhuit a Bhuidhbh Dheirg,
      A ghiolla d'ar ghiall gach ceárd,
      Duitsi mar aon is d'ar n-athair,
      Do Lir Síthe Fhionnachaidh cháidh.

    2. p.56

    3. Táinig mithid dhuinn, dar liom,
      Sgaradh da nach cómhraicfiom,
      Go d-tí an bhráth, a dhream shuairc,
      Gan ar dul chugaibh ar chuaird.
    4. Biamaoid ón lá n-diu da'r n-aois,
      A cháirde chróidhe, chómhaois,
      Gan ghlór daonna 'nar ngoire,
      Ar Shruth na Maoile mearaighe.
    5. Rachfamaoid as sin dá'r b-pianadh,
      A g-cionn trí chéad ceirt-bhliadhan,
      Eólas is mó dá'r b-pianadh ann,
      Siar go rinn Iorrais Domhnann.
    6. Trí chéad bliadhain gan fheall
      Siar a rinn Iorrais Domhnann;
      O loch go loch, truagh an dáil,
      Go g-comhracfaidh Deoch agus Lairgneán.

    7. p.17

    8. Ba h-iad ar g-cuilceadha cuanna,
      Tonna sáile search ruadha,
      Ionas g-ceathrar caomh cloinne Lir,
      Gan oidhche dhuinn d'á easbhuidh'
    9. A thriar bráthar as dearg dreach,
      Eirgheadh uainn ó Loch Dairbhreach,
      An drong chumhachtach so rómchar;
      Is dúbhach anois ar sgarad.